LÁITHREACH BONN: An strainséir ina thír féin, beidh gá go fóill leis…

Agus an domhan ag athrú, beidh gá le daoine ‘idirchultúrtha’ chun a chinntiú nach síorchogaíocht atá i ndán don gcine daonna

LÁITHREACH BONN: An strainséir ina thír féin, beidh gá go fóill leis…

Tá an focal ‘idirchultúrtha’ ann le tamall anois, agus an bhrí atá leis ná ‘idir dhá chultúr’. Cloisimid go minic inniu faoi ‘chumarsáid idirchultúrtha’, .i. cumarsáid idir daoine as dhá chultúr éagsúla, agus ‘coimhlint idirchultúrtha’, nuair nach réitíonn siad le chéile. Ach d’fhéadfaí an bhrí a leathnú agus an focal a thabhairt ar dhuine atá ag maireachtáil in dhá chultúr nó níos mó. Labhrófaí ansin faoin ‘duine idirchultúrtha’. Ach cén saghas duine é sin, agus an bhfuil a leithéid de dhaoine ann?

Nuair a fhanann duine sa mbaile, ina thír féin, is beag taithí a bhíonn aige ar chultúir eile. Ní thuigeann sé go bhfuil cultúir eile ann, mar ní bhíonn sé ag plé ach lena chultúr féin. Baineann ceist an chultúir le taithí na nÉireannach go mórmhór agus iad ar deoraíocht.

Nuair a théann Éireannach thar lear go Sasana, go Meiriceá, go dtí an Astráil, bíonn sé ag plé le cultúr eile, cé go bhfuil Béarla á labhairt thall ansin. Ach ní dheireann deoraithe de ghnáth go bhfuil sé deacair dóibh plé leis an gcultúr eile. Ní dheireann siad ach go bhfuil uaigneas orthu, agus ba bhreá leo bheith ar ais in Éirinn.

Má fhanann duine fiche bliain (abair) i dtír thar lear, éireoidh sé cineál idirchultúrtha’. Is sin le rá, tá a chultúr dúchais aige go fóill, ach tá réimsí den chultúr nua glactha chuige féin aige.

Is amhlaidh go bhfuil sé ag maireachtáil in dhá domhan parailéalach, go háirithe más féidir leis taisteal agus cuairt a thabhairt ar an bhaile ar a laethanta saoire. Tá na domhain seo parailéalach toisc go bhfuil siad neamhspleách ar a chéile agus nach dtugann siad aird ar a chéile. Níl ann ach corrdhuine mar an deoraí áirithe seo mar nasc eatarthu.

Má tá clann ag an duine seo ar deoraíocht, beidh na páistí á dtógáil aige agus a chultúr féin á thabhairt aige dóibh, ach fásfaidh siad aníos sa chultúr iasachta. Nuair a fhásann duine óg aníos agus a mhuintir ar deoraíocht ó thír eile mar sin, beidh sé ‘idirchultúrtha’, ar bhealach, agus b’fhéidir coimhlint istigh ann idir cultúr na dtuismitheoirí agus cultúr na sochaí ina bhfuil sé ag feidhmiú. Ach muna bhfuil teagmháil bhuan aige leis an seanfhód (cuairteanna á dtabhairt aige ar an tír go minic), is é is dóichí go gcaillfidh sé an coibhneas leis an dúchas agus é ina dhuine fásta. I ndeireadh na dála, ní rud ‘nádúrtha’ é don duine bheith idirchultúrtha agus maireachtáil in dhá dhomhan parailéalach. Ní maith leis an duine an débhríochas a mhothú ann féin; teastaíonn féiniúlacht chultúrtha aonchineálach uaidh – a bheith cosúil leis an tromlach ina thimpeall.

Nuair a bhíonn duine ag taisteal ar feadh a shaoil, ag maireachtáil i dtíortha éagsúla agus ag plé le níos mó ná dhá chultúr, tá seans ann go n-éireoidh sé ‘idirchultúrtha’ le fírinne. Is sin le rá, beidh baint aige le trí nó ceithre chultúr, agus ní lena chultúr dúchais amháin.

Ní bheidh uaigneas air agus é thar lear.

B’fhéidir go mbeidh uaigneas air agus é ar cuairt go dtí an seanfhód, toisc go dtuigeann sé go bhfuil athrú mór tagtha air féin agus nach bhfuil mórán i bpáirt aige le saol na ndaoine sa mbaile a thuilleadh. Tá sé mar strainséir ina thír féin.

An duine idirchultúrtha, ní oireann sé d’aon sochaí faoi leith. Is duine tairseachúil é. Duine débhríoch.

Maireann sé leis an débhrí. Tuigeann sé nach bhfuil cultúr amháin ann mar ‘thalamh slán’ aige, agus bíonn sé réidh chun plé le gach cultúr nua ar a bhealach. Is deacair bheith idirchultúrtha, agus ní éireoidh duine idirchultúrtha ach i ndiaidh próisis fhada ina shaol féin. Is beag a thuig sé ar dtús céard a bhí amach roimhe! An duine idirchultúrtha, bíonn sé mar aisteoir stáitse agus níos mó ná páirt amháin á déanamh aige.

Ag teacht ar ais chuig an bhrí is coitianta den fhocal ‘idirchultúrtha’, ní miste a rá go bhfuil cumarsáid agus teagmháil idirchultúrtha ar siúl i bhfad níos minice sa domhan anois. Bíonn a lán daoine – bainisteoirí, lucht gnó, taidhleoirí, agus araile – ag gabháil don chumarsáid sin. Ní hé sin a rá go n-éiríonn leo. Is minic nach n-éiríonn, agus go mbíonn frustrachas agus fearg ar dhaoine, agus coimhlint eatarthu nó easpa comhoibrithe ar aon chuma.

