Is mise Lady Whistledown an Spidéil, ag cúléisteacht le gach comhrá le fáil amach cé nach bhfuil ag labhairt i nGaeilge

Má tá ‘an claonadh i dtreo an Bhéarla’ i measc theaghlaigh na Gaeltachta, bíonn “claonadh i dtreo na hargóna” i measc tuismitheoirí tuirseacha

Is mise Lady Whistledown an Spidéil, ag cúléisteacht le gach comhrá le fáil amach cé nach bhfuil ag labhairt i nGaeilge

Táimid ag neartú na Gaeltachta faoi dhíon s’againn féin le seachtain anuas agus an-toradh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn.

Ó foilsíodh an taighde le Tuismitheoirí na Gaeltachta an mhí seo caite, taighde a tharraing aird ar a laghad teaghlach (23%) atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge agus ar na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí an teanga a thabhairt dá gclann, tá tús curtha le ré úr Ghaelach sa nead bheag againn ar an Spidéal.

‘Ar son na cúise’ a d’fhág mo mhac dhá bhliain d’aois slán leis an chlár teilifíse is fearr leis Paw Patrol, cartún ar Netflix, ar cineál de shiúcra don tsúil é do pháistí. Má bhí 20 bomaite á gcaitheamh aige ag coimhéad ar Paw Patrol gach lá roimh a dhinnéar, is ionann sin agus 20 bomaite x 364 lá sa bhliain. Sin go leor leor Paw Patrol agus go leor leor Béarla.

I ndiaidh roinnt taghdanna feirge, tá an chuma ar chúrsaí go ndéanfaidh Rev agus Roll, cartún Gaeilge ar TG4, an beart! Anois, bímis dóchasach nach n-imeoidh sé sin ón seinnteoir gan choinne.

Ceann de na deacrachtaí móra a bhíonn ag tuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge nach mbíonn an teanga ag an bheirt tuismitheoirí. Cé gur Gaeilge a bhíonn á labhairt agam leis na páistí, Béarla a bhí á labhairt agam le mo chéile agus cuireann sin go mór leis an Bhéarla a chluineann na páistí.

Tá mé ag déanamh gurb é sin an gaiste is mó do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge ag an bheirt acu. Tá mo chéile le moladh go mór as a iarracht go dtí seo. Tá aip an fhoclóra aige ar an ghuthán agus cuireann sé abairtí isteach sa sintéiseoir Gaeilge ‘Abair’ lena cinntiú nach bhfuil sé ag dul amú leis an Ultachas ar fad.

‘Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin’

Tá buntáiste aige ó tharla gur tógadh i Maigh Eo é agus d’fhoghlaim sé Gaeilge ar scoil. Cluintear go minic faoi cé chomh deacair is atá sé teanga a athrú nuair atá cleachtadh agaibh beirt ar theanga áirithe a labhairt le chéile.

Ach tá buntáistí ann dúinne, nach raibh mé ag súil leis.  Má tá ‘an claonadh i dtreo an Bhéarla’ i measc theaghlaigh na Gaeltachta, mar a mhaítear i dtuarascáil nua Thuismitheoirí na Gaeltachta, bíonn “claonadh i dtreo na hargóna” i measc tuismitheoirí tuirseacha.

Ach is deacra i bhfad a bheith ag bruíon le chéile i nGaeilge nuair nach bhfuil duine amháin chomh líofa sin. Bua don teanga agus bua mór don teaghlach!

Lasmuigh den teach, tá mé mar a bheadh bean na Gaillimhe, Nicola Coughlan, sa tsraith Bridgerton le seachtain anuas. Is mise Lady Whistledown an Spidéil, ag cúléisteacht le gach comhrá is féidir liom le fáil amach cé atá ag labhairt i nGaeilge agus cé nach bhfuil.

I ndiaidh seachtaine den obair bhleachtaireachta, is léir an brú mór atá ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chuala mé lánúin óg ag caint i mBéarla le chéile ag ól caife sular shuigh tuismitheoirí an fhir óig síos leo.

Labhair na tuismitheoirí Gaeilge le chéile, Gaeilge le bean a mic agus Béarla lena mac féin. Bhí mé sa seomra feithimh i ndiaidh dom an vacsaín a fháil agus casadh beirt orm atá sna fichidí a bhfuil Gaeilge bhreá na háite acu. I nGaeilge a labhair siad liomsa ach is i mBéarla a labhair siad lena chéile, faraor.

An dochtúir féin, a labhraíonn Gaeilge liom i gcónaí, d’admhaigh sí nach mbíonn a cuid páistí sásta Gaeilge a labhairt léi. Béarla a bhíonn sa teach acu den chuid is mó mar nach bhfuil suim ar bith ag a fear céile sa Ghaeilge, a dúirt sí.

Tá samplaí maithe ansin den taighde atá le déanamh ar na teaghlaigh nach labhraíonn Gaeilge sa bhaile, ceann de phríomh-mholtaí an taighde nua. An ar mhaithe le leas na bpáistí a chinntear Béarla a labhairt leo nó an é go bhfuil sé níos fusa, fiú sa Ghaeltacht? Beidh torthaí an staidéir sin fíorshuimiúil má aimsítear an fhírinne.

Fáilteoidh mise roimhe mura mbeidh cur i gcéill i gceist!

Foilsíodh an t-alt seo cheana san Andersonstown News

Fág freagra ar 'Is mise Lady Whistledown an Spidéil, ag cúléisteacht le gach comhrá le fáil amach cé nach bhfuil ag labhairt i nGaeilge'

  • Colin Ryan

    Molaim do mhisneach, ach is snámh in aghaidh easa é.