Is mór idir laethanta William Patrick Maley agus Neil Lennon…

Cothú na doininne ab ea an líon beag bainisteoirí a bhí ag Celtic sa 100 bliain ba thúisce ar an saol acu, mar tá 16 duine tagtha agus imithe ón lá sin i 1991 ar chuir Liam Brady a chosa i mbróga Billy McNeill

Is mór idir laethanta William Patrick Maley agus Neil Lennon…

Neil Lennon. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá Neil Lennon ar ais i ngreim sa halmadóir in Parkhead, áit arbh é Billy McNeill an t-aon duine eile a fuair dhá dheis ar chúram lánaimseartha na bainistíochta ar Glasgow Celtic.

Bhí McNeill ar ndóigh ar dhuine de mhórlaochra an chlub lenar imir sé 822 cluiche in imeacht 18 séasúr, é ina chaptaen nuair a bhuaigh siad naoi Sraithchomórtas as a chéile agus ar ndóigh Corn na hEorpa i 1967.

Tá dealbh dó agus an corn sin ina lámha aige taobh amuigh de Celtic Park.

Thuig bainisteoir na linne Jock Stein go mba é a chaptaen a chomharba agus mhol do Aberdeen an post a thabhairt dó. Faoina chúram chríochnaigh siad sa dara háit i bPríomhshraith 1977-78, trí áit chun cinn ar fhoireann Stein.

Ainneoin a raibh bainte amach aige siúd bhí brú ag teacht air éirí as mar bhainisteoir ar Celtic tráth an ama sin. Bhain drochghortú dó i dtimpiste bhóthair cúpla bliain roimhe agus nuair a fuair Stein geallúint go bhféadfadh sé a chomharba féin (McNeill) a ainmniú, sheas sé i leataobh agus é den tuairim go raibh sé le ceapadh mar dhuine de stiúrthóirí an chlub – rud nár tharla.

Dála an scéil ba é Alex Ferguson a ceapadh mar bhainisteoir ar Aberdeen nuair a d’athraigh Billy McNeill ar ais go Celtic.

Sna cúig bliana ba thúisce a chaith sé ansiúd mar bhainisteoir (1978-1983) bhuaigh a fhoireann an tSraith trí huaire. Ainneoin sin níor réitigh McNeill agus Cathaoirleach Celtic, Desmond White lena chéile. Bhí pá an bhainisteora mar chnámh spairne amháin – fuair McNeill amach go raibh ar a laghad cúigear bainisteoirí eile i bPríomhroinn na hAlban a bhí ag saothrú níos mó ná mar a bhí seisean.

Tháinig buille maraithe na muice nuair a shocraigh an Cathaoirleach Charlie Nicholas a dhíol le Arsenal in aghaidh thoil McNeill a bhuail bóthar go Sasana.

Iarimreoir eile David Hay a tháinig ina áit (1983), ach ceithre bliana dár gcionn bhí bóthar buailte aige siúd agus McNeill ar ais i mbun an chúraim tar éis dó an t-ardú céime a bheith bainte amach aige le Manchester City i Sasana.

Bhuaigh Celtic an tSraith agus an Corn an chéad séasúr ar ais ag McNeill (1987-1988), bliain Chomóradh a gCéid . Choinnigh seilbh ar an gCorn an séasúr dár gcionn. Ach ba é sin tús ré ghlórmhar a ndeargnaimhde.

Bhuaigh Rangers comórtas na Sraithe naoi n-uaire as a chéile idir 1989 agus 1997, bhí an chéad trian den ghaisce sin déanta acu nuair a fuair Billy McNeill bata agus bóthar.

Nuair a shiúil Billy McNeill amach geataí Celtic Park faoi Bhealtaine 1991 bhí sé ag fágáil slán ag club nach raibh ina cheannas roimhe ach seisear, cé go raibh sé os cionn céad bliain ó bhunaigh an Bráthair Walfrid (Aindréas Ó Céirín) as Baile an Mhóta i Sligeach an cumann i Halla Eaglaise Naomh Muire ar Shráid an Róis i nGlaschú ar an 6ú Samhain 1887.

William Patrick Maley a bhí ar an mbainisteoir ba thúisce ar an gclub agus má chaith aon duine eile achar níos faide i bpost dá chineál in aon áit ar domhan, níor chuala mise ar chuma bith aon trácht fós air.

Dhá scór agus trí bliana (1897-1940) a chaith an Máilleach mar bhainisteoir ar an gclub a raibh sé ag imirt leo le deich mbliana roimhe sin. Ba in Iúr Chinn Trá a saolaíodh é ach ba de bhunadh chontae an Chláir a athair. Ní raibh sé ach 29 nuair a ceapadh i gceannas na foirne é agus ba mhór idir an modh oibre a bhí aige agus leagan amach an lae inniu.

