Is maith agus is mithid cearta vótála a chinntiú do gach saoránach Éireannach

D’airigh an pobal ó thuaidh go raibh siad scoite amach óna mbráithre dá mbuíochas agus beartas tábhachtach a bheadh ann ceart vótála i dtoghcháin uachtaránachta ó dheas a thabhairt dóibh

Is maith agus is mithid cearta vótála a chinntiú do gach saoránach Éireannach

Mhol an Coinbhinsiún ar an mBunreacht é in 2013. Gheall Enda Kenny é mar Thaoiseach in Philadelphia in 2017. Tá sé fógartha arís anois ag an Taoiseach Leo Varadkar – reifreann ar cheart a thabhairt do shaoránaigh lasmuigh den Phoblacht chun vóta a chaitheamh i dtoghchán na hUachtaránachta.

Seans go dtarlóidh sé an babhta seo cé go bhfuil obair mhór le déanamh chun sonraí an bhille a bheith faoi réir don vótáil ar an dáta atá luaite i mí Dheireadh Fómhair.

Céim ollmhór í i súile náisiúnaithe sa Tuaisceart. Is furasta sin a thuiscint ó phobal a d’airigh go raibh siad scoite amach óna mbráithre dá mbuíochas. Tá fáilte mhór á cur roimh an scéal i measc na nÉireannach sa Bhreatain, i Meiriceá, san Astráil agus i dtíortha nach iad gan dabht. Chomh maith leis an bhfáilte tá doicheall ag roinnt roimh an mbeart, é ráite go bhfuil an diaspóra chomh líonmhar sin go bhféadfadh na milliúin thar lear forlámhas a ghlacadh ar thoghchán agus saol na tíre a chur as a riocht. Níos gaire do bhaile tá caint ar conas a chinnteofaí nach bhfaigheadh páirtí áirithe buntáiste as.

Cuid dhílis de shaol na Poblachta is ea an Uachtaránacht. Pribhléid agus ceart don saoránach is ea é a bheith i dteideal vóta a chaitheamh do phríomhoifig an náisiúin. Tá cearta an tsaoránaigh sa bhaile agus i gcéin aitheanta in airteagal 2 den Bhunreacht a bhaineann leis an náisiún. Is leis an náisiún seachas an stát a bhaineann an reifreann. Cinntíonn sé sin gur vótáil don Uachtaránacht amháin atá i gceist agus nach gceadódh sé ról in olltoghchán, i bhfothoghchán ná i dtoghchán Comhairle.

Tá i bhfad níos mó suime sa tuaisceart sa bplean don reifreann ná mar a thugaim faoi deara sa Phoblacht – an áit a ndéanfaidh na vótóirí an cinneadh. Cuirfear brú aduaidh thar teorann ar Choimisiún an Reifrinn, nuair a cheapfar é, a chinntiú go scaipfear eolas go forleathan faoina bhfuil i gceist. Is minic daoine abhus ag tagairt don aimhrialtacht a cheadaigh do thuaisceartach a dhul san iomaíocht don Uachtaránacht – Mary McAleese, mar shampla, ach nach raibh cead vótála ag a comharsana; ba é an scéal céanna é le Dana, Rosemary Scallon agus Martin McGuinness.

Tuigim gur ar an Tánaiste Simon Coveney agus an tAire Tithíochta is Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy a thit an crann an Bille a ullmhú don reifreann.

Obair thromchúiseach í. Tá tábhacht mhór leis i gcomhthéacs an tuaiscirt i bhfianaise na guagachta faoin mBreatimeacht agus faillí rialtas na Breataine ar an dlí chun aitheantas a thabhairt do shaoránacht Éireannach agus Bhreataineach gach duine abhus de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is é an ceart vótála sa Tuaisceart an cinneadh is simplí, gach duine ansin, ach thairis sin conas a dhéanfar cinneadh faoi cé atá i dteideal a bheith ar chlár na vótóirí? Gach duine a bhfuil pas Éireannach aige? An ghlúin a rugadh in Éirinn agus atá ina gcónaí thar lear? Clann na ndaoine sin? Cén teorainn a chuirfear leis? Conas a dhéanfar clárú? Conas a dhéanfar vótáil? Conas a chinnteofar go dtig le hÉireannaigh in áiteacha ar nós iargúil na hAstráile nó abhantrach na hAmasóine gach eolas a fháil agus vóta a chaitheamh?

Deirtear nach mbeadh suim ag aontachtaithe ar nós lucht tacaíochta an TUV nó an DUP vóta a chaitheamh d’Uachtarán na hÉireann agus seans gur fíor sin. Go deimhin, níl cúis ar bith nach mbeadh iarrthóir acu dá mbeidís in ann dóthain ainmniúchán a fháil. Deir roinnt aontachtaithe nach mbeadh mórán suime acu ann ach go mb’fhéidir go ndéanfadh siad é ‘mar vóta i gcoinne iarrthóra’. Tá Sinn Féin ag éileamh vóta don uachtaránacht le fada agus roinnt sa tuaisceart den bharúil go bhfuil sé uathu chun Sinn Féiní a chur san Áras. Dúirt Chris McGimpsey ón UUP ar an raidió go gcaithfeadh sé féin vóta in aghaidh Gerry Adams, cuir i gcás, ach nach mbeadh suim aige ann seachas sin. Is iomaí cúis a bhíonn ag daoine le vótáil agus scéal thairis é.

Dúirt an Rialtas gur samhail nua don Uachtaránacht atá i gceist, samhail a bheadh mar chomhartha sóirt ar an náisiún san aonú haois is fiche. Is maith agus is mithid cearta vótála a chinntiú do gach saoránach. Níor mhiste athscrúdú a dhéanamh ag an am céanna ar conas ar féidir le duine a bheith incháilithe le bheith ina iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta. Ní moladh éilíteach é ach tá sé ró-éasca ag duine nach bhfuil inniúil don obair ainmniúchán a fháil. Bhí an t-ádh orainn nár toghadh a leithéid de dhuine go dtí seo, ach bímis cúramach.

Fág freagra ar 'Is maith agus is mithid cearta vótála a chinntiú do gach saoránach Éireannach'

  • An Teanga Bheo

    Vóta do shaoránaigh lasmuigh den Phoblacht = cearta daoine ?

  • Aodán Ó Sé

    Ceacht a haon. Vóta millte é X a chaitheamh I dtoghchán An Uachtaráin!