Tá margadh déanta idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Breataine a chiallaíonn nach mbeidh aon teorainn chrua in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Dúirt an Coimisiún Eorpach ar maidin go raibh “dóthain dul chun cinn” déanta sna cainteanna maidir leis an mBreatimeacht le go bhféadfaí bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile agus cúrsaí trádála a phlé.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur “lá mór” a bhí ann d’Éirinn agus go raibh an margadh i dtaobh na teorann crua “dochloíte” ó thaobh na polaitíochta de.
Dúirt Varadkar nach raibh baol ar bith ann go raibh Rialtas na hÉireann “trying to exploit Brexit as a means of moving to a United Ireland without consent”. Dúirt sé go raibh dochar déanta ag an mBreatimeacht don chaidreamh idir Éire agus an Bhreatain ach go bhféadfaí an méid sin a chur ina cheart gan mhoill agus go mbeadh sé féin “ar an gcara is fearr” ag Príomh-Aire na Breataine agus an chuid eile de na cainteanna ar siúl.
Tá an margadh curtha faoi bhráid 27 mballstát an Aontais Eorpaigh agus má aontaíonn siad leis cuirfear tús leis an dara babhta cainteanna faoin mBreatimeacht.
De réir an mhargaidh nua, ní bheidh aon teorainn chrua in Éirinn agus ní chuirfear isteach ar stádas “bunreachtúil agus eacnamaíochta na Ríochta Aontaithe”. Thángthas ar réiteach chomh maith maidir leis na socruithe speisialta atá ag Éireannaigh atá ina gcónaí sa Bhreatain agus Briotanaigh atá ag cur fúthu abhus. Faoin margadh nua beidh gach duine a saolaítear sa Tuaisceart fós ina saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh.
Mhaígh an Taoiseach Leo Varadkar gur éirigh le Rialtas na hÉireann gach a raibh uathu a bhaint amach le linn na gcainteanna.
Dúirt an DUP, a chuir an margadh Breatimeachta a bhí nach mór aontaithe ag tús na seachtaine ó mhaith, gur éirigh leo sé ghealltanas a fháil sa mhargadh nua.
Chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Donald Tusk fáilte roimh an margadh ach dúirt sé go raibh an chuid “is déine” de na cainteanna Breatimeachta fós le teacht.
Theip ar na cainteanna Breatimeachta Dé Luain, nuair a chuir an DUP i gcoinne an mhargaidh. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh “iontas agus díomá” air nár éirigh le Rialtas na Breataine ceann a chur ar an margadh a shíl sé a bheith déanta.
Tuairiscíodh go raibh géillte ag an mBreatain go mbeidh ‘comhrialacháin’ (‘regulatory alignment) ann idir an dá thaobh den teorainn maidir le rialacháin trádála agus chustaim agus go leanfaí le trádáil earraí trasna na teorann boige gan bac ná seiceáil.
Dúirt Arlene Foster nach nglacfadh an DUP le haon athrú a scarfadh an Tuaisceart ó thaobh na heacnamaíochta nó na polaitíochta de ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe.
Dúirt Foster inniu nár éirigh léi gach a raibh uaithi a fháil sa mhargadh nua agus gur chomhairligh sí do Theresa May gan glacadh leis. Dúirt ceannaire an DUP, áfach, go raibh sí sásta nach mbeadh aon “bhaic nua rialacháin idir Tuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe”.
Fág freagra ar '‘Lá mór’ d’Éirinn agus margadh déanta chun nach mbeidh teorainn chrua ann i ndiaidh an Bhreatimeachta'