Ní mba nós le Maley riamh freastal ar sheisiúin traenála ná go deimhin labhairt lena chuid imreoirí sula dtosódh cluiche, ag leath ama ná ina dhiaidh. Sna nuachtáin a gheobhadh na himreoirí céanna an t-eolas faoi iad a bheith roghnaithe ar an bhfoireann nó gan a bheith. Bhuaigh Glasgow Celtic an tSraithchomórtas 16 uair agus an Corn 14 uair faoina cheannas.

Iarimreoir eile Jimmy McStay (1940-1945) a tháinig mar chomharba ar Maley ach d’fhág an Dara Cogadh Domhanda go raibh comórtais an tsacair curtha ar athló ar fad nach mór le linn an ama sin.

D’fhan Celtic dílis do na hiarimreoirí nuair a cheapadar Jimmy McRory arbh as Dún na nGall a thuismitheoirí mar bhainisteoir i 1945. Scór bliain a chaith seisean sa bpost agus ba le linn an ama sin a ceapadh Robert Kelly mar chathaoirleach. Ceapachán a bhí thar a bheith cinniúnach ab ea é siúd, cé go bhfuil siad ann a deir go mb’fhaisean leis an gCeallach a ladar a chur i roghnú foirne agus i gcúraimí eile bainistíochta. Fós réitigh sé féin agus McRory go maith lena chéile.

Chaith Kelly tamall ina Uachtarán ar Chumann Sacair na hAlban, ach ba iomaí easaontas a bhí idir é agus an eagraíocht sin freisin, go háirithe i 1952 nuair a rinneadar iarracht a chur faoi ndeara do Celtic bratach na hÉireann a bhaint anuas i Parkhead.

Jock Stein a bhí i gceannas idir 1965 agus 1978, cé is moite de thamaillín a chaith Seán Fallon i mbun an chúraim go sealadach tar éis do Stein a bheith sa dtimpiste bhóthair. Ba as Sligeach an Fallúnach ó dhúchas agus scóráil sé dhá chúl d’fhoireann an chontae sin in aghaidh Chiarraí sa tSraith Náisiúnta Peile i 1948 sular thug sé a dhílseacht don sacar.

Cothú na doininne ab ea an líon beag sin bainisteoirí a bhí ag Celtic sa 100 bliain ba thúisce ar an saol acu, mar ó shin, i gceathrú cuid den achar sin, tá 16 duine tagtha agus imithe ón lá sin i 1991 ar chuir Liam Brady a chosa i mbróga Billy McNeill agus bóthar buailte aigesean den dara huair.

Ba é an Brádach an chéad duine ar tugadh an cúram go lánaimseartha dó nárbh Albanach ó dhúchas é. Éireannaigh freisin iad Neil Lennon atá ar ais sa bpost, Brendan Rogers a bhí ann roimhe agus Martin O’Neill a bhí ann ó 2000-2005.

Ba as Poblacht na Slóvaice Wim Jansen a ceapadh i samhradh na bliana 1997. Bliain dár gcionn ní hamháin go raibh an Phríomhroinn buaite ag Celtic ach bhí an churiarracht 10 gcraobh as a chéile coinnithe acu óna ndeargnaimhde. Fós bhuail Jansen bóthar.

An t-achar céanna a chaith an dá bhainisteoir a lean sa bpost – Jozef Vengloš as an tSlóvaic agus an Sasanach/Iamácach John Barnes, a raibh a chosa nite nuair a bhuaigh Inverness-Caledonian Thistle ar Celtic sa gCorn i mBliain na Mílaoise. 10 mí a chaith Sasanach eile Tony Mowbray ina bhainisteoir ar na Ceiltigh in 2009/10.

Ní fada ach oiread a mhair tréimhse na ndúchasach, fiú iad siúd a d’imir don chlub – bhí bóthar tugtha do Lou Macari ag an úinéir nua Fergus McCann in imeacht naoi  mí; rinne sé amhlaidh le Tommy Burns.

Aisteach go leor ainneoin nár imir sé féin do Celtic riamh, is é Gordon Strachan an tAlbanach is faide a mhair sa bpost le blianta beaga (2005-2009), agus bhí siad ina seaimpíní ar an bPríomhroinn trí shéasúr acu sin.

Dá fheabhas agus a bhí sé, is deacair a shamhlú as an méid sin go mbeadh William Patrick Maley chomh fada i mbun an chúraim agus a bhí i saol an lae inniu.

Fág freagra ar 'Is mór idir laethanta William Patrick Maley agus Neil Lennon…'