Foilseacháin Ábhar Spioradálta
€12
Arthur Conan Doyle
Ní maith liom léirmheasanna a thosaíonn leis an léirmheastóir a rá liom nach maith leis a bheith ag léirmheastóireacht. Mar sin, sa gcás seo ní déarfaidh mé amach é ach bíodh tuiscint eadrainn.
Ní maith liom léirmheasanna a scríobh ar aistriúcháin ach an oiread mar ní bhíonn a fhios agam ar cheart dom léirmheas a scríobh ar an leabhar féin nó ar chaighdeán an aistriúcháin.
Is dóigh go mbeadh ruainne den dá rud i léirmheas maith, ach i gcás an leabhair atá faoi chaibidil anseo agam, Eachtraí Sherlock Holmes, is beag is fiú do mo leithéidse léirmheas a dhéanamh ar scéalta atá i gcló ó bhí 1887 ann. Céard is féidir liomsa a rá faoi shaothar Arthur Conan Doyle nach bhfuil ráite míle uair níos fearr ag céad léirmheastóir romham?
Proinsias Ó Brógáin, as an bhFál Carrach, a d’aistrigh The Memoirs of Sherlock Holmes go Gaeilge faoi scéim an Ghúim i 1936. Conallach cumasach eile, Éamonn Ó Dónaill, a réitigh an leagan nua seo den leabhar d’Fhoilseacháin Ábhar Spioradálta.
Cuirfidh teideal Gaeilge an chnuasaigh seo mearbhall ar dhaoine a bhfuil na bunleabhair Bhéarla léite acu mar cé gurbh é The Adventures of Sherlock Holmes an chéad chnuasach gearrscéalta faoin mbleachtaire cáiliúil a foilsíodh i mBéarla, is aistriúchán ar an dara cnuasach atá anseo againn faoin teideal Eachtraí Sherlock Holmes.
Chloígh Ó Brógáin leis an rogha scéalta a bhí sa gcéad eagrán sin a foilsíodh in 1894 agus an leagan Gaeilge á réiteach aige i 1936. Sna heagráin Bhéarla a foilsíodh ina dhiaidh sin, cuireadh an gearrscéal ‘The Adventure of the Cardboard Box’ leis an gcnuasach.
Díol spéise nár bheartaigh Ó Brógáin an ceann sin a chur sa leagan Gaeilge mar tá sé ar cheann den fhíorbheagán scéalta faoi Sherlock Holmes ina dtarlaíonn rud éigin in Éirinn. Cé go bhfuil go leor carachtar Éireannach in eachtraí Holmes – nár Mhuircheartach an namhaid mhór a bhí aige – is annamh a tharlaíonn aon eachtra sna scéalta sa tír seo.
Bheartaigh Éamonn Ó Dónaill cloí le cinneadh Uí Bhrógáin agus gan ‘The Adventure of the Cardboard Box’ a chur sa leagan nua seo ach oiread. Tuigim dó, ós rud é go n-athródh sé nádúr na hoibre a bhí idir lámha aige – aistriúchán as an nua seachas athchóiriú ar aistriúchán a rinneadh cheana – ach mar sin féin ba dheas an rud é an scéal breise a chur isteach mar atá sna heagráin is nua Béarla den chnuasach.
Ba chróga an té a thabharfadh faoi chaighdeán Gaeilge Éamoinn Uí Dhónaill, ná faoi Ghaeilge Phroinsias Uí Bhrógáin, agus níl sé i gceist agam féin, mar sin, amadán a dhéanamh díom féin. Ach má tá locht ar bith ar an leagan nua seo is é sin na hathruithe nach ndearnadh ar bhunaistriúchán Uí Bhrógáin lena chur in oiriúint do léitheoirí an lae inniu.
Níl a fhios agam cé mhéad duine sa lá atá inniu ann – ar an bhFál Carrach féin – a thuigfeadh cén ball éadaigh a bhí i gceist leis an bhfocal ‘as’, mar shampla. Tharla sé cúpla uair eile agus mé a léamh gur dhóigh liom gurbh fhearr focal a bheadh níos coitianta i nGaeilge an lae inniu (‘bróg’ i leaba ‘as’) a chur isteach.
Is maith liom gur chaomhnaigh Ó Dónaill an canúnachas breá a bhí le fáil i leagan Uí Bhrógáin, ach b’fhéidir nach ndeachaigh sé sách fada in áiteanna áirithe leis an gcaighdeánú nó an ‘comhaimsearú’. Bhí an seanlitriú i bhfeidhm ar roinnt focal canúnach a d’aithneofaí fós mar fhocail chanúnacha fiú dá mbuailfí litriú nua-aimseartha anuas orthu agus a dhéanfadh an leabhar níos taitneamhaí fós do réimse leathan léitheoirí.
Is aoibhinn liom an canúnachas i leabhra Gaeilge agus is breá liom a bheith ag léamh bunsaothar na gConallach ina gcanúint álainn féin ach nuair is aistriúchán ar mhórshaothar Béarla atá i gceist b’fhéidir gurbh fhearr é a mhaolú de bheagán.
Cé is moite de sin, is beag locht is féidir a fháil ar an leagan breá Gaeilge seo de leabhar atá ar fáil i 70 teanga ar fud an domhain agus díol mór fós air 130 bliain tar éis a fhoilsithe. Tá éagsúlacht dheas sna scéalta atá sa gcnuasach agus léirítear iontu tréithe iomadúla an bhleachtaire mhóir. Is mór an trua nach bhfuil, chomh fada le mo bharúil, ach dhá leabhar le Sherlock Holmes ar fáil i nGaeilge – an ceann seo agus Cú na mBaskerville.
Ba bhreá an rud é dá dtabharfadh an Dálach faoi A Study in Scarlet nó The Sign of the Four. Idir an dá linn beidh mé ag achainí ar Biddy Jenkinson cnuasach nua de scéalta faoi Sherlock sin na nGael, an tAthair Pádraig Ó Duinnín, a scríobh dúinn.
Fág freagra ar 'Leagan breá Gaeilge d’eachtraí cáiliúla Sherlock Holmes'