Is geall le galar an dúspéis atá ag na meáin i ról Shinn Féin sna Trioblóidí, ach is róchuma leo faoina bpolasaithe…

B’fhearr go mór dá mbeadh plé oscailte mhacánta againn – faoin Euro, faoi Aontas na hEorpa, faoin nGaeilge, faoi athaontú na tíre is faoi gach gné dár saol, ní hann don ‘daonlathas’

07/03/2015: Sinn Fein President Gerry Adams delive

B’fhollasach díomá na meán cumarsáide nuair a d’fhoilsigh an Irish Times pobalbhreith a léirigh go raibh méadú ar thacaíocht Shinn Féin in ainneoin na líomhaínti breise faoi mhí-iompar gnéasach ag baill den IRA a choinneáil faoi cheilt is a chosaint.

Bhí ábhar sásaimh beag ina dhiaidh sin acu nuair a thug pobalbhreith eile de chuid an Red C san Sunday Business Post go raibh titim tacaíochta ann don pháírtí, ach bhí sé ródhéanach.

Bíodh tacaíocht Shinn Féin ag dul in airde nó ag titim, is mar gheall ar an bpolaitíocht é seachas na hionsaithe faoi mhoráltacht an pháirtí.

Ar ndóigh, ní ceart aon phobalbhreith a phlé gan tagairt do phobalbhreitheanna eile. Tá lamháin earráide trí faoin gcéad i gceist in aon phobalbhreith, agus níl aon chiall sna figiúirí i ndáiríre muna ndéantar anailís orthu mar chuid de shraith phobalbhreitheanna.

Má bhreathnaítear ar na pobalbhreitheanna uile, bíonn siad réasúnta seasmhach, gan aon mhórathrú ann le bliain anuas.

Bíonn Fine Gael idir 21- 22 agus 27; bíonn Sinn Féin go hiondúil os cionn fiche, agus chomh hard le 24, (tite go 17 atá siad sa gceann reatha ag Red C); bíonn Fianna Fáil an-seasmhach ar fad ag 17 nó 18; agus bíonn Páirtí an Lucht Oibre faoi bhun deich faoin gcéad de ghnáth, iad chomh híseal le ceathair i  bpobalbhreith amháin, ach thuas ag 10 faoin sa gceann is deireanaí.

Sular féidir a rá, ámh, go bhfuil biseach cinnte tagtha ar Pháirtí an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna, caithfear fanacht ar thrí nó ceithre cinn as a chéile a léiríonn go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu.

I gcás an Lucht Oibre, ní hamháin go bhfuil a vóta bunaidh síos go mór ón olltoghchán seo caite, ach léiríonn na toghcháin áitiúla nach bhfuil aistriúcháin ag teacht chucu ó pháirtí is neamhspleáigh eile de chuid na heite clé.

San am atá caite, bhí an páirtí in ann suíocháin bhreise a fháil nach raibh tuillte acu bunaithe ar na figiúirí amháin, ach ní cosúil go dtarlóidh a leithéid arís an chéad uair eile.

Mar shampla, dar leis an Irish Times, níl ach ceithre faoin gcéad tacaíochta acu i gcúige Mumhan ar fad.  Más fíor an figiúr sin, ní bhfaighidh siad suíochán ar bith ansin.

I mBaile Átha Cliath, tá deich faoin gcéad ag tacú leo, ach beidh an t-ádh leo má éiríonn leo níos mó ná ceithre shuíochán Dála a bhaint amach leis an tacaíocht sin.

Léiríonn an anailis seo gur ar éigean a bheas níos mó ná seacht suíochán acu sa gcéad Dáil eile mura dtiocfaidh biseach suntasach leanúnach ar an leibhéal tacaíochta acu; agus léiríonn sé freisin go bhfuil suíocháin Alan Kelly, Alex White agus fiú Joan Burton féin i mbaol.

D’fhéadfadh ceannairí is ábhar ceannairí an pháirtí ar fad a suíocháin a chailliúint.

Braitheann sé sin, ar ndóigh, ar thionchar pholasaithe na bpáirtithe ar an lucht vótála.

Agus is sa chómhthéacs sin is soiléire a fheictear laigí na tráchtaireachta polaitiúla a fhaigheann muid ó na mórmheáin.

I gcás Shinn Féin, tá aird na meán ar fad dírithe ar scéalta faoi mhí-iompar gnéasach. Ach tá a fhios ag an saol mór nár thug an ghluaiseacht poblachta aitheantas do dhlisteanas an stáit go dtí gur ghlac Sinn Féin leis an PSNI i 2007.

