Is oth liom a rá a Chonradh na Gaeilge, ach ní féidir náire a chur ar Fhine Gael ná Fianna Fáil 

Cé a chreideann faoin am seo go bhfuil fonn ar pháirtí mór ar bith fís teanga nó chultúrtha a fhíorú? 

Is oth liom a rá a Chonradh na Gaeilge, ach ní féidir náire a chur ar Fhine Gael ná Fianna Fáil 

Moltar an obair ach cé a chreideann faoin am seo go mbeidh rath uirthi? Ó Chonradh na Gaeilge a tháinig an preasráiteas an lá faoi dheireadh: “Tá sé sé thar am go bhfreastalóidh an Stát go cothrom ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge le seirbhísí sásúla as Gaeilge agus tá an deis ann sin a chinntiú anois trí reachtaíocht láidir a aontú.”

A Thiarna, déan trócaire orainn, ach tá reachtaíocht teanga, Bille na dTeangacha Oifigiúla (2019), idir lámha ag polaiteoirí faoi láthair. 

Más ar iomaire achrannach na teanga a shaothraíonn tú, seans mór go mbeifeá báúil leis mar ráiteas. Sea, tá sé “thar am” go gcaithfeadh an Stát go cothrom le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus seirbhísí “sásúla” a chur ar fáil. Thar am, gan cheist. Ach cé a chreideann go ndéanfar? Cé a chreideann faoin am seo go bhfuil fonn ar pháirtí mór ar bith fís teanga nó chultúrtha a fhíorú? 

Déarfainn más den earnáil thú go spreagfadh focail uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, splanc inteacht i do chroí agus é den tuairim gur “mór an náire é 100 bliain níos déanaí nach féidir le pobal na Gaeltachta nó pobal na Gaeilge seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát go fóill”.

Sea, ach braitheann ‘náire’ ar dhuine bheith náireach, ar thuigse éigin ar “cheart” agus “éigeart”. Náire ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil? Tá siad i gcomhrialtas le chéile. Déarfadh mórán daoine, bunaithe ar stair fhuilteach na bpáirtithe sin, gur mór an náire é sin. Ní dhearna Trump agus Biden margadh den tsórt sin le chéile; troid pholaitiúil chun báis atá ar siúl go fóill idir an dá champa sin thall. Ní chreidfeá, dá laghad prionsabal atá ag Boris, go ndéanfadh sé margadh den tsórt sin le Sior Keir Stamer nó go bhfeicfeá Marion le Pen agus Emmanuel Macron ag siúl le chéile, lámh ar láimh, síos an Champs-Élysées. 

Dá olcas iad, tuigeann siad uilig go mbeadh náire i gceist le margadh den tsórt sin nach bhféadfaí a chosaint. Tá teorainneacha ann nach féidir le polaiteoirí féin a thrasnú.

Ach amháin abhus.

Rinne na Léinte Gorma agus Saighdiúirí na Cinniúna (agus sea, an dream eile), rinne siad margadh le chéile a bhí náireach; luigh an leon síos leis an uan ionas nach mbeadh Sinn Féin i rialtas i mBaile Átha Cliath; ach bíodh an diabhal ag Béal Feirste. 

(Nach bhfuil an margadh a rinne Fine Gael agus Fianna Fáil lán chomh suarach leis an mhargadh a rinne Sinn Féin agus an DUP in Stormont lá den tsaol? Ó, sea, sea, sea, tuigim cad is Realpolitik ann ach nach bhfuil?) 

Cad é mar a náiríonn tú polaiteoirí nach mbíonn le náiriú, mar sin? Cad é mar a mheallann tú iad nó cad é mar a mhúsclaíonn tú iad nó conas a spreagann tú iad le meas mar is ceart bheith acu ar oidhreacht, chultúr, dhúchas phobal seanbhunaithe? Ní mheallann, ní mhúsclaíonn agus ní spreagann mar baineann na nithe sin le luachanna nach bhfuil acu. Maireann muid i ré an domhandaithe; rud atá sa duine anois; rud beo ar éigean a mhaireann le hobair a dhéanamh agus cáin a íoc agus, bhuel, sin é go bunúsach. 

Thairis sin, cad é mar a thugann eagraíochtaí teanga ar vótóirí a gcuid paidreacha a rá i nGaeilge? Cad é mar a thugann siad ar mhórchuid an phobail nach bhfuil spioradálta bheith spioradálta? Doiligh go leor a bhí sé sin roimh an drochshaol. Roimhe seo, chaitheadh an gnáthdhuine laethanta fada ag saothrú, abhus nó thar sáile, le cúpla pingin a fháil. 

Faoi ghlas a chaitheann an gnáth-Éireannach a shaol faoi láthair agus tá an seal seo i gcillín príobháideach a dtithe féin ag déanamh dochair mhóir dá gcuid deiseanna fostaíochta. Seans mór, ar ball, go mbeidh ar gach aon chréatúr beo tosú arís ar an tsaothrú ó bhreacadh an lae go titim na hoíche, abhus nó thar sáile. Seirbhísí sásúla Gaeilge? Ní bheidh sa Ghaeilge ag cuid mhór acu ach geimheal eile, geimheal a mbeidh ar an gheimhleach (Gaelach nó eile) íoc aisti.

