Lá brónach eile i dTuaisceart Éireann – meabhrú ar fhuath agus anró na seanaimsire

Léiríonn na tuairiscí faoi phríosúnaigh phoblachtacha a bheith ag ceiliúradh bhás Adrian Ismay an fuath agus an dúil san lámh láidir i measc na n-easaontóirí

EASTER-MESSAGE-03144N3-1024x597

Lá brónach eile i dTuaisceart Éireann, meabhrú ar fhuath agus anró na seanaimsire nuair a fógraíodh inné go raibh Adrian Ismay básaithe. Oifigeach príosúin 52 bliain d’aois ab ea é a gortaíodh in ionsaí pléisce ar an 4ú lá den mhí seo.

Ceapadh go raibh an t-ádh air nár maraíodh é san ionsaí a rinne an tIRA Nua, grúpa easaontóirí, air. Thit an buama den veain a bhí á thiomáint aige agus dá bhrí sin laghdaíodh neart na pléisce faoi shuíochán an tiománaí. Chaith sé roinnt laethanta san ospidéal agus measadh nár bhaol dá shláinte. Taobh istigh de sheachtain bhí sé marbh.

Dhearbhaigh polaiteoirí – a bhformhór acu atá i Washington le haghaidh Lá ’le Pádraig – nach ligfí d’fhoréigean na n-easaontóirí an tsíocháin a lot.

I bpríosún Mhaigh gCabraí, áfach, tuairiscíodh go ndearna príosúnaigh phoblachtacha –easaontóirí – ceiliúradh agus go raibh siad ag spochadh as na hoifigigh a bhí ar dualgas nuair a chuala siad faoi bhás Adrian Ismay. Slat tomhais é sin ar an bhfuath agus an dúil san lámh láidir i measc na n-easaontóirí atá ag déanamh buartha do na húdaráis.

D’fhógair an PSNI le déanaí go raibh na céadta gníomhach sna mionghrúpaí paraimíleatach a dtugtar easaontóirí poblachtacha orthu. Ceapadh go dtí sin go raibh níos lú ná dhá chéad bainteach lena bhfeachtas foréigin. Chomh maith leis an méadú ar líon na bparaimíleatach, bhí an PSNI buartha go raibh rún ag na heasaontóirí ‘ceiliúradh’ a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca le hionsaí ar phóilíní, saighdiúirí nó oifigigh príosúin. Údar imní é, chomh maith, daoine óga a bheith súite isteach sna grúpaí sin, meallta ar bhealach an fhoréigin.

Céim neamhghnách ab ea é gur thug an PSNI rabhadh faoi dhó an mhí seo faoin gcontúirt mhór a bhain leis na heasaontóirí poblachtacha. Is annamh a labhraíonn siad faoina gcuid oibríochtaí ach d’fhógair a Leas-Phríomh-Chonstábla go raibh méadú mór ar ghníomhaíochtaí na n-easaontóirí le tamall anuas. Dúirt an Leas-Phríomh-Chonstábla Kerr gur éirigh leis an PSNI roinnt ionsaithe a chosc, a thrí nó a cheithre oiread ionsaí agus a rinneadh.

Ceann de dhá eagraíocht atá gníomhach faoi láthair is ea an tIRA Nua, an dream a ghlac freagracht as an ionsaí ar Adrian Ismay. B’iadsan freisin a mharaigh an t-oifigeach príosúin David Black in 2013.

Díol suntais ab ea é gur i gcroílár oirthear Bhéal Feirste a leag siad an buama faoi veain Ismay. Chothaigh sé fearg agus corraíl i measc dhílseoirí go ndeachaigh paraimíleataigh phoblachtacha isteach ina gceantar. Measadh gur iarracht a bhí ann chun dílseoirí a ghríosú chun ionsaithe – cúis bhuartha don phobal ar fad.

