‘Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin’

Freagra pearsanta ag ár dtuairisceoir ar an tuarascáil nua a léiríonn an claonadh i dtreo an Bhéarla atá i dteaghlaigh na Gaeltachta

‘Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin’

Tá muid ar cheann den 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Níl ach 23% den 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir taighde atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ is teideal don taighde, a tharraing cuid mhaith ar eolas ó Dhaonáireamh 2016 agus ar eolas a bhailigh lucht pleanála teanga sna limistéir pleanála teanga sna 26 contae.

Is i nGaeltacht na Gaillimhe agus Dhún na nGall atá formhór na dteaghlach atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá 1,414 de na teaghlaigh sin i nGaillimh agus tá 857 i nDún na nGall. 621 teaghlach atá ar fud na gceantar Gaeltachta eile, i gCiarraí, Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí.

Léirítear sa taighde nua, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, go labhraíonn 16% (4,090) de pháistí agus daoine óga faoi 18 sa Ghaeltacht Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Meabhrú atá sna figiúirí sin – a leochailí is atá an teanga fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, a laige is atá sí i gceantracha eile agus an céatadán beag de theaghlaigh na Gaeltachta atá ag cur stró orthu féin a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge.

Deir an Dr Neasa Ní Chuaig, príomhthaighdeoir na tuarascála gur léiriú é an taighde ar an “claonadh i dtreo an Bhéarla” atá i dteaghlaigh na Gaeltachta.

Tá “tacaíocht, treoir, agus comhairle” de dhíth ar thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge “ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu,” a deirtear sa taighde.

Deirtear gur chóir do na dreamanna ar fad atá ag obair le teaghlaigh na Gaeltachta teacht le chéile agus “plean cinnte” a leagan amach agus “maoiniú seasta” a lorg ó na húdaráis don phlean sin. Moladh chomh maith go ndéanfaí taighde eile le fáil amach cén fáth nach labhraíonn daoine ón Ghaeltacht Gaeilge lena bpáistí.

Seachas pacáiste beag ina raibh cúpla leabhar Gaeilge do pháistí agus leabhrán beag eolais ní fheicim go bhfuil aon tacaíocht, treoir ná comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Mar thuismitheoir, atá ina cónaí sa Ghaeltacht, tá sé deacair gan a bheith lagmhisniúil, go háirithe nuair is léir go bhfuil níos mó focal Béarla ag mo mhac dhá bhliain d’aois in ainneoin na n-iarrachtaí ar fad.

Tá muid inár gcónaí ar an Spidéal agus ní chuireann a bhfuil sa tuarascáil taighde aon iontas orm. Is é an Béarla is mó a chluintear i bpáirc spraoi an Spidéil, faraor. Bhuail mé le máthair amháin sa pháirc spraoi chéanna ar na mallaibh a cheannaigh teach ar an Spidéal le linn na dianghlasála. Saol nua faoin tuath a bhí uathu agus iad tinn tuirseach den saol san ardchathair, a dúirt sí. D’admhaigh sí chomh maith nár thuig sí “i gceart” go raibh an teach nua sa Ghaeltacht.

“Does that mean all the schools will be pushing the Irish?” ar sise.

Deirtear go bhfuil an Spidéal mar a bhí Bearna deich mbliana ó shin, agus ar an drochuair, is beag Gaeilge a chluinfeá agus tú ag siúl thart fán sráidbhaile sin inniu.

Is í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt agamsa leis na páistí. Béarla a bhíonn á labhairt ag mo chéile leo, cé go dtarraingíonn sé ar an Ghaeilge a d’fhoghlaim sé ar scoil agus leabhair á léamh aige. Labhraíonn an feighlí leanaí Gaeilge leo fosta agus tá muid an-bhuíoch go bhfuil an socrú sin againn. Tugadh suntas sa tuarascáil nua do na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí sa Ghaeltacht teacht ar fheighlithe leanaí a bhfuil Gaeilge acu toisc easnamh mór a bheith ann.