“Tír gan teanga, tír gan anam”, mar sin, an seanmhana a ardú arís? Anam? “An spiorad nó an chuid inmheánach den duine a chreidtear a mhaireann tar éis a bháis,” de réir an fhoclóra Gaeilge-Gaeilge. Spiorad? Tá muid chomh saolta le cine ar bith eile in iarthar na hEorpa faoin am seo agus sin an fáth go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil i gcomhrialtas le chéile. Níl sa Stát acu ach ionad riaracháin, tuath tuarastail, ceantar cumhachta, fearann forlámhais.

Agus an méid sin amhlaidh, cad chuige a gcuirfeadh siad am agus airgead amú ar an Ghaeltacht agus an Ghaeilge? 

Fág freagra ar 'Is oth liom a rá a Chonradh na Gaeilge, ach ní féidir náire a chur ar Fhine Gael ná Fianna Fáil '

  • Sibéal

    Is fearr coinneal a lasadh ná do bheith ag ólagón sa dorchadas.

  • Antóin

    Dodhéanta. Ní féidir Fianna Fealltach Fáil ná Fine gan Ghael a náiriú.

  • Niall Comer

    Ní hionann sin is a rá nár chóir dúinn iad a choinneáil cuntasach. Ní ceadmhach neamhshuim.

  • Colm Ó Cearúil

    Na polaiteoirí curtha ar an eolas i leith mheoin an phobal faoi na leasaithe, ainneoin eadóchas an tiománaí sa buncar.

  • Seán Ó Donnchaidh

    “Sine mé ná an Chailleach Bhéarra”.
    Bhí ár Sinsir ina Réalteolaithe cúpla míle bliain sular dtógadh na Pirimid. Tá ár dteanga i bhfoirm scríofa, ceann de na teangacha is sine sa domhan.
    Níl i bpáirtí polaitíochta ach scéim sealadach.

  • Niall Comer

    Ní bhíonn sé de nós agam de ghnáth dul i mbun díospóireachta ar an méid a scríobhaim óir bunús an ama tig an cáineadh ó iománaithe ar an chlaí nach bhfuil sásta faic a dhéanamh ar son chúis na teanga seachas a bheith ag tabhairt amach toisc nach bhfuil aird chuí orthu féin. Sa chás seo, ní amhlaidh atá an scéal agus leis an fhírinne a dhéanamh, ní amharcaim air seo mar cháineadh ó iriseoir a bhfuil an-mheas agam air agus nach iománaí ar an chlaí é, ná baol air. Tá rud amháin a déarfaidh mé, mar fhreagra orthu siúd a chuireann in iúl gur cur amú ama é a bheith ag dul i ngleic leis an rialtas, is cuma thuaidh ná theas an rialtas céanna. Cad é a tharlódh, mar shampla, muna ndéanfaimis faic? Cad é a tharlódh, mar shampla, dá bhfanaimis inár dtost anuraidh faoi chiste cúitimh a bheith ar fáil do na mná tí nuair a cuireadh na coláistí samhraidh ar ceal? Cad é a tharlódh muna seasfaimis lá agus oíche ag geaftaí Stormount ag éileamh cearta do Ghaeil ó thuaidh? Cad é a tharlódh muna mbeimis toilteanach bliain i ndiaidh bliana dul i mbun troda leis na Gaill i nuachtáin na tíre agus i nduibheagán Twitter agus iad ag maíomh gur chóir deireadh a chur leis an Ghaeilge sa chóras oideachais? Má ghéillimid do neamhshuim agus easpa náire an rialtais, caillfear go deo muid.

  • Treasa

    A Niall Comer agus a Chóilín Ó Cearbhaill a chairde. Ná cailligí an misneach. Is fíor nach mór dúshlán a thabhairt dár bpolaiteoirí frithGhaelacha ach teastaíonn spreagadh faoi leith ó Ghaeilgeoirí óga na hÉireann freisin. Tá go leor Gaeilgeoirí óga agus lánúineacha Ghaelacha óga a d’fhreastail ar na meánscoileanna lánGhaelacha nó a tháinig as na Gaeltachtaí ag cur fúthu i gcathracha na tíre agus tá ag teip ar go leor acu lóistín a fháil fiú amháin ar cíos. Cén fáth nach mbunódh Conradh na Gaeilge cumann tithíochta do Ghaeilgeoirí óga i gcathair éigin sna 26 contae? Nó d’fhéadfadh baill an Chonartha tacú le daoine óga atá sásta tabhairt faoina léithéid a dhéanamh dóibh fhéin. Rinne siad é i mBéal Feirste. Cuirfeadh sé gliondar ar ár gcroíthe dá mbeadh a leithéid á phleanáil agaibh comh maith leis an troid go léir ar son cearta a fháil. Tá teanga na tíre ag braith ar an óige

  • Seán Ó Donnchaidh

    ….. ach sin an córas daonlathach agus caithfear obair leis. Níl aon slí eile. :)