Is maith a thuigfeadh Erasmus an t-aiféala a bheidh orainn nuair a imeoidh an Bhreatain…

Nuair a imeoidh an Bhreatain ón Aontas Eorpach, beidh níos mó ná bealach éasca chuig siopaí Bhéal Feirste caillte againn

Is maith a thuigfeadh Erasmus an t-aiféala a bheidh orainn nuair a imeoidh an Bhreatain…

Casadh duine de na comharsana orm le gairid. Mac léinn í in DCU agus dúirt sí liom gur gearr go mbeidh sí ag dul chuig an Spáinn ar feadh bliana ar scoláireacht ‘Erasmus’. Beidh sí ag freastal ar Ollscoil Madrid agus i rith na bliana beidh sí ag freastal ar léachtaí Gnó (trí Spáinnis) agus ar léachtaí sa Spáinnis féin freisin. Tá eolas maith aici ar an Spáinn toisc gur chaith sí tréimhse ann cheana ag cur barr feabhais ar an teanga.

I rith mo thréimhse féin ar an Ollscoil sna 70í, bhí an t-ádh ar éinne a chaith saoire ghearr sa bhFrainc, gan trácht ar am a chaitheamh ann ag staidéar. Go deimhin bhí scéilín grinn ann faoi Ollamh Ollscoile a fuair ceapachán sna teangacha Rómánsacha toisc gur thug sí cuairt ar Fatima le linn mhí na meala.

Ach chuir mo chomharsa ag smaoineamh mé ar Erasmus agus an tairbhe a bhaineann mic léinn as an scéim scoláireachta seo a chuireann ar chumas na mílte mac léinn tréimhse a chaitheamh i dtír Eorpach eile. 33 tír atá páirteach ann agus na tíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, caithfidh siad cloí le rialacha daingne agus táille a íoc isteach sa scéim freisin. Mar shampla, b’éigean don Eilvéis imeacht as, toisc gur bhris siad an riail faoi inimirce agus saorthaisteal idir na tíortha sa scéim.

Tugann an scéim deis do mhic léinn staidéar, taighde agus múinteoireacht a dhéanamh sna tíortha atá páirteach ann. Nuair a cheiliúir siad 30 bliain ar an bhfód anuraidh bhí os cionn 9 milliún duine tar éis páirt a ghlacadh in Erasmus nó sa scéim a chuaigh roimhe.

Maidir le NUIG, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, insíonn grianghraf an scéal – ar  leathanach eolais Erasmus tá pictiúr de ‘Luke’ as Gaillimh in éineacht lena chara ‘Konrad’ ón Pholainn agus iad ag freastal ar chluiche mór sacair i Sraith na Seaimpíní sa bhFrainc. Aoibhinn beatha an scoláire…

Gach seans tar éis an ‘Bhreatimeachta’ go gcaillfidh an Bhreatain na deiseanna iontacha seo- fiú má choinníonn siad greim orthu le linn na  tréimhse eatramhaí – suas go dtí 2020. D’fhéadfaidís páirt a ghlacadh mar ‘tríú tír’ ach ní bheidh na cearta céanna acu ná aon tionchar acu ar an gcaoi a gcaithfear an buiséad. Níl aon rud cinnte faoi láthair. Ach deir siad go dtuigeann siad an ‘ról tábhachtach atá ag an scéim chun Eoraip láidir a thógáil, bunaithe ar luachanna coiteanna’.

Nuair a imeoidh an Bhreatain, aireoidh siad uathu go leor de na buntáistí a chaillfidh siad, scéim Erasmus san áireamh.

Ach tá bealach eile le féachaint air seo, ceapaim. An aireoimidne uainne an Bhreatain? Cé a bheas ag an mbord in éineacht linne san Aontas Eorpach nuair a imeoidh siad? An mbeidh luachanna agus fealsúnacht Erasmus i réim? An aireoimid uainn ár gcomharsa, tír an Bhéarla, tír a roinneann luachanna áirithe an liobrálachais agus an daonlathais linn?

Tógaimis ceithre thír de chuid an Aontais Eorpaigh agus féachaimis ar an nuacht ‘Eorpach’ is déanaí uathu:

An Ungáir – beidh olltoghchán ann i gceann cúpla seachtain. Agus mé i gcathair Wien na hOstaire le gairid, tháinig mé ar chlúdach irise a úsáideadh mar phóstaer agus an Príomh-Aire Orbán ar cuairt. ‘Orbánistan’ a tugadh ar an Ungáir – insíonn sin a scéal féin. Ag labhairt in aghaidh na hinimirce agus in aghaidh na héagsúlachta, dúirt sé: ‘Ní theastaíonn uainn go meascfaí ár ndath, ár gcultúr, ná ár dtraidisiúin le dreamanna eile.’ Tá caimiléireacht maidir le hairgead ón Aontas Eorpach curtha i leith polaiteoirí san Ungáir freisin.

Málta – tarraingíodh droch-cháil ar fud an domhain ar an tír seo nuair a dúnmharaíodh iriseoir a bhí ag fiosrú caimiléireacht agus ‘sciúradh airgid’. Ag díriú aird ar an gceangal idir polaiteoirí agus coirpigh a bhí Daphne Caruana Galizia nuair a feallmharaíodh í. Luadh Málta i ‘bPáipéirí Panama’ – scéal mór caimiléireachta agus ní cosúil go bhfuil na húdaráis i Málta ag cabhrú leis an bhfiosrúchán oifigiúil.

