Lá ‘stairiúil’ don teanga é, reachtaíocht don Ghaeilge rite in Westminster agus gan le déanamh anois chun í a achtú ach lámh an Rí Séarlas III a chur léi.
Ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in Westminster mar gur theip ar thionól Stormont an beart a dhéanamh
Dúirt Aire Stáit an Tuaiscirt, Steve Baker, gur chóir gur “lá sonais” a bheadh ann dóibh siúd a oibríonn ar son na Gaeilge. Dúirt sé chomh maith go raibh súil aige go ndéanfaí an teanga a dhípholaitiú sa Tuaisceart.
Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, a bheidh sa reachtaíocht nua, tá roinnt beartas ann a chuirfidh go mór le stádas na teanga ó thuaidh.
De réir an Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann), beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus ag an Ultais.
Beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.
Cuirfidh an reachtaíocht ar ceal chomh maith Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras, tabharfaidh an Coimisinéir Teanga isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.
Is é an ról a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Dhéanfadh an coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.
Tá sé i gceist chomh maith cumhachtaí a thabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfeadh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.
Caitheadh breis is trí uair an chloig ag plé na reachtaíochta i dTeach na dTeachtaí tráthnóna, le linn Chéim an Choiste agus Céim na Tuarascála.
Polaiteoirí ón DUP, ó pháirtí an Alliance, ón SDLP, ó Pháirtí an Lucht Oibre agus ó Plaid Cymru a mhol leasuithe ar an reachtaíocht ach níor glacadh le haon cheann de na leasuithe suntasacha a moladh. Níor ghlacadh ach le leasú teicniúil amháin a mhol an rialtas féin.
Bhain leasuithe fheisirí an DUP den chuid is mó le comhstádas a fháil do Choimisinéir na hUltaise agus le srian a chur le cumhachtaí na gcoimisinéirí.
Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, nach bhféadfadh an páirtí tacú leis an reachtaíocht.
I measc na leasuithe a mhol an SDLP agus feisirí eile, bhíothas ag iarraidh go gceanglófaí cearta teanga sa dlí leis na cearta daonna atá ag daoine go hidirnáisiúnta faoi leithéid an Achta um Chearta Daonna 1998.
Chuir Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, fáilte roimh an reachtaíocht, cé nach í an t-acht don Ghaeilge a bhí á lorg ag lucht na teanga ó thuaidh. Dúirt sé gur “céim thábhachtach” a bhí inti chun a aithint go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid d’fhéiniúlacht go leor den phobal i dTuaisceart Éireann agus gur mithid sin a aithint sa dlí.
Seán M
Moladh mór tuillte ag gach duine a throid i gcaitheamh na mblianta ar son cearta Gaeilge sa tuaisceart. Tá dul chun cinn thar na bearta déanta le tamall de bhlianta anuas agus is é seo toradh na hoibre. Maith iad an Dream Dearg agus an pobal uile.