Lársheirbhís aistriúcháin Ghaeilge do na ranna rialtais go léir fós ar chlár oibre Roinn na Gaeltachta

Tá cás gnó ullmhaithe ag oifigigh Roinn na Gaeltachta maidir le bunú seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a d’fhreastalódh ar na ranna rialtais ar fad

Lársheirbhís aistriúcháin Ghaeilge do na ranna rialtais go léir fós ar chlár oibre Roinn na Gaeltachta

Tá bunú seirbhís lárnach aistriúcháin do na ranna stáit go léir fós ar chlár oibre Roinn na Gaeltachta.

Thug urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuil “dréachtchás gnó i leith na seirbhíse seo” réitithe ag oifigigh na Roinne ach nach raibh aon chinneadh déanta “maidir le hamscála chun bunú na seirbhíse a bhrú chun cinn”.

Gealltar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófar ‘seirbhís chomhroinnte aistriúcháin chun freastal ar riachtanais ranna rialtais’.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív an tseachtain seo go raibh géarghá le láraonad aistriúcháin a bhunú i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i bhfianaise an “drochmheas” atá á léiriú sa státchóras ar an teanga agus mar gheall ar an úsáid a bhaintear as ‘Google Translate’ chun ábhar Gaeilge a aistriú, go háirithe.

Ag deireadh na bliana 2014 aontaíodh ag cruinniú den Ghrúpa Idir-Rannach atá ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go lorgófaí moltaí agus tuairimí na ranna rialtais ar fad i leith seirbhís chomhroinnte aistriúcháin do na ranna stáit.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2015, bhí plé leanúnach ag dul ar aghaidh ag an tráth sin faoi sheirbhís lárnach aistriúcháin a bhunú.

D’iarr an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta moltaí ar ionadaithe na Ranna eile agus chuir na ranna na moltaí ar ais chuig Roinn na Gaeltachta. Bhí na moltaí ceilte sna cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht.

Fág freagra ar 'Lársheirbhís aistriúcháin Ghaeilge do na ranna rialtais go léir fós ar chlár oibre Roinn na Gaeltachta'

  • Magaoidh

    Dul chun cinn. Anois níl le déanamh ach a dhéanamh cinnte de mo mbeidh céimithe na Gaeilge in ann an teanga a scríobh go cruinn rud nach bhfuil. Cén ollscoil sa tír atá in ann sin a dhéanamh?