Leabhar an Leasa Mhóir agus cuairt ar Theach Chatsworth

Thug na scéalta faoi Leabhar Lios Mór le déanaí cuimhne dom an chuairt a thug mé féin agus mo dheirfiúr ar Theach Chatsworth roinnt bhlianta ó shin

Leabhar an Leasa Mhóir agus cuairt ar Theach Chatsworth

Bhí Leabhar Lios Mór, nó ‘Leabhar Meic Cárthaigh Riabhaigh’, sa nuacht le gairid. Tá a fhios ag daoine go bhfuil ceangal idir an Lios Mór agus Diúc Devonshire Shasana, agus go mba leis Teach Chatsworth. Ba iad an ‘Chatsworth House Trust’ a thug an leabhar ar láimh d’Ollscoil Chorcaí .

Thug an scéal ar fad chun cuimhne dom an chuairt a thug mé féin agus mo dheirfiúr ar Theach Chatsworth roinnt bhlianta ó shin.

Ba le linn an tsneachta mhóir i mí Aibreán na bliana 2013 a bhuaileamar bóthar. Chinneamar ar eitilt go haerfort East Midlands, carr a híreáil agus ansin tiomáint go dtí Chatsworth, trí cheantar álainn sléibhtiúil na ‘Dales’ in Yorkshire.

Cé go raibh a fhios againn go raibh ceangal idir an Lios Mór agus Diúc Devonshire, ba mhó ár suim i scéal an iar-bhandiúc Deborah Devonshire – Deborah Mitford ó thús. Duine de scata deirfiúracha cáiliúla na Mitfords a bhí inti. Ar ndóigh, cara mór le Adolf Hitler a bhí in Unity Mitford agus dúradh faoi Deborah go raibh sí ar an duine deireanach a bhí beo i Sasana ar casadh Hitler uirthi.

Seans nach dtarlódh an eachtra is déanaí sin i scéal Leabhar an Leasa Mhóir ar chor ar bith, murach teacht Deborah Mitford go Chatsworth i lár an chéid seo caite .

Bhí sí fós beo, ach í i dteach sa sráidbhaile Edensor ar an eastát nuair a thugamar cuairt ann sa sneachta.

Nuair a phós Deborah isteach i gclann ársa Cavendish, ar leo an teideal Diúc Devonshire, ní raibh sí le bheith ina bandiúc ar chor ar bith. Bhí an mac ba shine sa chlann, William fós ina bheatha.

Ach tar éis a bháis siúd in eitleán sa Dara Cogadh Domhanda, tháinig fear céile Deborah, Andrew, i gcomharbacht air. Fuair sé an teach, an teideal agus na tailte sa mbliain 1950, ar bhás a athar.

Ba í Deborah a tháinig aníos leis an smaoineamh gur chóir an teach a oscailt don phobal, feirm thráchtála a fhorbairt ar an eastát agus gnó rathúil a dhéanamh as an eastát. Tá pictiúr di ar an bhfeirm in éindí lena cuid cearc. Bhain sí cáil amach don fheirm sin agus do na táirgí éagsúla a tháinig amach aisti.

Anois, cé go mba le clann Cavendish an teideal agus na tailte leis na cianta – chinn siad ar athrú bunúsach a dhéanamh tamall de bhlianta ó shin agus carthanacht a bhunú. Thug mé faoi deara sna scéalta nuachta an tseachtain seo caite gurb é an ‘Chatsworth House Trust’ a bhí taobh thiar den bhronnadh ar Ollscoil Chorcaí.

Téann scéal an eastáit siar go dtí bean cháiliúil eile ‘Bess of Hardwick’ sa 16ú céad.
Dúradh go raibh sise ar an bhean ba thábhachtaí agus ba chumhachtaí i Sasana i ndiaidh an bhanríon Eilís a hAon. Phós sí trí huaire agus an dara babhta, phós sí isteach i gclann Cavendish agus rinne sí forbairt agus atógáil ar an teach in Chatsworth.

