‘Ní féidir raiméis a aistriú go cruinn’ – le slat a bhain siad féin atá an rialtas á sciúradh i gcás na gcúntóirí riachtanas speisialta 

Ní leor an sos a d’fhógair an Taoiseach chun tuismitheoirí, páistí, múinteoirí agus Teachtaí Dála a chur ar a suaimhneas

‘Ní féidir raiméis a aistriú go cruinn’ – le slat a bhain siad féin atá an rialtas á sciúradh i gcás na gcúntóirí riachtanas speisialta 

Ní raibh fonn ar an aire stáit Michael Moynihan a rá ar an raidió cén toradh a bheadh ar an sos ón athbhreithniú ar líon na gcúntóirí riachtanas speisialta i ngach scoil.

Bhí sé á cheistiú ar Morning Ireland Dé hAoine faoin sos a d’fhógair Micheál Martin sa Dáil trí lá roimhe sin. Thug an Taoiseach ‘pause’ ar chúlú an rialtais – focal nach dtugann ‘sos’ ach leathmhíniú i nGaeilge ar a bhrí pholaitiúil.

Admháil: is deacair uaireanta focal i dteanga amháin, a deir polaiteoir d’aon ghnó chun an fhírinne a sheachaint nó a cheilt, a aistriú go teanga eile agus a bhrí (nó a neamhbhrí) a choimeád.

Mar a dúirt Liam Budhlaeir, eagarthóir uasal as Corca Dhuibhne a bhí i gceannas ar an scríbhneoir seo fadó, ‘ní féidir raiméis a aistriú go cruinn’. Is sampla breá den deacracht caint an Taoisigh agus airí eile ar an ábhar seo.

Is cabhair nach beag i gcás dá leithéid breathnú ar an stór focal éachtach a chnuasaigh Garry Bannister dá Theasáras Gaeilge-Béarla. Molaim d’aon léitheoir atá míshásta le ‘sos’ mar chur síos ar chinneadh an rialtais focal níos oiriúnaí a roghnú as 39 focal malartach a chuir Gerry Bannister sa Teasáras.

Seo cuid acu: briseadh beag, faoiseamh, fosadh, idirlinn, lagú, stad, scíth, saoirse ó phian, staonadh, stopadh nó suaimhneas. Ainneoin na flúirse focal sa Teasáras, tá ‘sos’ á úsáid sa cholún seo toisc gur cóngaraí a bhrí do bhrí sheachantach an rialtais.

Ní soiléireacht ach a mhalairt a thairg Michael Moynihan bocht agus an sos ón athbhreithniú conspóideach á chosaint aige. Ní raibh sé ábalta a rá mar shampla cén uair a chríochnódh an t-ath-athbhreithniú a d’fhógair an Taoiseach. Ní raibh sé toilteanach a rá nach gcaillfeadh scoil ar bith cúntóir. Ná a rá ach oiread cé mhéad cúntóir a d’aistreofaí ó scoil amháin go scoil eile.

Níl milleánú róghéar tuillte ag an aire stáit, atá freagrach as oideachas speisialta, mar gheall ar an éiginnteacht nár leigheas a ndúirt sé. Is é bun agus barr an scéil, áfach, nár chuir an t-aire stáit ná an t-aire oideachais Hildegard Naughton ná aire ar bith dóthain ceisteanna go dtí seo faoin athbhreithniú a bhí ar bun le tamall ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE).

Deirtear go soiléir ar láithreán na Comhairle (anseo: https://ncse.ie/about-us) gur laistigh de pharaiméadair a eisíonn an Roinn Oideachais a chuireann an fhoireann acmhainní ar fáil do scoileanna. Más mian le hairí rabharta eile míshásaimh (mar a chualadar ó chúlbhinseoirí ag cruinnithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael i rith na seachtaine) a sheachaint ní foláir dóibh súil níos géire a choimeád ar bheartais na Comhairle agus ar a gcur i bhfeidhm.

Ba threise an cantal a chuir fógraí na Comhairle go gcaillfeadh scoileanna áirithe cúntóirí ar chúlbinseoirí an rialtais toisc go bhfuil líon na gcúntóirí ag méadú i gcónaí.

Bhí 16,000 cúntóir riachtanas speisialta ag obair sna scoileanna in 2020. Tá breis agus 24,000 ag obair faoi láthair agus dúirt Michael Moynihan go n-earcófaí tuilleadh i gcomhair na chéad scoilbhliana eile.

Ba chóir mar sin gur ábhar dea-scéil – soláthar méadaithe chun déileáil le riachtanas méadaithe – a bheadh á phlé ag an rialtas in ionad a mhalairt.

Sa Dáil Dé Máirt, dúirt Mary Lou McDonald leis an Taoiseach gur athbhreithniú ar athbhreithniú a bhí ar bun. Dar léi go gcuirfeadh an sos breis imní ar dhaoine. Mhol sí don rialtas gan post cúntóra ar bith a chur ar ceal.

Níl an bhearna idir an bheirt chomh leathan agus a shílfeá ar an gcéad éisteacht. Tá líon na ndaltaí scoile a bhfuil cúnamh speisialta de dhíth orthu ag méadú i gcónaí agus méadú eile ar líon na gcúntóirí riachtanas speisialta geallta ag an rialtas.

Is léir go dtí an pointe sin go bhfuil an Taoiseach agus ceannaire Shinn Féin ar aon tuairim. Ní chuirfear post cúntóra ar bith ar ceal.

Ní hionann sin agus a rá áfach go mbeidh an líon céanna cúntóirí ag teastáil i gcónaí i ngach scoil agus go mbeidh riachtanas gach dalta scoile mar an gcéanna ó bhliain go bliain. Ní chuirfear post cúntóra ar bith ar ceal, mar a dúirt an Taoiseach, ach cuirfear cuid acu ar phainéal athlonnaithe.

Ní mhaolóidh a ráiteas an fhearg a spreag na litreacha inar tugadh le fios do 190 scoil nach mbeadh an líon céanna cúntóirí acu ó Mheán Fómhair.

Dúirt Michael Moynihan ar an raidió go mbeadh an Roinn Oideachais i dteagmháil le scoileanna agus go raibh “cumarsáid i bhfad níos fearr” riachtanach. Beidh an sos i bhfeidhm, a dúirt sé, go mbeidh athbhreithniú iomlán déanta.

Níor fhreagair a ndúirt an t-aire stáit, ná go deimhin ráiteas ar bith ón rialtas ná ón bhfreasúra le seachtain, ceist bhunúsach.

Tá an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta freagrach de réir dlí as feidhmiú an chórais faoina meastar go bhfuil nó nach bhfuil cúntóirí oideachas speisialta de dhíth ar dhaltaí.

An féidir feidhmiú an chórais sin a fheabhsú gan an bonn a bhaint den eagraíocht neamhspleách a bunaíodh i gcomhair na hoibre?

Fág freagra ar '‘Ní féidir raiméis a aistriú go cruinn’ – le slat a bhain siad féin atá an rialtas á sciúradh i gcás na gcúntóirí riachtanas speisialta '