Is mór a d’fhoghlaim mé ó mo cheist bheag fhonóideach ar mo sheanchara Sasanach

Cur is cúiteamh oscailte a bhíonn ó na Caecair, comhthuiscint seachas smacht, sceon is cinsireacht tuairimí

Is mór a d’fhoghlaim mé ó mo cheist bheag fhonóideach ar mo sheanchara Sasanach

Sasanach cruthanta ab ea í, a cheapas. Ar a dhá glúin agus ‘olagón ó’ aici mar a bhí ag an saol is a mháthair san oileáinín deoranta san taobh linn, ag caoineadh na banríona a bhí bailithe léi ar shlí na fírinne. An ceann ar fad caillte acu, is aici.

Deich lá dubh-bhróin is cuimhneacháin. An t-aer is an talamh tite ar a chéile.

Bhíos lánsiúrálta dhe.

Saoire beartaithe againn le chéile go luath. Leisce orm dul i dteagmháil léi ar eagla go ndéarfainn rud éigin ná beadh ómósach a dhóthain.

Nuair a bhuaileas bas ar mo chroí ar deireadh, mar a deireadh mo mháthair fadó, agus labhairt léi, d’fhág sí gan focal mé, ó b’annamh liom.

‘An bhfuil tú thíos ar do dhá ghlúin fós?’ arsa mise léi chun seoigh.

‘Ní chreidimse in Ordlathas ná Céimlathas,’ ar sise. ‘Is Caecar mé, ball de Chumann na gCarad. Ní umhlaímidne go talamh d’éinne, cuma cén teideal atá orthu.’

Sasanach ná creideann sa Teaghlach Ríoga? An bhféadfadh a leithéid a bheith ann.  Ach mar a deir an Conamarach, is fánach an áit…

Sa Spáinn ar chúrsa machnaimh is ióga a bhuail sí liom an chéad lá, roinnt mhaith blianta siar. Bhí paiste cleachtan againn ann, gan trácht ar chúpla taoscán Rioja anois is arís. Craic ar dóigh mar a deir an Conallach.

‘In ainm dílis Dé,’ arsa mise léi, gan blaiseadh d’íoróin, ‘cuir chugam eolas éigin ar na daoine breátha san, Cumann na gCarad, na Caecair, más mar sin atá agaibh.’

I lár an 7ú haois déag a bunaíodh Cumann na gCarad i Lancashire Shasana. Leathadar amach as san go Meiriceá agus dtí an Afraic.

Creideann siad go hiomlán i gcothromaíocht idir daoine. Níl íseal ná uasal acu.

Ag na cruinnithe a bhíonn acu, faigheann gach éinne éisteacht. Tugann aitheantas i gcónaí do dhá thaobh an scéil. Léann an Bíobla, ach ní gá go nglacfaidís lena bhfuil scríte ann. Tugann an t-aitheantas céanna do thuairimí agus fealsaimh Bhúdacha, Hiondúise, Ghiúdacha agus teachtaireachtaí síochána Moslamacha.

Cur is cúiteamh oscailte a bhíonn uathu, comhthuiscint seachas smacht, sceoin is cinsireacht tuairimí.

Bhíodar go mór ar son deireadh a chur le sclábhaíocht an chine ghoirm, agus ar son cothromaíocht cearta idir mná is fearaibh i bhfad sara raibh caint ag aon dream eile ar a leithéidí. Cuid mhaith des na cinnirí ban a bhí i ngluaiseacht na Sufraigéidí, ba Chaecair iad.

Bhíodar in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir, go háirithe i Leitir Fraic, i gcúige Chonnacht. Cheannaíodar talamh, a deineadh a threabhadh is a fhuirseadh, thógadar tithe d’oibrithe is do cheardaithe, bhunaíodar scoil, d’oscail siopaí agus thóg Halla Measarthachta, ina raibh cosc ar ólachán.

Faraor tar éis dóibh an dúthaigh a fhágaint, lean droch-chlú an scoil chéanna nuair a bhí sé fé cheannas na mBráithre ná raibh róChríostaí. Dream a chéas is a chráigh na glúnta de bhuachaillí óga de shliocht na mbocht ar feadh i bhfad, mo náire iad.

Nach mise a d’fhoghlaim mórán lem cheist bheag neafaiseach fhonóideach, ar mo sheanchara Sasanach.

Ardú croí é teacht trasna ar chomhluadar  a bheadh chomh neamhspleách san, go háirithe agus suas le 70 milliún duine ina dtimpeall croíbhriste ag bás a mbanríona, agus a’ féachaint cam ar éinne ná mbeadh ar aon dul leo.

Cúis dóchais.

Fág freagra ar 'Is mór a d’fhoghlaim mé ó mo cheist bheag fhonóideach ar mo sheanchara Sasanach'