Ba í an oíche roimh Nollaig í agus timpeall an tí
Ní raibh deoraí ina gcodladh
Bhí siad uilig ina suí.
Bhí na stocaí ar fad crochta, nóiméad ó shin
Ach cé a tharraing anuas iad?
Féach! Sin ceann sa mbin.
Ar na leapachaí teolaí bhí na páistí ag léimneach
Aislingí Nollag ina n-intinn ag géimneach.
Is bhí Mamaí ag fógairt, is bhí Daidí ag guí
Nach mbeadh sé i bhfad anois
Go mbeidís ar fad ina luí
Ach éist!
Amuigh sa ghairdín, d’airigh siad gleo
Ar nós cloigíní beaga agus Hó! Hó! Hó!
Bhreathnaigh amach is níor chreid siad a súile.
Ní chloisfeá gíog uathu ná aon ruaille buaille
Nuair a chonaic siad féasóg agus cóta mór dearg
Mála mór bronntanas ar a dhroim ar a learg.
Is é a bhí ann, San Nioclás, é fhéin
ar a thuras draíochtúil i bhfad is i gcéin.
Bhrúigh siad a srón suas leis an ngloine
Ar thóir amharc níos fearr ina nduine is na nduine
Ar an dá shúilín lonrach is an luisne ina ghrua
A ualach féiríní á iompar aige gan dua.
Arsa Mamaí i gcogar, ‘Isteach sa leaba go beo
Má fheiceann Santaí sibh, ní fhágfaidh sé aon cheo.’
Ach d’fhan siad ansin ag breathnú go grinn
Ar an duine beag meidhreach a bhí ag déanamh ar an mbinn.
Leath a gcuid súile le hiontas is áthas
Ach bhí páiste amháin ag tochas a baithis
Nach aisteach dar léi, nach aisteach go deo
‘Tá Santaí,’ a dúirt sí, ‘an-chosúil le Daideo!’
Ach d’imigh sé leis timpeall an chúinne
Is bhí sé thar am anois go gcodlóidis ruainne
Isteach leo ina leapacha te teolaí is teo
D’aislingí séimhe lán spraoi agus só
Luigh siad siar is dhún siad na súile
Is iad ag socrú chun suain cheap siad gur chuala
Glór beag ag teacht ó threo an tsimléir
Nollaig shona, a chairde, is oíche mhaith daoibh go léir.
Fág freagra ar '‘Isteach sa leaba go beo, Má fheiceann Santaí sibh, ní fhágfaidh sé aon cheo’'