Sea, tá a fhios ag an saol mór é sin, agus sin é an fáth nach mbíonn mórán éifeachta ag na líomhaínti nár thug baill den ghluaiseacht poblachtach eolas faoi mhí-iompar don RUC ó thuaidh nó don Gharda Síochána ó dheas.

Ach is geall le galar an dúspéis atá ag na meáin i ról an IRA sna Trioblóidí, galar a fhágann nach ndéantar aon díospóireacht cheart faoi pholasaithe Shinn Féin.

Ní hionann díospóireacht, ar ndóigh, agus maslaí a chaitheamh faoi voodoo economics is a leithéid. Is ní díospóireacht é ach an oiread mura bhfuil i gceist ach iarracht le pointí beaga a scóráil.

Is éard atá ag teastáil uainn ó thaobh an daonlathais de, ná díospóireacht stuama a mbeadh an pobal ar fad páirteach ann d’fhonn teacht ar aontú faoi fhiúntas na bpolasaithe éagsúla.

Beidh easaontas ann, cinnte, mar ní hionann leas lucht an rachmais agus leas an lucht oibre, ach gan fíordhíospóireacht oscailte mhacánta – faoin Euro, faoi Aontas na hEorpa, faoin nGaeilge, faoi athaontú na tíre is faoi gach gné dár saol, ní hann don ‘daonlathas’.

Fág freagra ar 'Is geall le galar an dúspéis atá ag na meáin i ról Shinn Féin sna Trioblóidí, ach is róchuma leo faoina bpolasaithe…'

  • Breathnóir

    Pointí suimiúla ó Eoin. Is léir go bhfuil eagla as cuimse ar na mórmheáin sa Phoblacht maidir le Sinn Féin. Tá díomá orm faoina chlaonta is atá na mórmheáin i dtaca lena dtuairisciú sa réimse seo. Mar shampla má fhaigheann SF toradh maith i bpobalbhreith déantar neamhiontas glan de sin. Ach déantar ceannteideal mór d’aon phobalbhreith ina léirítear caillteanas tacaíochta dóibh. Níor vótáil mé do SF riamh ach cúis náire atá sa chlaontacht seo.

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Dealraíonn sé go bhfuil port Fhianna Fáil seinnte. Más amhla don Lucht Oibre, dh’fhágfadh san go mbeadh brú millteach ó lucht an rachmais is an choimeádachais ar rump Fhianna Fáil dul i rialtas le Cumann na nGall d’fhonn nithe a choimeád mar atá is ná caillfidís seilbh ar an maoin gur dóigh leo gurb é a gceart í a bheith acu gan roinnt. An craiceann is a luach – mar deirtear. Ach is olc an ghaoth etc., óir chiallódh san go mbeadh deighilt pholaitiúil eite dheis/eite chlé ann don gcéad uair riamh i stair na Sé Chontae Fichead. Raghadh rudaí chun donais ansan sara raghaidís chun feabhais. Nuair a bheadh dóthain fachta ag an bpobal sa bhréagphoblacht so dá gcuid grabála súd i gcomhacht, bheadh súil age duine go vótálfaidís don eite chlé ina dhéidh sin … marab é sin brath na fuaire!!!!

  • Concubhar Ó Liatháin

    Má chreideann daoine go bhfuil Sinn Féin ar an éite clé, tá dul amú orthu. A luaithe is a bheidh SF i gcumhacht, leireoidh siad ó dheas,mar a léirigh siad ó thuaidh, go bhfuil siad chomh sásta agus chomh ábalta giorruithe agus dian shaol a chur i bhfeidhm le h-aon pháirtí den eite dheis…..déanfaidh siad sin agus maífidh a gcuid leithscéalaithe go bhfuil siad ag déanamh a mhalairt glan. Cosúíl le hEoin Ó Murchú ag maíomh go bhfuil an iomarca suime á léiriú ag na meáin i stair dorcha Shinn Féin ach dá mba rud é go raibh cnamharlach sa vardrús ag páirtí eile a tugadh chun solais, agus gur ar leas SF a bheadh sin, bheadh Eoin ar thús cadhnaíochta sa soilsiú céanna!

  • Sean Mac Gearailt

    Nil a leitheid de rud agus “daonlathas” sa tir seo na ni raibh le fada an la. Is cuma ce ata sa rialtas deanann siad neamhaird de mhianta na ndaoine.