Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Dairena Ní Chinnéide

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an bhfile Dairena Ní Chinnéide atá an rogha…

Dairena-Press-1

 

415xlCkOvxL._SY344_BO1,204,203,200_An leabhar a thug tuiscint dom ar chlaochlú aigne an ógánaigh:

The Metamorphosis & Other Stories le Franz Kafka

Sna luathdhéaga a léigh mé an leabhar seo fé fhear a dhúisíonn lá agus é iompaithe ina fheithid. Labhair an leabhar liom; chlaonas ina threo. Cúis iontais dom cur chuige agus samhlaíocht an údair. Spreag Kafka rud éigin ionam a shlánaigh raon óg m’aigne. Chuireas suim ann sa mhéid is go rabhas ag léamh aistriúchán a foilsíodh i 1915. Bhraitheas báidhiúlacht leis an bpríomhcharachtar, Gregor, a las dorchadas éigin ionam, agus a dúirt go bhféadfaí, beag beann ar chonstaicí, maireachtaint ar an imeall.

the-hitchhikers-guide-to-the-galaxy-omnibusAn leabhar as íochtar na cruinne a thug smut gáire dom:

The Hitchhikers Guide to the Galaxy – a Trilogy in Four Parts le Douglas Adams

Alice in Wonderland na déaga meánacha agam an Hitchhikers Guide. ‘Amhrán na bhFiann’ m’éirí amach ceannairceach féinig i bhfoirm focal. Ní raibh a leithéid de leabhar spraíúil léite agam riamh roimhe sin. B’fhada liom na ‘Pan Galactic Gargle Blasters’ agus an príomhfholáireamh sa leabhar: “Don’t Panic.” Ficsean eolaíochta fiáin, fuadrach, atá anseo le greann cliste, aisteach, a bhí úrnua dom’ shúile is dom’ chéadfaí.

013011d6an beal bochtAn leabhar a nocht saol na Gaeilge mar a bhí is atá fós go pointe áirithe:

An Béal Bocht le Myles na gCopaleen

Mar bhean óg ón nGaeltacht a bhí díreach ag teacht isteach ar shaol sóisialta lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sna nóchaidí, rug an leabhar seo orm mar a bheadh réalt ag titim ón spéir. Géarchúis, aclaíocht focal agus coincheapeanna an údair a raibh blas na fírinne orthu. Chuaigh sé i bhfeidhm ar mo luathiarrachtaí scríbhneoireachta. Thosnaigh an Rince Fada, “go raibh sé Gaelach, do réir mar a bhí sé fada agus fíor-Ghaelach do réir mar a bhí sé fíor-fhada.”

An leabhar a thug mo dhúshlán maidir le sceimhle na n-ealaíon:

187633Art & Fear – Observations on the Perils (and Rewards) of ARTMAKING, le David Bayles agus Ted Orland

Deir údair an leabhair seo gur “survival guide” d’ealaíontóirí é. Rug sé ormsa. Rug sé ar an bhfile agus chuir ag caint leis an nduine inti í. Ceachtanna nó treoir i gceird na healaíona. “But while you may feel you’re just pretending that you’re an artist, there’s no way to pretend you’re making art. Go ahead, try writing a story while pretending you’re writing a story. Not possible.” Cíorann an leabhar na héiginnteachtaí inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le ceirdeanna na n-ealaíon i slí a chaitheann dúshlán leis an léitheoir.

An leabhar nár lig síos riamh mé:

prophet-cover_1_op_397x548The Prophet le Kahlil Gibran

Tá an leabhar seo liom le fada an lá agus níor lig sé síos riamh mé dá mbeinn ag tóraíocht tuisceana. Mheall na léaráidí mar aon leis na briathra mé. Mar a dúirt AE George Russell faoi: “I could quote from every page, and from every page I could find some beautiful and liberating thought.” Phiocas suas é i siopa dara láimhe is mé im’ mhac léinn. Bhí mo chóipse tiomnaithe do dhuine éigin eile, ach dheineas mo chuid féin de agus tugann sé síorfhaoiseamh agus áthas dom.

Fág freagra ar 'Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Dairena Ní Chinnéide'