An tSlóvaic – dúnmharú eile. I ndeireadh mhí Feabhra maraíodh na hiriseoirí Jan Kuciak agus Martina Kusnirova de bharr, ceaptar, go rabhadar ag fiosrú ceangal a bheith idir daoine sa Rialtas agus an Mafia san Iodáil. Arís airgead na hEorpa a bhí lárnach sa scéal a léirigh cosán a bhí ag dul caol díreach go dtí clanna móra Mafia i ndeisceart na hIodáile. Deir tráchtairí go bhfuil an tSlóvaic ag éirí saibhir mar chuid den Aontas Eorpach ach nach léir go bhfuiltear ag forbairt caighdeáin ná luachanna an daonlathais Eorpaigh. D’éirigh an Príomh-Aire as le gairid de bharr léirsithe ollmhóra tar éis na ndúnmharuithe – ach ar an gcoinníoll go bhféadfadh sé duine as a pháirtí féin a ainmniú mar chomharba air.

An Pholainn. Dhiúltaigh breitheamh na hArd-Chúirte in Éirinn duine a eiseachadadh as an tír seo go dtí an Pholainn le gairid. Bhí imní ar an mbreitheamh faoi chaighdeán an chórais dlí sa Pholainn, ba léir. Anuraidh, tharraing an Rialtas chucu féin na cumhachtaí a bhain le ceapachán breithiúna. Tá ceist anois faoi neamhspleáchas na mbreithiúna sa Pholainn. Anuas air sin, tá an frithGhiúdachas ag fás arís sa Pholainn. Tá dlí nua á chur i bhfeidhm ann a chuireann cosc ar dhaoine a chur i leith an Stáit go raibh baint ná páirt ag an Stát le ‘Uileloscadh’ na nGiúdach sa Dara Cogadh Domhanda. Cuireann an dlí nua alltacht ar staraithe agus ar dhaoine eile thar lear gur suim leo staidéar oscailte a dhéanamh ar an tréimhse sin.

Sa 16ú haois a bhí Erasmus, an scoláire as Rotterdam i mbun gnímh. Scríobh sé an t-iliomad leabhar, d’aistrigh sé an Bíobla, chuir sé comhairle ar cheannairí na heaglaise agus ar phrionsaí faoin mbealach cóir le rialú. Bhí ardmheas air.

Ach chaill Erasmus a stádas mar smaointeoir agus mar fhealsúnaí toisc gur cheap sé gur chóir do dhaoine a bheith in ann an Ghréigis agus an Laidin a léamh.  Thosaigh daoine ag léamh agus ag scríobh ina dteangacha féin – leithéidí na Gearmáinise agus an Bhéarla – agus chaill sé a chuid údaráis, toisc nach raibh a chuid scríbhinní ar fáil go forleathan i measc an phobail.

Chaill sé an cath in aghaidh ‘populism’ an 16ú haois. Agus tá an pobalachas céanna ag borradh arís. D’aithneodh Erasmus go raibh sin amhlaidh i rith fheachtas an reifrinn sa mBreatain.

Tá muintir na Breataine ag leagan an-tábhacht ar a gcultúr agus ar a náisiúnachas féin arís agus ag tabhairt cúl leis an Eoraip agus na hidéil a bhí taobh thiar de bhunú an Aontais Eorpaigh.

’Sé an trua é. Tá go leor cainte faoin teorainn agus na himpleachtaí a bhaineann lena hathbhunú. Ach nuair a imeoidh an Bhreatain ón Aontas, beidh níos mó ná bealach éasca chuig siopaí Bhéal Feirste caillte againn.

Fág freagra ar 'Is maith a thuigfeadh Erasmus an t-aiféala a bheidh orainn nuair a imeoidh an Bhreatain…'

  • An Teanga Bheo

    Sin é an Bhreatain ag cur isteach ar chearta na Eorpaigh aríst agus beidh impleachtaí móra aisteach ag an mBreatimeacht ar chursaí in Éirinn amach anseo tradáil etc etc
    saor chéad gluiseacht agus EU £££

  • G. Ó Dochartaigh

    MÁ tharlaíonn Breatimeacht, b’fhéidir gur spreagadh a bheadh ann, sa deireadh thiar thall, d’Éireannaigh gan bheith ag brath de bharraíocht ar Shasana. B’fhéidir go mbeadh muid in ann briseadh saor ó aigne uiríseal an iar-Bhriotanachais mar a mbímid róspleách ar shacar Shasana, ar cheol Shasana, ar threochtaí faisin Shasana, ar chultúr Shasana agus ar theanga Shasana. Ní fheicim féin gur gá gur caillteanas d’Éirinn a bheas ann má imíonn na Sasanaigh as Aontas na hEorpa – bíodh acu. Anois, dá mbeadh siad le himeacht as an tír seo fosta, ní bheadh deacrachtaí ar bith ag duine ar bith a c(h)uid siopadóireachta a dhéanamh i mBéal Feirste – ach ar an drochuair, níl mórán daoine sa tír seo a mbíonn smaointe mar sin acu.