Joe Biden le hinsealbhú mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cuirfidh insealbhú Joe Biden deireadh le téarma uachtaránachta Donald Trump, réimeas nach annamh a tharraing aighneas agus conspóid

Joe Biden le hinsealbhú mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá

Déanfar Joe Biden a insealbhú mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá inniu. 

Cuirfidh insealbhú Biden deireadh le téarma uachtaránachta Donald Trump, réimeas nach annamh a tharraing aighneas agus conspóid. 

I ráiteas físeáin a chuir sé amach aréir ghuigh Trump rath “ar an réimeas nua”, cé nár luaigh sé ainm Joe Biden féin. Dúirt Trump gur ina tús a bhí a ghluaiseacht féin. “Ní raibh a leithéid riamh ann,” ar sé.

Go gairid tar éis an mheán lae inniu, am Washington, a chuirfear Joe Biden faoi mhionn na huachtaránachta agus Kamala Harris, faoi mhionn na Leas-Uachtaránachta. 

Lá iontach stairiúil é mar is í Harris an chéad bhean, an chéad duine den chine dubh, agus an chéad Mheiriceánach de bhunadh na hÁise a bheidh ina leasuachtarán ar Mheiriceá. 

Níl ann ach seachtain ó rinneadh réamhtheachtaí Biden a tháinseamh, an chéad Uachtarán ar Mheiriceá a táinsíodh faoi dhó.  

Tabharfaidh Joe Biden a chéad óráid mar Uachtarán inniu agus é geallta aige go míneoidh sé “a fhís chun an phaindéim a chloí, an tír a atógáil níos fearr ná a bhí sí, agus an náisiún a aontú agus a chneasú”. 

Ceithre bliana ó shin deireadh a chur le “tubaiste Mheiriceá” nó “American Carnage” an téama a bhí ag an Uachtarán Trump ina chéad óráid. 

“Meiriceá Aontaithe”  an téama a bheidh ag Biden inniu. 

Ag breathnú amach ón éadan thiar den Chaipeatól, an foirgneamh céanna a dtug lucht  tacaíochta Trump ruathar faoi níos túisce i mbliana, a bheidh Biden nuair a fhógróidh sé a mhian go ndéanfaí na créachta atá ar an tír a chneasú.

Is mór idir an t-insealbhú seo agus cinn eile agus dhá chúis atá leis sin: an Covid-19 agus an teannas atá in Washington de bharr gur dhiúltaigh Trump glacadh leis gur bhuaigh Biden an rás.

Iarradh ar dhaoine fanacht amach as Washington agus tá dianslándáil i bhfeidhm le seachtain. 

Beidh 25,000 comhalta den Gharda Náisiúnta ar dualgas sa chathair, tá fálta slándála breise socraithe ansin agus tá an Teach Bán agus roinnt sráideanna ina thimpeall dúnta. 

Cara le muintir Biden, an tOirmhinneach Leo J O’Donovan, Íosánach a bhí tráth ina uachtarán ar Ollscoil Georgetown, a chuirfidh tús leis an ócáid.  

Díreach tar éis bhuille an mheán lae cuirfidh an Príomh-Bhreitheamh John Roberts an tUachtarán tofa faoi mhionn na hUachtaránachta ar chóip mhuintir Biden den Bhíobla, cóip atá 127 bliain d’aois.

Agus mionn na hoifige glactha ag Biden, beidh sé ar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Seo í a mhionn:

“Geallaim go sollúnta go gcomhlíonfaidh mé dualgais Oifig Uachtarán na Stát Aontaithe agus go ndéanfaidh mé mo dhícheall bunreacht na Stát Aontaithe a chaomhnú agus a chosaint.”

Beidh dhá Bhíobla ag Harris, ceann Thurgood Marshall (1908-1993), an chéad bhreitheamh dubh riamh ar an gCúirt Uachtarach agus trodaí ar son chearta sibhialta. Le Regina Shelton an Bíobla eile, bean a bhí ina comharsa ag Harris agus í ag fás aníos in California agus a raibh cion an domhain aici uirthi.  

Lady Gaga a chanfaidh an t-amhrán náisiúnta agus táthar ag súil le stéibh ó Jennifer Lopez, Bruce Springsteen agus Garth Brooks chomh maith.

Agus na mionnaí glactha agus iad insealbhaithe, déanfaidh Biden agus Harris an léirbhreithniú traidisiúnta ar na trúpaí a bheidh ansin as gach brainse den tseirbhís. Siombail atá sa  ‘Pass in Review’ seo don aistriú síochánta cumhachta go dtí Ard-Cheannasaí nua.  

Agus sin déanta, rachaidh an tUachtarán nua agus a bhean chéile, an Dr Jill Biden, an Leas-Uachtarán nua agus a fear céile, Doug Emhoff, go dtí Reilig Náisiúnta Arlington mar a leagfaidh siad fleasc ar Thuama an tSaighdiúra Anaithnid. 