D’uireasa treoir, tacaíocht is comhairle a bheith ar fáil, tá mé chun beart réabhlóideach a dhéanamh chun an lagmhisneach a chur díom. Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin. Ní chluinfear focal Béarla ar aer nó ar scáileán sa teach seo fad a bhíonn na leanaí ina suí. Gaeilge ar fad a labhróidh mé le mo pháirtí go dtí go dtéann na leanaí a luí! Feicfimid an ndéanfaidh sé difear ar bith!

Foilsíodh an t-alt seo cheana san Andersonstown News

Fág freagra ar '‘Tá mé chun Gaeltacht a chruthú taobh istigh de mo theach féin’'

  • Caitríona

    Maith thú. Dhéanfadh tuismitheoirí eile go maith amhlaidh a dhéanamh! Iadsan ach go háirithe atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus atá ag tógáil a gclann as Béarla! Tá flúirse acu ann…..

  • Máire Nic F

    Maith thú Méabh…ní féidir an cheist seo a ardú minic go leor…lean ort

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Maith thú Méabh agus go n-éirí leat.

    Tá fadhb agam leis an abairt a deireann nach bhfuil ach “23% den 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir taighde atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.”

    Níl an scéal chomh duairc le sin. Ní ionann an Ghaeltacht agus an Ghaeltacht Oifigiúil.

    Tá an figiúr 23% don Ghaeltacht curtha as riocht mar go bhfuil go leor leor teaghlaigh sa Ghaeltacht oifigiúil curtha san áireamh sa tuarascáil, nach mbeadh sa Ghaeltacht dá mbeadh na teorannacha bunaithe ar critéar teangeolaíoch. Smaoinigh go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí sa ‘Gaeltacht Oifigiúil’ sna eastáit tithíochta ar imeall Cathair na Gaillimhe ná mar atá i gConamara Theas ar fad ó Bearna go Cárna.

    In Oirthear Chathair na Gaillimhe dúirt an tuarascáil go bhfuil 929 teaghlaigh le páiste faoi 18 ach ní labharann ach 2.6% de na páistí sna teaghlaigh sin Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. In Eachréidh na Gaillimhe (thart ar Baile an Chláir) tá 1,144 teaghlaigh le páiste faoi 18 agus gan ach 2.26% de na páistí sna teaghlaigh sin ag usáid Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. An fhad is a bhíonn taighdeoirí ag comhaireamh na háiteacha sin, amhail is gur ceantair Ghaeltachta iad, beidh gach metric teanga don ‘Gaeltacht Oifiigiúil’ curtha as riocht.

    Tá sé in am dúinn idirdhealú a dhéanamh idir An Ghaeltacht ina bhfuil an teanga beo agus An Ghaeltacht Oifigiúil.

  • Éilís Ní Anluain

    Treise leat a Mhéabh. Nuair a labhróidh na gasúir Béarla leat, nó nuair atá sibh i gcomhluadar gan Ghaeilge, coinnigh ort ag labhairt i nGaeilge leo. Má labhraíonn tú féin Béarla leo is deacair casadh ar ais agus saol ar fad ‘pushing the English.’

  • Eoghan Ó Néill

    Maith thú agus nuair a bheidh gar-pháistí agaibh beidh gaelig acu fosta. Is súdó- Anglos atá i gcuid mhaith dínn mar Éireannaigh, sin le rá ní fíor-Anglos a bhfuair a sinsir talamh as ar díbríodh bun-dúchasaigh ar fud na hImpireachta ( ba bun-dúchasaigh ár sinsir sa tír seo), ach tá an meon sotalach aon-teangach béarla i réim ionainn. Ach tabharfaidh an ghaelig dúchas agus féin-mhuinín dos na páistí a osclóidh a gcroíthe do cibé culturtha na cruinne a dtagann siad trasna orthu i rith a saol agus nach iontach an bua sin a bhfuil sibh ag tabhairt dóibh.

  • Eimear

    Pìosa àlainn eile uait. Tá an t-àdh le Tuairisc tù a bheith ag obair leo!

