LAITHREACH BONN 24: Feitheamh fada ar bhallraíocht i gclub na hEorpa

Má roghnaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún cur le líon na mball, caithfear machnamh go leor a dhéanamh ar an tionchar bheidh aige sin ar obair an Aontais Eorpaigh trí chéile

LAITHREACH BONN 24: Feitheamh fada ar bhallraíocht i gclub na hEorpa

Tá imní cothaithe ag na caismirtí agus ag na hagóidí i bPoblacht na Seoirsia ar bhealaí go leor. Faoin dlí nua caitheann comhlachtaí atá bunaithe sa tír agus a fhaigheann os cionn 20% dá gcuid maoinithe ó thír eachtrannach clárú mar “chomhlacht atá faoi thionchar ón iasacht”. Tá imní léirithe ag NATO agus na Stáit Aontaithe go gciallóidh an dlí go mbeidh tionchar níos mó ná riamh ag Moscó ar chúrsaí i bPoblacht na Seoirsia. Tá go leor den aos óg sa tír imníoch faoin riocht ina bhfágfaidh an dlí nua a gcuid mianta maidir le ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach.

Tá sé aon bhliain déag ó ligeadh ballstát nua isteach san Aontas nuair a tháinig an Chróit isteach. Fiche bliain ó shin, tugadh deich mballstát nua isteach san Aontas, an leathnú is suntasaí a rinneadh riamh ar an mballraíocht. Ag an am, bhí plé oscailte freisin le tíortha sna Balcáin thiar agus trácht ar an bpróiseas a chuirfí i bhfeidhm le go mbainfeadh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus a leithéid ballraíocht amach. Tá siadsan fós ag fanacht agus faoin tráth seo tá naoi gcinn de thíortha ag fanacht le ballraíocht a bhaint amach san Aontas.

Le bliain nó dhó is ar mhianta na hÚcráine atá an aird i dtaobh ballraíochta san Aontas – na tíortha seanbhunaithe ag iarraidh slándáil agus cosaint na heagraíochta a neartú. Tá rialtas na hÚcráine ag stocaireacht go leanúnach ach níl sé chomh simplí agus ba mhaith leo a bheadh sé clárú leis an gclub áirithe seo.

Tá coinníollacha ag baint le ballraíocht a fháil san Aontas Eorpach – córas dlí agus cirt neamhspleách, easpa caimiléireachta agus rialacha airgeadais. Tugtar na “acquis communautaire” ar na rialacha a chaithfear a chomhlíonadh sula nglacfar leat. Ceann de na coinníollacha a deirtear a chuir agus a chuireann moill le hiarratas na Tuirce is ea an dualgas cloí le gnásanna cearta daonna idirnáisiúnta.

Cén leas a dhéanfadh sé don Aontas agus do na ballstáit atá ann faoi láthair dá scaoilfí isteach suas le naoi dtír ar an gcolbha thoir atá i lár cogaidh, ag teacht ó chogadh nó ar an teorainn le tír atá i mbun cogaidh – an Úcráin, an Chosaiv, an Mholdóiv agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ina measc? Cén brú a chuirfeadh sé ar chistí an Aontais a bheith ag tacú le tíortha den chineál seo? Cén bhail a chuirfeadh sé ar fheirmeoirí an Aontais atá clamhsánach cheana féin faoin gcomhbheartas talmhaíochta? Tá 38 milliún duine san Úcráin agus tionscal ollmhór talmhaíochta sa tír a bheidh ag súil le tacaíocht.

Tá deacrachtaí praiticiúla ag baint le córas iarratais an Aontais sa gcás agus go reáchtáiltear cainteanna le haon bhall nua – caithfidh na baill reatha glacadh leis an iarratas ón mball nua d’aon ghuth, tá cúpla áit i rith an phróisis gur féidir le ballstát veto a chur i bhfeidhm agus caithfidh Parlaimint na hEorpa a beannacht a thabhairt d’aon socrú a dhéantar. Céard a chiallaíonn sé sin sa gcás agus go mbíonn comhdhéanamh na Parlaiminte athraithe go suntasach an mhí seo chugainn?

Beidh ceist an leathnaithe ar cheann de na dúshláin is mó a bheidh le sárú ag an gcéad Pharlaimint eile. Tá próiseas fadálach curtha ar atráth ag roinnt géarchéimeanna éagsúla, an tubaiste eacnamaíochta, Covid-19 agus anois cogadh ar theorainneacha na heagraíochta. Má roghnaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún cur le líon na mball, caithfear machnamh go leor a dhéanamh ar an tionchar bheidh aige sin ar obair an Aontais trí chéile. Beidh athruithe le déanamh ar chórais íocaíochta, córais chinnteoireachta agus córais idirbheartaíochta leis na huimhreacha breise a chur san áireamh.

Má chuimhnítear ar na dúshláin atá le sárú ag an Aontas sna cúig bliana seo romhainn – slándáil, imirce, cúrsaí cosanta agus cúrsaí aeráide, is deacair a shamhlú go mbeidh méadú an chomhphobail ar an ábhar is mó práinne, go háirithe ag na ceannairí. Is bocht an scéal é sin do na stáit atá ag obair go dícheallach le cuid mhaith de scór bliain á n-ullmhú féin don bhallraíocht.

Fág freagra ar 'LAITHREACH BONN 24: Feitheamh fada ar bhallraíocht i gclub na hEorpa'

  • Cad is 'Eorpach' ann?

    Ceap náire don Aontas go maítear i gcónaí go mbeadh an iomarca stát i mbun na gcinntí dá mbeadh neamhspleáchas ag tíortha ar nós na Catalóine agus Thír na mBascach ach fáilte i gcónaí ann roimh thíortha iar-Shóivéadacha agus Ottománacha, a leithéid ‘d’Eoraip’ mar dhea.