Seo an deichiú huair ó reáchtáladh toghcháin dhíreacha den chéad uair i 1979 go mbeidh pobal na hEorpa ag toghadh Parlaimint nua Eorpach.
Tá fás agus forbairt tagtha ar an Aontas ó shin agus ar fheidhmeanna na Parlaiminte féin. Tá ról aici anois in aontú an bhuiséid agus i roghnú an choláiste coimisinéirí. Tá sí in ann moill a chur ar reachtaíocht agus de réir mar a bhíonn an tAontas ag fás tá sé i gceist go mbeadh an pharlaimint ag fás freisin. Cén fáth, mar sin, go bhfuil pobal na hEorpa trí chéile ar nós cuma liom faoi na toghcháin agus na cúiseanna go gcaitheann siad vóta iontu? Is mó aird a bhíonn de ghnáth ar na ceisteanna logánta sna ballstáit éagsúla ná aon ábhar comónta.
Ach den chéad uair, tá na ceisteanna ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal Eorpach ag teacht le chéile. Is í an imirce an cheist mhór sa mbaile agus ag leibhéal na hEorpa an babhta seo. Ní hamháin anseo ach ar fud an Aontais ar fad.
Is í atá ag cothú an bhorrtha faoin eite dheis sna tíortha ina bhfuil páirtithe den eite sin bunaithe cheana. Níl aon amhras ach go bhfuil sé ag cuidiú leis an tacaíocht bhreise do neamhspleáigh sna pobalbhreitheanna anseo – tá a bhformhór mór glórach in aghaidh pholasaí imirce an Stáit.
Roinnt seachtainí ó shin, d’fhógair an rialtas go bhfuil Éire le bheith páirteach sa gcomhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann. Tá an comhshocrú molta ag an rialtas agus cáinte ag polaiteoirí eile. Shamhlófá ag éisteacht leis an díospóireacht gur rud nua an comhshocrú seo, cé gur cuireadh tús leis an obair i bhfómhar na bliana 2020.
Séard atá i gceist leis an gcomhshocrú bainistiú a dhéanamh agus soiléireacht a thabhairt i leith na gcoinníollacha faoina gcaitear le daoine a thagann isteach san Aontas ag iarraidh tearmainn.
Cén fáth, dá réir sin, nach bhfuil plé ar an gcomhshocrú agus an chaoi a n-oibreoidh sé lárnach sa bhfeachtas do na toghcháin Eorpacha? Tagann an fhadhb seo chun cinn arís agus arís eile ina toghcháin chéanna – cuirtear níos mó béime ar an ngné áitiúil, logánta de pholasaí seachas díriú ar na nithe atá ábhartha don Pharlaimint agus na cumhachtaí atá aice.
Ainneoin an méid brú atá ar Éirinn faoi chúrsaí cánach agus an cáineadh a dhéantar ar mhaorlathas na hEorpa ina leith, níl cumhacht ag an Aontas i leith cúrsaí cánach. Pléitear na géarchéimeanna san earnáil sláinte i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla. Níl smacht ag na Comhairle Contae ná ag Parlaimint na hEorpa ar an earnáil sláinte. Baineann sí go sonrach leis an rialtas láir. Ceist eile ar cheart go mbeadh a leithéid faoi smacht an Aontais?
Tá smacht ag an Aontas ar chúrsaí talmhaíochta, cúrsaí iascaireachta, caighdeáin fostaíochta agus polasaí sóisialta. Tógadh céimeanna suntasacha i ngach ceann de na réimsí de réir mar a d’fhorbair an tAontas ó cuireadh tús leis na toghcháin dhíreacha i 1979.
I mbliana, is í an imirce an cheist mhór. Imirce agus tearmann seachas ciníochas. Tá cosaint le tabhairt do thíortha i ndeisceart an Aontais sna háiteacha a dtagann imircigh i dtír i dtús báire. Tá daoine le díbirt as tíortha eile, iadsan a mhaíonn gur iarrthóirí tearmainn iad ar éirigh leo teacht chomh fada le tír éigin gan cos a leagan in aon tír eile de chuid an Aontais. Sin a tharlaíonn anseo den chuid is mó.
Ba mhaith an beart sna toghcháin faoi cheann cúig seachtaine dá míneofaí don phobal vótála cén cur chuige atá ag an Aontas i leith na himirce.
Níor mhiste ach an oiread a mheabhrú gur ar cheisteanna mar sin is cóir a bheith ag machnamh i dtoghcháin Eorpacha seachas ar phearsantachtaí agus páirtithe áitiúla agus réimsí polasaí nach bhfuil smacht ag Parlaimint na hEorpa orthu.
Nárbh fhearr sin a bheith mar chuid d’fheachtas an toghcháin seachas daoine a bheith ag clamhsán arís go ceann cúig bliana faoi pholasaithe a bheith ag teacht ón Eoraip i ngan fhios dúinn agus gan na daoine cuí thall i mbun ionadaíochta orainn agus iad ag cinntiú go mbíonn glór na hÉireann le cloisteáil.
Fág freagra ar 'LAITHREACH BONN 24: Dírímis sa toghchán ar na nithe sin a bhfuil smacht ag Parlaimint na hEorpa orthu'