Ina dteannta beidh na hiarUachtaráin Barack Obama, Bill Clinton agus George W. Bush agus a gcéilí Michelle Obama, Laura Bush agus Hillary Clinton. 

Ní bheidh an bál traidisiúnta ann anocht mar gheall ar an gcoróinvíreas agus ócáid teilifíse a bheidh ann ina áit. ‘Ceiliúradh ar Mheiriceá’ atá tugtha ar an ócáid sin a bheidh á cur i láthair ag an aisteoir Tom Hanks.

Beidh triúr iarUachtarán i láthair ag an insealbhú inniu – Barack Obama, George W. Bush agus Bill Clinton. Beidh an Leas-Uachtarán Mike Pence é féin i láthair, ach chinn an tUachtarán Donald Trump gan freastal ar insealbhú a chomharba, an chéad uachtarán a rinne a leithéid de chinneadh ó Andrew Johnson in 1869. 

Thart ar cheithre uair an chloig sula gcuirfear Biden faoi mhionn, beidh ócáid ar siúl in ómós do Donald Trump ag bunáit mhíleata in Maryland.  

Tá sé i gceist ag Trump an Teach Bán a fhágáil maidin inniu agus tabhairt faoina thuras deiridh ar Air Force One ó dheas go dtí Mar-a-Lago, a ionad saoire in Florida.

Kamala Harris

Tá Joe Biden i gceartlár shaol na polaitíochta i Meiriceá le leathchéad bliain. Bhí ina sheanadóir agus ina leasuachtarán agus tá buaic an Tí Bháin bainte amach aige ar a thríú hiarracht ar an bpost.

Tá sé 77 bliain d’aois, an tUachtarán is sine riamh a toghadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thug Biden iarracht ar ainmniúchán a pháirtí cheana i 1988 agus in 2008.

Roghnaíodh ina dhiaidh sin é mar chomhiarrthóir leis an Uachtarán Barack Obama.

‘Laoch sona Mheiriceá’ a thug Obama air.

De bhunadh na hÉireann é Biden ó thaobh a athar is a mháthar agus tá a chion ar Éirinn curtha in iúl aige cúpla uair ó toghadh é.

As contae Lú a d’fhág a shin-seanathair in 1850 agus ba é Joe Biden an chéad Chaitliceach a bhí ina Leas-Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Thug sé cuairt ar a  dhaoine muinteartha i mBéal an Átha i gcontae Mhaigh Eo in 2016.

An 20 Samhain 1943 a rugadh Joseph Robinette Biden Jnr i mbaile mór Scranton in Pennsylvania, atá suite i gceantar lucht oibre i gcrios na meirge. Dream a bhí bródúil as a ndúchas Gaelach Caitliceach a bhí ina mhuintir a raibh ceathrar clainne orthu agus ba é Joe an té ba shine.

D’aistrigh a mhuintir go Delaware nuair a bhí Joe 10 mbliana d’aois agus ba ansin a thug Biden faoin bpolaitíocht.

Díoltóir carranna a bhí ina athair ach bhí cúrsaí sa tionscal sin go dona sna 1950idí agus bhog an teaghlach go Delaware.

D’fhág an tubaiste lorg trom air – an chéad bhean a bhí pósta aige, maraíodh í féin agus a n-iníon i dtimpiste bhóthair agus mharaigh an ailse mac leis.

Sa mbliain 1972, chuaigh a bhean Nellia agus a dtriúr páistí amach ag déanamh siopadóireacht na Nollag. Maraíodh a bhean agus Naomi, cailín beag bliain d’aois sa timpiste. Gortaíodh an bheirt mhac sa timpiste sin agus ar Joe a bhí a gcúram feasta.

Chas Joe Biden agus Jill Jacobs ar a chéile cúpla bliain ina dhiaidh sin agus phós siad i 1977.

Ní raibh a mhac Beau ach 46 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé de bharr ailse inchinne. Bhí Beau gníomhach i gcúrsaí polaitíochta chomh maith.

Bhí an-drochstad ina chuid cainte agus é ina bhuachaill óg, fadhb a thuill an leasainm ‘Dash’ dó.

Deir Biden gurb é an chaoi a bhfuair sé an ceann is fearr ar an stad sin filíocht WB Yeats a aithris os comhair scátháin agus deir sé go gcuireann sé comhairle ar dhaoine óga a bhfuil an fhadhb chéanna acu.

Toghadh go dtí an Seanad Biden i 1972 do Delaware agus gan é ach 29 bliain d’aois. Bhí sé ina Sheanadóir ansin go ceann 36 bliain nuair a rinneadh Leas-Uachtarán de le Obama ó 2009 go dtí 2017.

Fág freagra ar 'Joe Biden le hinsealbhú mar an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá'

  • Conall

    Tá muid ag súil go mór le réimeas Joe Biden anseo i gCalafoirne.

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfoire Dia ar an Ghin sa Bhroinne faoi g-ceannais Biden agus Harris.
    Go bhfóire Dia orainn uilig.