San lá atá inniu ann, tá an Béarla ann mar réiteach, dar lena lán. Is sin le rá, má tá Béarla foghlamtha ag daoine a bhaineann le cultúr agus teangacha éagsúla, tig leo cumarsáid a bheith eatarthu gan stró. Ach níl ansin ach bréagréiteach. Ní hamháin go mbíonn drochBhéarla i gceist go minic ar deacair é a thuiscint, ach ní chuireann an Béarla friotal cuí ar chultúr na ndaoine atá ag iarraidh a bheith ag caint le chéile. Níl ann mar sin ach caint – fágtar na deacrachtaí cultúrtha as an áireamh.

Is cinnte go mbíonn difríochtaí cultúrtha ann i ngach aird den domhan seo, fiú amháin i nDomhan an Bhéarla féin. Bíonn deacrachtaí cultúrtha ann idir Sasanaigh, Meiriceánaigh agus Astrálaigh, fiú amháin agus an Béarla i bpáirt acu. Bíonn difríochtaí cultúrtha ann idir náisiúin na hEorpa, cinnte, agus teangacha éagsúla acu chun a gcultúir dúchais a neartú agus a bhuanú le fada. Is fíor go mbíodh malartú tuairimí agus idéanna ar siúl san Eoraip i gcónaí riamh, ach bhíodh cogaí marfacha ann freisin, agus rinneadh cogaí domhanda astu siúd de réir mar a bhunaigh na tíortha Eorpacha impireachtaí in áiteanna eile sa domhan.

Cé go bhfuil difríochtaí cultúrtha sa Domhan Thiar (an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh), caithfear a admháil go bhfuil siad in áit na leathphingine i gcomparáid leis na deacrachtaí a bhaineann leis an teagmháil idir an Domhan Thiar agus an Áise – an tSeapáin ar dtús, agus an tSín anois. Ní bhacaimidne leis an tSín go fóill ach mar mhargadh ollmhór nua do tháirgí an Iarthair, ach is cinnte go bhfuil an tír sin ag dul ó neart go neart agus go mbeidh sí ina sárchumhacht amach anseo.

Leis na céadta bliain anois, bhí na daoine geala i réim sa domhan agus an tsibhialtacht, an tuiscint nua-aimseartha agus an t-eolas á mbronnadh acu ar an domhan uile. Bhí lámh in uachtar polaitíochta, míleata agus eacnamaíochta acu chun an smacht cultúrtha sin a chinntiú.

Measaimid go fóill go bhfuilimid níos fearr ná cách de bharr eolaíocht agus teicneolaíocht an Iarthair. Ach is féidir na nithe sin a fhoghlaim, agus ní dócha go bhfanfaidh an córas domhanda mar atá sé. Tá na Stáit Aontaithe ag dul i laige, agus an tSín ag teacht i réim. Beidh muidne in áit na leathphingine agus lucht na hÁise in uachtar.

Is deacair don Iartharach glacadh leis go bhfuil a phort seinnte agus go mbeidh dream eile in uachtar sa domhan amach anseo. Beidh gá le daoine ‘idirchultúrtha’ (idir Iarthar agus Oirthear) chun an t-athrú sin a stiúradh trí idirghabháil a dhéanamh ionas nach mbeidh síorchogadh i ndán don gcine daonna.

Is é is dóichí go mbeidh daoine as mionchultúir – mionlaigh teanga, mionlaigh eitneacha, bundúchasaigh, agus araile – go maith ag an obair sin.

Bhí siad féin in uachtar ina dtír féin tráth, ach anois is iad na daoine is ísle céim iad, mar tháinig Impireacht éigin agus chuir sí faoi chois iad.

Tuigeann siadsan cad is brí le bheith mar strainséir i do thír féin.

Scríbhneoir agus teangeolaí is ea Torlach Mac Con Midhe a chaith fiche bliain i gCeanada, agus tá cónaí air san Eilvéis anois. ‘Aistí Eorpacha 2’ (Coiscéim) an leabhar is déanaí uaidh. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: An strainséir ina thír féin, beidh gá go fóill leis…'

  • Seàn ÓM

    Fuair mise mo shaoránacht na Gearmáine i mbliana :)

    Ar aon chaoi – nach daoine idir-chultúrtha iad cainteoirí Gaeilge agus cainteoirí dúchais sna Gaeltachtaí go háirithe taobh istigh d’Éirinn?

    Is léir domsa go ndéantar dearmaid go minic go bhfuil cultúr ar leith á bhaint leis an nGaeilge atá ana-éagsúil ó chultúr Béarlóirí na hÉireann.

    Tá sé riachtanach don mhionlach le Gaeilge agus agus cainteoirí dúchais sna Gaeltachtaí go háirithe a bheith dhátheangach agus idir-chultúrtha – ach is féidir leis na Béarlóirí a bheith aonteangach agus mono-chultúrtha.

    Mar sin tá cultúr amháin ag cur an chultúir eile faoi chos ar ndóigh – ach is tír idir-chultúrtha fós í Éire. Go bhfánaí sí an chaoi.

  • Peter Logan

    Bhain mé mórshuim as an méid a scríobh an t-uasal Mac Con Midhe, go mór mór mar gheal ar an difríocht idir teanga cuktúra agus teanga cumarsáide.
    Ní h-ionann Béarla Shakespeare agus Béarla Ursula von der Laion. Ní derim nach tuigtear an méid a bhuiL á rá aici ach níl an aidhm céana ann.
    Mile buiochas.