Is féidir linn go léir taitneamh, aoibhneas, áthas nó spraoi a bhaint as leabhar mór Garry Bannister

Leabhar mór 1,037 leathanach é seo a thabharfaidh ábhar foghlama agus tuisceana d'aon duine a bhaineann sult as saibhreas ár dteanga

Is féidir linn go léir taitneamh, aoibhneas, áthas nó spraoi a bhaint as leabhar mór Garry Bannister

Tugann leamhlaethanta Lúnasa deiseanna do gach scríbhneoir a phléann cúrsaí reatha de ghnáth cur síos a dhéanamh ar chorr-ábhar níos taitneamhaí. Leithéid an cholúin seo.

Is ar leabhar speisialta neamhghnách a foilsíodh níos luaithe i mbliana atá an colún seo dírithe. Leabhar é a thuilleann aitheantas agus ardmholadh toisc gur féidir le daoine ar mhórán nó ar bheagán Gaeilge taitneamh a bhaint as. Is leabhar mór é (1,037 leathanach) a thairgeann ábhar foghlama agus tuisceana do gach duine a bhaineann sult as saibhreas ár dteanga, nó as cur lena thuiscint ar a saibhreas.

Baineann mic léinn, iriseoirí agus scríbhneoirí leas as foclóir uaireanta agus focal nó leagan cainte atá (a) cruinn nó (b) intuigthe nó (c) oiriúnach á lorg acu. Is dlúthchuid den oiriúnacht é uaireanta focal a aimsiú a sheachnaíonn athúsáid. Mar shampla, in ionad

B’fhearr do Theachtaí Dála athrá ar chaint gan téagar a sheachaint toisc gur léir dár bhformhór athrá ar chaint gan téagar

athraítear scaití an fhoclaíocht chun aird an léitheora a choinneáil ó leadrán, mar seo abair:

B’fhearr do Theachtaí Dála athrá ar chaint gan téagar a sheachaint toisc gur follas dár mbunáite athinsint ar lagscéal.

Ar ndóigh ní foláir a admháil láithreach, mar is léir thuas, nach ndeimhníonn malairt focal feabhas. Ach de ghnáth is fiú an iarracht.

Smaoinigh áfach ar riachtanas níos simplí. Abair go bhfuil alt á scríobh agus fonn ar an scríbhneoir athrá iomarcach ar fhocal a sheachaint. An focal ‘alt’ mar shampla. Is i gcás mar sin a chuimhnítear ar ‘aiste, nó ‘colún’ nó ‘cur síos’ nó ‘dréacht’ nó ‘nóta’ nó ‘píosa’ nó ‘sliocht’ nó ‘tuairisc’ nó ‘tuarascáil’.

Tá go maith, má bhíonn rath ar an obair. Uaireanta faraor, tagann tuirse nó easpa eolais nó mearbhall de chineál éigin sa mhullach ar an scríbhneoir bocht. Réitíonn ár bhformhór fadhbanna dá leithéid ar ndóigh tar éis tamaill, nó cupán caife. Mar sin féin chuirfeadh ár mbunáite fáilte roimh leagan Gaeilge den teasáras atá ar fáil i dteangacha eile – stór focal a d’fhéadfaí a úsáid toisc gurb ionann nó gur cosúil a mbrí le focal áirithe.

Beidh áthas ar mhórán Gaeilgeoirí mar sin má fhaigheann siad greim ar an gcnuasach ollmhór (700,000 focal a deir an clúdach), an Teasáras Gaeilge-Béarla, atá curtha le chéile ag Garry Bannister agus a d’fhoilsigh New Island Books le gairid.

Is fiú áfach smaoineamh ar an tairbhe eile agus ar an bpríomhthairbhe dáiríre is féidir a bhaint as an mórshaothar seo. Ní sainmhíniú focail ach roghanna focal a d’fhéadfaí a úsáid ina ionad atá ar fáil sa chnuasach éachtach seo. I ngach cás ar ndóigh oirfidh roghanna áirithe d’éirim an scríbhneora agus ní oirfidh roghanna eile.

