Is olc an ghaoth nach séideann do speiceas éigin – ag na neantóga a bheidh ár gcuid gairdíní

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Agus teas agus triomach san Eoraip, tá cinntí faoi bhás agus beatha le déanamh ag ár gcolúnaí i ngairdín a mháthar

Is olc an ghaoth nach séideann do speiceas éigin – ag na neantóga a bheidh ár gcuid gairdíní

Mí atá caite ag an Saoithín Aeráide san Ísiltír anois ag tabhairt aire do ghairdín a mháthar agus níor thit deoir bháistí sa tréimhse sin – spéir ghorm gan stad gan staonadh, gan scamaill agus gan trócaire don ghairdín bocht.

Anoir aduaidh a tháinig an ghaoth ar feadh na chéad trí seachtaine agus d’fhág sin go raibh sé fuar go leor don tréimhse sin den bhliain; tharla go raibh an t-earrach ar cheann de na cinn ba fhliche le cuimhne na ndaoine agus d’ainneoin an triomaigh bhí uisce fós san ithir.

Ach sa dara seachtain de mhí an Mheithimh d’athraigh an ghaoth; anoir a tháinig sí anois agus thug léi teas aisteach. Rinneadh gal den uisce a bhí fágtha ag fréamhacha na bplandaí.

In ainneoin a chuid prionsabal – tá uisce gann – thosaigh an Saoithín ag cur uisce ar an ngairdín leis an bpíobán. Sa tráthnóna amháin ar dtús agus ansin, nuair a d’ardaigh an teocht a thuilleadh, ar maidin freisin. Bhí trua aige do na plandaí agus na crainn; ní orthu an milleán faoin athrú aeráide.

Ach de réir mar a lean an triomach d’éirigh an Saoithín níos spárálaí. Thug sé uisce do na poipíní, don lus liath, do na cuiríní dearga, don rós bán a thug beirt iardhaltaí fliúite dá mháthair, don chastán Eorpach a chuir sé féin agus a dheirfiúr mhór anuraidh. Stop sé ag cur uisce ar an bhféar, a bhfuil dath donnbhuí air anois, agus ar na plandaí sin ar fad ar mhaith leo forghabháil a dhéanamh ar an ngairdín uilig: an líológ, na sméara dubha, na neantóga agus an ceann is measa acu ar fad, an vistéiria.

Is ea, tá an Saoithín ina dhia beag anois ag déanamh cinntí faoi bhás agus faoi bheatha i ngairdín a mháthar. Ach nuair a bhuailfidh sé bóthar i gceann míosa is é an nádúr féin a thabharfaidh faoin tsórtáil sin arís.

Casadh garraíodóir proifisiúnta ar an Saoithín agus seo a bhí le rá aige: ‘Ní mhairfidh sna blianta atá romhainn ach amháin na plandaí agus na crainn atá in ann ag gach cineál adhaimsire: teas, triomach agus díle.’

Gach seans gur mó líon na bplandaí agus na gcrann nach mbeidh in ann ag an athrú aeráide ná líon na gcinn a bheas, agus gur boichte a bheidh ár gcuid gairdíní agus páirceanna dá bharr.

Ach is olc an ghaoth nach séideann do speiceas éigin: más fíor don gharraíodóir proifisiúnta tá ré órga i ndán do na neantóga agus na sméara dubha, plandaí a thagann i dtír ar an nítrigin ar fad atá á shéideadh san aer ag ár gcuid carranna, monarchana agus beithíoch.

Agus an t-alt seo á scríobh ag an Saoithín tá athrú tar éis teacht ar an aimsir: den chéad uair le mí anuas tá dath liath ar an spéir agus aniar aneas atá an ghaoth ag séideadh mar is dual di sna bólaí seo.

Ach fós féin níor thit oiread agus deoir bháistí.

Fág freagra ar 'Is olc an ghaoth nach séideann do speiceas éigin – ag na neantóga a bheidh ár gcuid gairdíní'