  • Dirk Brevoord

    Dearna leat, a Mhéabh. Is breá liom réabhlóidí! Níl sé fuirist páistí a thógáilt le Gaelainn mar is eol dom péin agus bíonn tosnú réabhlóidí beag lag de ghnáth ach méadaíonn siad de ghnáth.

    Agus a Dhonncha, gura míle maith agat as na figiúirí gruama a chur i solas eile. Muna bhfuil ana-mhearathal orm, táid bunaithe ar dhaonáireamh 2016 sarar cuireadh aon phlean teangan i bhfeidhm in aon áit?

    Dála an scéil ná fuil bean an Bhéarla ag “pusáil” Bhéarla ar mhuintir na Gaeltachta? Tá an saol bun os cionn ina haigne siúd, mar is gnáthach do lucht an Bhéarla…

  • Léitheoir

    Maith thú a Mhéabh! Is é an trua nach bhfuil an meon sin ag níos mó tuismitheoirí sa nGaeltacht. An Béarla i réim sa Spidéal anois – agus ba Ghaeltacht láidir é tráth den saol. Is mór an náire é nach bhfuiltear ag déanamh níos mó chun an Ghaeilge a choinneáil beo. Í á brú siar go dtí nach mbeidh aon chainteoir dúchais fágtha. Gníomh radacach ag teastáil – ní leor pleananna teanga agus straitéisí.

  • Ciarán Ó Meachair

    Treise leat a Mhéabh. Agus gan aon ró-Ghaeilge ag mo chéile ag an am bheartaíomar go labhróinn féin Gaeilge amháin leis na leanaí Béarla a labhródh sí féin – bhí sé léite againn gur chuidigh sé sin leis an dátheangachas. Ach níor fhanas leis agus is oth liom sin anois (cé go bhfuil na leanaí cumasach a dhóthain, sílim gur chailleadar amach, agus gur chaill an clann uilig amach).
    Agus leanbh úr ag teacht anois um Nollaig beart de réir briathair a dhéanfad an turas seo, agus mé ag súil go gcuideoidh sé sin chan amháin leis an leanbh ach leis na páistí eile agus mo chéile úr fosta.

    Lean ort.

  • Ciarán BXL

    Tá Gaeltacht againnse anseo inár dteach sa Bhruiséil. Níl Gaeilge líofa agamsa ar chor ar bith (scríobh mé an nota seo le cúnamh focloir-ponc-ie, gaelgram agus Teanglann) ach tá gach leabhar, amhrán, cartún agus scannán sa teach seo i nGaeilge. Ar dtús, ní raibh mé in ann na leabhair a thuiscint i gceart, mar sin chuardaigh mé na bhfocal deacra sa Teanglann gach tráthnóna roimh am codlata.

    Thosaigh muid nuair a bhí mo mhac dhá bhliain agus trí mhí d’aois. Anois tá sé sé bliana d’aois agus labhraíonn sé Gaeilge liom agus tá a chuid Gaeilge níos fearr ná mo chuidse. Bhí muid ag caint an mhí seo caite faoi ghalar éigin agus ar seisean “An bhfuil sé tógálach?” agus nuair a chonaic sé mise ag clóscríobh ar mo ríomhaire, dúirt sé “Contagious, a dhaide, an bhfuil sé contagious?”

    Tá teangacha eile aige agus ar dtús bhí córas againn – an méid seo i nGaeilge, an méid seo i dteanga eile – ach bhí muid de shíor ag argóint. Ansin chinn mé an polasaí “Gaeilge amháin” agus tá sé i bhfad níos éasca. Breathnaíonn sé “Cúla4 ar Scoil” gach maidin agus eisean ag ithe a bhricfeasta. Agus cartúin gach tráthnóna. Agus tá sé lán sásta.

    Deacair ach indéanta. Coinnigh ort!

  • Debbie

    Léigh mé é seo inniu. Chaith mé 9 seachtaine in Éirinn in 2018 sna ceantair Gaeltacht agus is annamh a chloistear Gaeilge á labhairt. Ach tá Gaeilge ag daoine agus labhróidís é nuair a labhraítear leo í