Níl freagra is fearr a d’fheilfeadh do na heasaontóirí ná ionsaithe ó dhílseoirí. Ní féidir a thuilleadh iarrachtaí chun dílseoirí a ghríosú a chur as an áireamh ná an lámh láidir mharfach. Níl aon amhras faoin drochrún atá acu. Ní raibh riamh. Is é an cor nua ná go bhfuil siad níos láidre agus níos cumasaí ná mar a ceapadh a bhíodar.

Bhí siad contúirteach i gcónaí. Mar ba dhual do pharaimíleataigh riamh, bhí siad diongbháilte de nár ghá dóibhsean ach go mbeadh ‘an t-ádh’ orthu aon uair amháin chun sléacht a dhéanamh. Ar ndóigh, chaithfeadh na póilíní gach ionsaí a chosc. Buíon an-bheag de sheanpharaimíleataigh nár ghlac leis an tsíocháin a bhí iontu gan tacaíocht ar bith acu gurbh fhiú trácht air. Ba léir, le linn na corraíola i dtuaisceart Bhéal Feirste agus ar an Lorgain go raibh siad in ann daoine óga a thabhairt amach ar na sráideanna i mbun círéibe. Anois, áfach, leis an méadú ar a líon is cosúil go bhfuil cúpla céad duine a bhaineann le glúin eile meallta acu– a bhformhór a gcuirfear príosún orthu amach anseo mura n-athróidh siad a gcúrsa.

D’achainigh an PSNI ar an bpobal eolas ar bith atá acu a sholáthar dóibh. Níor mhiste do chomharsana agus gaolta na ndaoine óga seo an gníomh sin a dhéanamh, ní amháin chun foréigean a chosc ach chun an dream óg a tharrtháil.

Ar ndóigh, luíonn sé le réasún go bhfuil freagra ón lucht slándála riachtanach ach tá gníomh polaitiúil agus gníomh socheacnamaíoch de dhíth freisin. Bíonn eisceacht ar gach riail ach, ar an mórgóir, is ón gcúlra céanna iad na heasaontóirí óga.

Ní de sheans a tharlaíonn sé gur daoine óga gan deiseanna iad a thagann ó cheantair nár airigh díbhinn na síochána agus atá sáinnithe in eangach na n-easaontóirí dá bharr. Beidh clár rialtais faoi chaibidil ag na páirtithe as seo go ceann cúpla mí; tá sé in am acu a chinntiú go mbeidh rogha thairbheach ar fáil don óige bhocht.

Fág freagra ar 'Lá brónach eile i dTuaisceart Éireann – meabhrú ar fhuath agus anró na seanaimsire'

  • padraig

    Ni de bharr na bochataineachta no an imeallaithe amhain a theann sceimhlitheoiri ceangailte sa bhfoireigean fuilteach mar a leiriodh le sceimhlitheoiri oga ISIS sa Bhruiseil, ar daoine oga iad a raibh duil acu i ngunnnai agus i saol na sceimhlitheoireachta mar gheall ar an ‘buzz’ a thug se sin doibh. Ni raibh ach pairt an-bheag ag an gcreideamh ann, ma bhi, agus uineiri ti tabhairne ab ea beirt acu. Duil acu i gclubanna oiche, drugai, deoch agus leathar. Nior leor iad. Ba o cheantar cuiosach bocht iad ach ni ceantar dearoil ar fad e ach oiread. An bhfeadfai comparaid a dheanamh idir iad agus na heasaontoiri sin a theann amach ag lorg fola na bpoilini sa tuaisceart? Fiontraiocht agus galaimaisiocht ag teastail uathu, teacht amach as leamhas an tsaoil, b’fheidir? Mi-shastacht eisintiuil leis an ngnath-shaol, leis an ngnath ghairm-reim, leis an gach mac-rud, b’fheidir? Chuirfeadh se iontas orm da mba ide-eolaithe no reibiliunaithe engages iad ar nos Che Guevara agus a chamthai. Scriosunaigh agus cladhairi gan aird gan bean n ar einne na aon rud a dearfainn is ea a bhformhor mor acu. I bhfocal amhain ‘nihilists’, galar na linne seo.