Leabhar Gaeilge do pháistí níos sine ar liosta Lá Domhanda na Leabhar

Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta leabhar Lá Domhanda na Leabhar, atá á cheiliúradh inniu

Leabhar Gaeilge do pháistí níos sine ar liosta Lá Domhanda na Leabhar

Tá an t-úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock i measc na leabhar a roghnaíodh le Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh inniu.

Is é seo an chéad uair ag leabhar i nGaeilge don aoisghrúpa idir 8 -12 bliain d’aois a bheith san áireamh sna leabhair atá ar fáil mar chuid d’fheachtas Lá Domhanda na Leabhar. Is é Mark Wickham, maisitheoir agus ealaíontóir a bhfuil cónaí air i mBeanntraí in iarthar Chorcaí, a mhaisigh an leabhar.

Tá an t-eagrán speisialta den leabhar á chur ar fáil ag LeabhairComhar in éineacht le Foras na Gaeilge mar chuid de thogra chun leabhair Ghaeilge a chur san áireamh i bhfeachtas Lá Domhanda na Leabhar gach bliain.

D’fháiltigh Clare Coughlan, Feidhmeannach Bainistíochta agus Gnó Comhar roimh an bhfeachtas. “Tá ríméad ar LeabhairCOMHAR gur roghnaíodh Inis Mara mar cheann de na teidil do Lá Domhanda na Leabhar i mbliana. Seo an chéad uair go bhfuil leabhar Gaeilge atá dírithe ar pháistí níos sine mar chuid den fheachtas agus tá súil againn go spreagfaidh na téamaí tráthúla a phléitear in Inis Mara grá don léitheoireacht san aoisghrúpa sin.”

Scéal comhaimseartha eachtraíochta atá sa leabhar Inis Mara a bhaineann le cúrsaí athraithe aeráide, leis an tábhacht a bhaineann le bheith ag comhoibriú́ le daoine eile, agus le tábhacht na fírinne.

Is é seo an chéad leabhar ó pheann Tristan Rosenstock. As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá aithne air mar chraoltóir raidió le RTÉ Raidió na Gaeltachta, mar láithreoir teilifíse, mar eagarthóir ealaíne leis an iris Comhar agus mar cheoltóir leis an mbanna Téada.

Is lá speisialta é Lá Domhanda na Leabhar, a deir Rosenstock. “Leagann sé béim ar thábhacht na léitheoireachta agus ar an taitneamh is féidir baint as leabhair a léamh. Thig le páistí an dearbhán a úsáid chun a rogha leabhar a fháil agus tugann sé deis dóibh cuairt a thabhairt ar shiopa leabhar agus féirín a bhreith abhaile leo.”

Beidh an lá á cheiliúradh ag clann Rosenstock agus iad ag gléasadh suas mar charachtair as na leabhair is ansa leo.

“Déantar Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh ar bhealaí spleodracha, agus beidh mo chuid páistí féin ag gléasadh mar charachtar ó leabhair a thaitníonn leo ar scoil mar chuid den cheiliúradh. Bhí ríméad an domhain orm nuair a roghnaíodh Inis Mara agus tógann sé mo chroí go mbeidh an leabhar á léamh ag léitheoirí óga fud fad an oileáin seo.”

Tá léamh agus ceardlann scríbhneoireachta do pháistí scoile á thabhairt ag Tristan Rosenstock sa DLR Lexicon i nDún Laoghaire mar chuid de cheiliúradh Lá Domhanda na Leabhar.

Tá seastáin Lá Domhanda na Leabhar i siopaí leabhair ar fud na tíre. Tá na leabhair ar fáil ar €1.50 an ceann leis an dearbhán Lá Domhanda na Leabhar. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Leabhar Gaeilge do pháistí níos sine ar liosta Lá Domhanda na Leabhar'