Leabhar nua ar scéal na Gaeilge ó theacht na Normannach go haimsir na hathbheochana á sheoladh ó dheas inniu

Déanfar an leabhar, ‘A History of the Irish Language; From the Norman Invasion to Independence’, le Aidan Doyle, a sheoladh i siopa leabhar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh

 

Screen Shot 2015-09-23 at 18.26.57

Tá leabhar nua ar scéal na Gaeilge in Éirinn, ó theacht na Normannach anall go dtí aimsir na hathbheochana, le seoladh níos déanaí inniu ar champas Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Is é an léachtóir le Gaeilge, Aidan Doyle, a scríobh, agus is é seo an chéad uair go mbeidh teacht ag an bpobal ar eolas i dtaobh na ceiste seo ó thús deireadh i mBéarla.

Is iarscoláire de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh é Aidan Doyle agus tar éis dó a chéim a bhaint amach ansin, chaith sé tamall de bhlianta ag múineadh agus ag déanamh taighde sa Pholainn agus sa Ghearmáin, áit ar chuir sé lena chuid dindiúirí.

D’fhill sé ar a alma mater tar éis dó a chuid taighde iardhochtúireachta a chur de sa Ghearmáin agus tá sé ag múineadh sa Choláiste ó shin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inné, mhínigh sé gurb éard a thug air an leabhar a scríobh ná na cúrsaí a bhíodh á múineadh aige do mhic léinn san ollscoil.

Is é an tréimhse atá i gceist aige ina leabhar ná teacht na Normannach go dtí aimsir na hathbheochana agus “cé go raibh roinnt mhaith foinsí ann in áiteanna éagsúla”, b’fhacthas d’Aidan nach raibh aon rud ann a chíorfadh an t-ábhar ó thús deireadh do na mic léinn agus a bhí le fáil in aon áit amháin.

Chaith sé trí bliana go leith i mbun taighde i gcomhair an leabhair agus mhínigh sé do Tuairisc.ie go bhfuil sé “dírithe ar ghnáthdhaoine nach bhfuil léamh na Gaeilge acu”.

Is ionann formhór na gcaibidlí sa leabhar agus “céad fé leith” (i.e. céad bliain). “Cuntas staire is ea é agus tosnaím gach caibidil le cur síos ar chúinsí sóisialta na ndaoine,” a dúirt sé.

De réir mar a bhítear ag druidim le haimsir na hathbheochana, déanann an t-údar caint ar na focail nua agus na téarmaí nua a bhí ag teacht chun cinn, faoi mar a tháinig foilseacháin nua Ghaeilge ar an bhfód den chéad uair le fada.

“Níl an plé rótheicniúil ná níl an oiread sin cainte ar theoiricí ann – scanródh a leithéid an gnáthdhuine,” ar seisean.

Stair an chultúir atá faoi chaibidil sa leabhar agus “an t-idirdhealú idir an cultúr agus an teanga”, a dúirt sé.

I measc na saothar agus na n-aistí atá foilsithe ag Aidan, tá An Ghaeilge, A Reverse Dictionary of Modern Irish, agus ‘Tá “sorry” orm, ach níl sé suas chugat féin’.

Ba é, leis, a chuir Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla in eagar, i dteannta Shiobhán Ní Laoire, mar a bhfuil caibidil aige féin ar shaorbhriathar na Gaeilge.

Is í Michelle O’Riordan a sheolfaidh a leabhar inniu i Siopa Leabhar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, in Áras na Mac Léinn
 agus tá fáilte roimh chách chuig an ócáid.

Fág freagra ar 'Leabhar nua ar scéal na Gaeilge ó theacht na Normannach go haimsir na hathbheochana á sheoladh ó dheas inniu'