Tá fiúntas agus luach níos bunúsaí an leabhair á léiriú don scríbhneoir seo ó cheannaigh sé é cúpla mí ó shin. (Faraor, cuirfidh an praghas, €54.95, srian ar úsáid – cúis gur fiú é a chur ar fáil ar líne). I mbeagán focal, tá léargas iontach so-úsáidte ar shaibhreas na teanga curtha ag Bannister ina leabhar.

Beatha teanga í a labhairt a deirtear. Bíonn ar gach Gaeilgeoir tabhairt faoin scríobh áfach gan a bheith i mbun comhrá go rialta le Gaeilgeoirí eile. Tá áis curtha ar fáil ag Garry Bannister a léiríonn láithreach ar oscailt a leabhair seo a éasca is atá seo teacht ar an éagsúlacht focal agus leaganacha atá ar fáil i nGaeilge – éagsúlacht nach féidir le mórán Geilgeoirí a fhoghlaim nó a choinneáil sa chuimhne.

Seo a leanas abairt a d’fhéadfaí a scríobh ar bhealaí éagsúla i gcolún mar seo, a bhuí lena mhórshaothar:

Ceapann Teachtaí Dála nach dtiocfaidh siad slán mura mbíonn siad glic, nó

Acmhainneach, aibí, beartach, beo-intinneach, cleasach, cliste, críonna, deaslámhach, géarchúiseach, grinn, íogánta, lúibíneach, sionnachúil (mo rogha), sleamhain, slíocach, nó stuama

Agus feiceálach, nó

Inaitheanta, inbhraite, infheicthe, sofheicthee (gan a bheith chomh sofheicthe le Helen McEntee agus Gardaí á tionlacan sa tsráid tar éis ionsaí ar thurasóir) nó sonraíoch

Agus diongbháilte, nó

Buan, buanseasmhach, dáigh, daingean, dearfa, dianseasmhach, dígeanta, díocasach, docht, láidir, righin, rúndaingean, seasmhach, stóinseach, nó teann (oireann na roghanna go léir do Mhicheál Martin, i gceannas ar a a pháirtí ó 2011)

Gan a bheith meata, nó

Beagmhisniúil, beaguchtúil, bithiúnta, buí, cladhartha, critheaglach, cúlánta, eaglach, faiteach, fannchroíoch, lag, lagspreosach, lagspridiúil, míghaisciúil, nó scanraithe

Ach ní foláir dóibh uaireanta a bheith cróga, nó

Aigeanta, anamúil, calma, coráistiúil, dalba, dána, dásachtach, dochloíte, gaisciúil, gusmhar, meanmach, mear (gan a bheith meargánta), misniúil, móruchtúil, neamhfhaiteach, ridiriúil, spreacúil, spioradúil, spuncúil, stóinseach, stóinsithe, teann, uasal, nó uchtúil

Gan trácht ar an dualgas atá ar Theachtaí Dála, mar atá ar chách, a bheith ceansa, nó

Aoibhinn, bog (gan a bheith róbhog), búch, cásmhar, caoithiúil, caomh, carthanach, cineálta cneasta, deas, daonnachtúil, geanúil, grámhar, ionúineach, lách, mánla, múinte (fiú amháin le linn Cheisteanna na gCeannairí), neamhfhiàin, séimh, teochroíoch nó tláith.

Déan do rogha astu, agus sult á bhaint as an rogha agat.

Teasáras Gaeilge-Béarla, Irish-English Thesaurus, Garry Bannister a chnuasaigh, New Island Books a d’fhoilsigh, praghas €54.95

Fág freagra ar 'Is féidir linn go léir taitneamh, aoibhneas, áthas nó spraoi a bhaint as leabhar mór Garry Bannister'