Bhí go maith, agus i rith na mblianta d’éirigh go maith leo – chuireadar an iliomad tailte agus eastáit eile lena maoin, Caisleán an Leasa Mhóir i bPort Láirge san áireamh. Ach sa 20ú haois, thuig siad go mbeadh cánacha agus costais ollmhóra eile ag bagairt ar a leithéid de mhaoin.

Mar sin, chinn an Diúc atá anois ann roinnt blianta ó shin carthanacht a bhunú a mbeadh an Teach, na tailte agus gach a dtéann leo (cnuasach mór ealaíne den chéad ghrád mar shampla) faoi stiúir na carthanachta. Is ón gcarthanacht (Chatsworth House Trust).a ghlacann an chlann an Teach ar cíos.

Cé go bhfuil daoine ón gclann ina mbaill den bhord, is bord neamhspleách é. Agus ba iad an Bord sin a chinn an leabhar a bhronnadh ar an Ollscoil i gCorcaigh.

Cé go mb’fhéidir go ndéarfadh daoine gur trí ghoid, foréigean nó diansmacht a fuair muintir Cavendish an leabhar sa chéad áit, níl aon fhianaise ann gur mar sin a tharla sé. Go deimhin, luath san 19ú aois, ba léir gur cheannaigh an chlann roinnt mhaith leathanach (66 díobh) nó ‘folio’ de chuid an Leabhair go dleathach ó dhream éigin a bhí á ndíol in Éirinn.

B’fhéidir gur chun tairbhe an Leabhair féin é freisin gur coinníodh faoi cheilt i gCaisleán an Leasa Mhóir é agus é clúdaithe faoi bhalla cloiche ar feadh cuid mhór den 19ú aois. Ba chosúil gur ar mhaithe le sábháilteacht an leabhair a rinne an chlann é sin ach go ndearnadar dearmad cár chuireadar é gur tháinig tógálaithe air sa mbliain 1814.

B’iontach an áit é Chatsworth le cuairt a thabhairt air. Bhreathnaigh sé galánta faoi bhrat sneachta in 2013 agus caoi curtha ar na fuinneoga órga agus na tailte slachtmhara.
Ní raibh a fhios againn ag an am go raibh seoid litríochta as Éirinn, in éineacht leis an mbailiúchán Rembrandt, Da Vinci, Gainsborough agus an iliomad seod eile, i gcartlann an Tí Mhóir.

Bhí eolas againn faoi cheangal amháin eile le hÉirinn a bhí ag muintir Cavendish. Thugamar cuairt ar an reilig bheag atá suite ar an eastát. Bhí tuairim againn go dtiocfadh muid ar uaigh Kathleen (‘Kick’) Kennedy ansin.

Sa mbliain 1944 phós Kathleen duine de chlann Cavendish – an William sin a luaigh mé níos túisce. Ba eisean a bhí i dteideal a bheith ina dhiúc Devonshire ach chuir a bhás sa gcogadh deiridh leis sin.

Cailleadh Kathleen agus a fear nua i dtimpiste eitleáin sa mbliain 1948 agus iad ar a mbealach ar saoire thar lear in eitleán ar cíos agus in Chatsworth a cuireadh í.

Sa mbliain 1963, ar a bhealach óna chuairt stairiúil ar Éirinn, chuaigh Uachtarán Mheiriceá Jack Fitzgerald Kennedy in eitleán go haerstráice in Lincolnshire Shasana. Chuaigh sé uaidh sin go Chatsworth in Yorkshire agus thug ómós dá dheirfiúr Kathleen sa reilig ansin. Bhí a dheirfiúr Jean in éindí leis – bean a ceapadh ina hAmbasadóir go hÉirinn blianta ina dhiaidh sin.

Níos túisce an samhradh seo, nuair a bhí cead taistil againn, thug mé cuairt ar Dhún Garbhán agus an ceantar máguaird. Scríobh mé an t-am sin faoin gcaidreamh dearfach atá ann go dtí an lá inniu féin idir an Diúc Devonshire agus an baile sin. Níor shíl mé an uair sin go mbeinn ag filleadh ar an ábhar le scéal dearfach eile fúthu, scéal a bhfuil a chuid préamhacha san 15ú haois.

 

 

Fág freagra ar 'Leabhar an Leasa Mhóir agus cuairt ar Theach Chatsworth'