Kneecap ag Glastonbury, Féasta Ceoil an Spidéil, Amhráin Chloch Cheann Fhaola le Lillis Ó Laoire

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Kneecap ag Glastonbury, Féasta Ceoil an Spidéil, Amhráin Chloch Cheann Fhaola le Lillis Ó Laoire

CAINT

Lillis Ó Laoire

Amhráin Chloch Cheann Fhaola le Lillis Ó Laoire

Beidh ócáid leis an Ollamh Lillis Ó Laoire ar bun in Óstán Loch Altan ar an Aoine, 3 Iúil ag a 8:00 i.n. mar chuid de shraith nua oícheanta liteartha agus cultúir ag Coiste Cuimhneacháin Choláiste Uladh.

Sa léacht seo, cuirfidh an tOllamh Lillis Ó Laoire síos ar amhráin agus ar amhránaithe (nó ceoltóirí mar a thugtar orthu go háitiúil) cheantar Chloich Chionnaola ag díriú ar Chartlann Bhailiúchán na Scol go háirithe.

Beidh béim faoi léith ar an méid a chruinnigh Séamus Ennis nuair a bhí sé sa cheantar sna 1940idí agus aird speisialta ar an bhailiúchán amhrán beannaithe nó iomainn dhiaga a thóg sé ó Nóra Ní Ghallchobhair, Nóra Dhonnchaidh Ghallchobhair, nó Nóra Thaidhg mar a thugtar uirthi ina ceantar dúchais.

CEOL

KNEECAP ag Féile Glastonbury

Beidh an banna KNEECAP ag seinm ar stáitse West Holts ag Féile Glastonbury an Satharn beag seo, ag 4:00 i.n. Seo an dara huair ag an mbanna as Iarthar Béal Feirste casadh ag an mórfhéile cheoil seo.  Is é West Holts an tríú stáitse is mó ag Glastonbury agus bíonn lucht féachana suas le 30,000 duine ann.

Ardaíodh ceisteanna faoin seó mar gheall ar chonspóidí éagsúla faoin mbanna. Bhí duine den ghrúpa Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair cúirte i Westminster Shasana an tseachtain seo caite agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.

D’eisigh an BBC ráiteas i rith na seachtaine ag rá nach mbeidh craoladh beo á dhéanamh ar an seó. Cuirfear tús le craoladh beo an BBC as Glastonbury ag 5i.n. ar an Satharn.

 

Féasta Ceoil an Spidéil do shéasúr an tsamhraidh

Tá sraith ceolchoirmeacha fógartha ag Stiúideo Cuan sa Spidéal d’Fhéasta Ceoil an Spidéil i mí Iúil agus scoth an cheoil thraidisiúnta le blaiseadh ann, le John Spillane, An Chéad Ghlúin Eile, Trá Pháidín, Síle Denvir, Pauline Scanlon agus go leor eile.

Beidh ocht gceolchoirm sa tsraith seo, ag tosú ar an Déardaoin, 10 Iúil leis na deirfiúracha Máire agus Étáin Ní Churraoin, aka An Chéad Ghlúin Eile, agus beidh an banna ceoil Trá Pháidín as Gaillimh, a d’eisigh a gcéad albam ‘An 424’ anuraidh, ar stáitse ar an Aoine an 11 Iúil.

Leanfaidh na ceolchoirmeacha ar aghaidh i rith mhí Iúil ag críochnú ar an 1 Lúnasa le Conor Connolly, Sorcha Costello agus Pádraig Ó Dubhghaill.

Ticéid agus clár le fáil anseo.

FÉILE

Féile Bród na Gaeltachta

Beidh Féile Bród na Gaeltachta ag dul ar aghaidh ón 3-6 Iúil agus tá clár leathan imeachtaí leagtha amach d’fhéile na bliana seo. Cuirfidh Lucy Ní Aodhagáin ceardlann nádúir dhátheangach ar bun ar an Déardaoin an 3 Iúil ar Thrá Mhachaire Rabhartaigh. Breathnófar sa cheardlann seo ar an aiteachas atá le fáil sa dúlra agus tabharfar léiriú ar éagsúlacht na beatha.

Tá an pharáid mhór bhróid ar an Satharn an 5 Iúil ar cheann de mhórimeachtaí na féile agus táthar ag súil le tacaíocht bhreá don imeacht arís i mbliana. Beidh an pharáid ag fágáil ó Ionad Naomh Fionnán agus is féidir clárú ag 2:00 i.n. Paráid ‘ghlas’ a bheidh i gceist agus gan aon fheithiclí mótair páirteach ann.

Cuirfear comórtas gearrscannánaíochta ar bun i rith na féile freisin agus 48 uair a’ chlog á thabhairt do rannpháirtithe le gearrscannán a dhéanamh. Beidh na scannáin bhuacacha á dtaispeáint ag féile scannán GAZE in 2026.

Gach eolas, agus clár na feile le fáil anseo.

SIÚLÓID

Siúlóid threoraithe i gCill Airne

Beidh cuairt threoraithe ar Ardeaglais Naomh Muire i gCill Airne leis an bpeileadóir agus staraí, Micheál Ó Gliasáin ar siúl ar an Satharn, 12 Iúil ag tosú ag a 11:00 r.n. Cuirfear tús le himeachtaí an lae le cupán tae agus bonnóga ag Deenagh Lodge, trasna an bhóthair ó gheataí na páirce náisiúnta.

Déanfar an chuairt threoraithe ar an Ardeaglais ina dhiaidh sin. Ina dhiaidh sin, beidh siúlóid tríd an bpáirc náisiúnta go dtí dealbh na Spéirmhná le Séamus Murphy, le clabhsúr a chur ar an tsiúlóid.

Fág freagra ar 'Kneecap ag Glastonbury, Féasta Ceoil an Spidéil, Amhráin Chloch Cheann Fhaola le Lillis Ó Laoire'