Is maith an comhluadar na leabhair agus Andy Lee

Dúch agus pár a d’fhág ár gcolúnaí folaithe orthu siúd a bhí ina thimpeall

Is maith an comhluadar na leabhair agus Andy Lee

Eamonn Magee agus Andy Lee Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Ná fiafraigh díom cén chaoi a bhfuil líne d’agallamh beirte a scríobh an file Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha os cionn leathchéad bliain ó shin fanta i gcónaí i mo chloigeann pota, ach tá. Ba air a chuimhnigh mé agus a raibh de leabhair a fuair mé mar bhronntanais leagtha amach os mo chomhair ar an mbord Lá Nollag – mo bhuíochas do lucht a gceannaigh.

Mo léan ní chuimhním ar ainm phíosa Johnny, ach tá a fhios agam go raibh véarsa nó dhó ann faoi líon tí a bhí scrúdta le dúil i bhfataí. Tuilleadh ocrais a chuirfeadh lán pota orthu agus go deimhin ní dhéanfadh aon chiseog amháin cúis ach an oiread. Péire nó trí cinn acu siúd a bhíodh acu agus de réir an fhile faoin am a mbídís sách, ‘bhíodh an oiread craicne fataí ann agus nach mba léir dóibh fhéin a chéile’.

B’in mórán an bhail chéanna a bhí ormsa roimh dhinnéar Lá Nollag, ach go mba dúch agus pár a d’fhág mé folaithe orthu siúd a bhí i mo thimpeall.

Dhá leabhar dornálaíochta The Lost Soul of Eamonn Magee agus leabhar Andy Lee Fighter in íochtar; cual leabhar a bhaineann le Cumann Lúthchleas Gael os a gcionn sin – The Hurlers, Season of Sundays, Cora agus Obsessed (Seán Kavanagh), ina measc; The Best American Sports Writing 2018, (bronntanas a thugaim dom féin gach Nollaig); On the Seventh Day – Thirty Years of Great Sports Writing from the Sunday Independent; Kaiser – The Greatest Footballer Never to Play Football agus Sport in Ireland 1600 – 1840 ina cloch choirnéil.

Ach bean na ‘sláinte agus na sábháilteachta’ a bheith ar an láthair, bheadh hata crua plaisteach latáilte aici ar chloigeann chuile dhuine a bhí timpeall an bhoird ar fhaitíos go dtitfeadh an spuaic ina mullach. Rinne teacht an turcaí an cúram di agus b’éigean an bailiúchán a fhágáil i leataobh go dtáinig am níos cóiriúla.

Cé go ndearna mé tuairisciú ar a chuid troideanna ag Cluichí Oilimpeacha na hAithne in 2004, bhí sé ligthe i ndearmad agam go mba den lucht siúil é Andy Lee, a mhair i Londain gur fhill a thuismitheoirí ar Luimneach sé bliana roimhe sin agus Andy trí bliana déag d’aois.

Ní raibh aon dornálaí Éireannach eile ach é san Aithin –ní raibh ré ghlórmhar dornálaíochta na tíre seo tagtha an uair sin – agus bhí sé gaibhte leis an ngairmiúlacht nuair a thug Éireannaigh seacht mbonn dornálaíochta abhaile as Beijing agus Londain.

Bhí sé idir dhá thine Bhealtaine agus é ag déanamh suas a intinn an ndiúltódh sé don airgead agus an bhfanfadh é le Cluichí Londan, ach chuir grúpa fear gnó as Chicago tairiscint ina bhealach go mba dheacair í a eiteachtáil agus chaith Andy Lee dhá bhliain ag troid feadh chósta thoir na Státaí.

Tá sé chomh maith duit a rá go raibh an traenálaí iomráiteach Emmanuel Stewart mar athair altrama aige. Ba i dteach an chóitseálaí in Detroit a chónaigh Lee agus bhí cion agus gean acu ar a chéile nach mbíonn de ghnáth idir trodaí agus a oiliúnaí – caidreamh déarfainn nach raibh idir Stewart agus aon duine den 40 seaimpín domhanda eile a bhí faoina chúram – Thomas Hearns, Wladimir Klitschko, Lennox Lewis, Evander Holyfield, Mike McCallum, Wilfred Benitez agus Oscar de La Hoya san áireamh.

Faraor bhí a chóitseálaí básaithe de bharr ailse le dhá bhliain nuair a bhuaigh Andy Lee Craobh Meán-mheáchain WBO an Domhain in Las Vegas i bhfoisceacht coicís de lá Nollag 2014. Cúpla mí sular éag Stewart fuair Lee an chéad deis ar chraobh an domhain ach bhuaigh Julio Caesar Chevez air in El Paso i dtroid a raibh conspóid ag baint léi. An tÉireannach ab fhearr ina tús ach d’fheabhsaigh an seaimpín a bhí níos troime agus níos láidre, cé go mba é Lee a bhí chun cinn ar chártaí na moltóirí nuair a stopadh an troid sa seachtú babhta agus an tÉireannach fós ar a chosa.

An locht is mó atá agam ar an leabhar gur beag trácht atá ar na trí chomhrac eile a rinne Andy idir an t-am ar bhuaigh sé Craobh an Domhain agus nuair a d’fhógair sé an t-am seo anuraidh go raibh sé ag éirí as. Ba iad na coimhlintí sin an ceann inar chaill sé a choróin in aghaidh Billy Joe Saunders i Londain, bliain díreach tar éis dó í a bhuachan, agus an dá throid chaon taobh den choimhlint sin, ceann a bhuaigh sé agus ceann ina bhfuair sé comhscór.

Fágann sin folús i saothar atá thar a bheith spéisiúil seachas sin.

Col seisearacha iad Andy Lee agus Tyson Fury – beirt deirfiúracha ab ea a seanmháithreacha. Shamhlóinn gur beag eile de chosúlacht atá eatarthu, ach tharlódh dul amú a bheith orm.

B’fhéidir go dtréigfeadh seaimpín trom-mheáchain an domhain é féin gach a raibh sé a dhéanamh ar an toirt dá bhfaigheadh sé scéala go raibh a chóitseálaí ar leaba a bháis mar a rinne Andy Lee nuair a leag sé uaidh an fón i Sasana gur thug aghaidh ar Detroit.

Más amhlaidh, fair play dó.

Fág freagra ar 'Is maith an comhluadar na leabhair agus Andy Lee'