Tá deireadh tagtha le sraith iomána 2026 d’fhormhór chontaetha na tíre agus gan fágtha againn ach na foirne a bheidh ag glacadh páirt sna cluichí ceannais an deireadh seachtaine seo chugainn. Ansin casfaidh aird gach éinne gan mhoill ar an gcraobh.
Sin mar a bhíonn i gcónaí leis an tsraith. Insíonn sí cuid mhaith dúinn, ach ní insíonn sí an scéal iomlán choíche. Is féidir léi an méid a rabhamar in amhras faoi a dheimhniú, dóchas a chothú i gcontaetha áirithe agus buairt a mhéadú i gcontaetha eile, ach faoin am a n-iompóidh Aibreán ina Bhealtaine, beidh an comhrá athraithe cheana féin.
Má mhúin an tsraith aon ní dúinn arís i mbliana, is é seo é, gurb í foireann Luimnigh an tslat tomhais fós. Ceapfaidh gach foireann mhaith sa tír go bhfuil rud éigin foghlamtha aici le cúpla mí anuas. Beidh cuid acu den tuairim go bhfuil móiminteam bailithe acu, cuid eile go bhfuil beirt nó triúr imreoirí nua aimsithe acu, agus beidh tuilleadh acu fós breá sásta gur tháinig siad slán. Ach nuair a thosóidh an obair cheart, is ar Luimneach a bheidh súile fhormhór na gcontaetha ar dtús.
Tá an stádas sin tuillte acu. Tá cinnteacht ag baint leo nach dtagann ach le rath arís is arís eile. Fiú nuair nach mbíonn siad ar a seacht ndícheall, is beag foireann a gheobhaidh an ceann is fearr orthu ó thaobh fisiciúlachta de, ó thaobh teaicticí de nó ó thaobh meabhrach de. Is iad na himreoirí is fearr atá acu a leagann síos an caighdeán, ach is é neart an ghrúpa ina iomláine a théann i bhfeidhm ort i gcónaí. Ní thagann aon scaoll orthu, ní thiteann siad i bhfad óna gcaighdeáin féin, agus tuigeann siad go beacht cad a éilíonn iománaíocht na craoibhe.
An deireadh seachtaine seo chugainn, foghlaimeoimid cá seasann Corcaigh i gcomparáid le Luimneach. Bheinn sásta go leor go bhfuil triail bainte acu as líon maith imreoirí agus go bhfuil siad ag feabhsú mar aonad.
Tá Tiobraid Árann, seaimpíní na hÉireann, i measc na bhfoirne a bhfuil deireadh déanta acu ach tabharfaidh gaisce na bliana seo caite muinín d’fhoireann Liam Cahill, muinín is cinnte nach raibh acu roimh thús chraobh na bliana seo caite agus a sheasfaidh leo i mbliana.
Maidir leis an gClár, nílim cinnte go bhfuil a fhios acu féin cá seasann siad, agus iad ag imirt i Roinn 1B, agus mar sin beidh orainn fanacht go bhfeicfimid níos mó sula bhféadfaimis breithiúnas ceart a thabhairt orthu.
D’imir Port Láirge go maith ar fead tréimhsí sa bhfeachtas sraithe ach ón áit seo ina bhfuilim, is deacair dom a shamhlú go mbeidh siad i measc na dtrí fhoireann is fearr nuair a bheidh craobh na Mumhan imeartha.
I Laighin, is fada an lá nach rabhamar ag cur Cill Chainnigh chun tosaigh mar uimhir a haon sa chúige, agus tá sin bunaithe i ndáiríre ar an bhfírinne lom nach rabhadar comhsheasmhach ina gcuid imeartha sa tsraith. Agus tá amhras anois in aigne a lán daoine an dtiocfaidh siad amach as an ngrúpa in aon chor. Baothchaint b’fhéidir ach tá ceisteanna móra le freagairt acu.
Is léir, áfach, gurb é Gaillimh an fhoireann is fearr sa chúige faoi láthair, agus Baile Átha Cliath an-ghar dóibh. Beidh tuilleadh fianaise againn faoi Bhaile Átha Cliath tar éis dóibh an Clár a imirt i gcluiche ceannais na sraithe, cluiche a cheapaimse a bheidh lán d’fhuinneamh agus de dhíocas craoibhe. Taobh amuigh díobh sin, beidh Loch Garman sa mheascán chomh maith ach níl aon dabht ach go gcaithfidh na Cait feabhsú.
Ní féidir liom ligean do cholún na seachtaine seo dul tharam gan ómós a thabhairt do Michael Lyster, atá imithe ar shlí na fírinne. Mar is eol dúinn go léir a leanann cúrsaí CLG, ba é Michael a chuir The Sunday Game i láthair ar feadh breis is tríocha bliain. Tháinig sé i gcomharbacht ar Jim Carney i 1984, measaim, agus ba é crann taca an chláir go dtí gur éirigh sé as in 2018.
Labhair mé leis go minic agus chaith mé riar maith ama ina chuideachta ar chamchuairt na nAll-Stars go Singeapór go luath in 2006. Rinne sé jab iontach mar láithreoir ar The Sunday Game, agus níl aon dabht ach go n-aireoidh a mhuintir agus a chairde go mór uathu é.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Fág freagra ar 'Is iad buachaillí Luimnigh a leag síos arís an tslat tomhais sa tsraith'