Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Baile Átha Cliath faoi stiúir Pat Gilroy

Tá feabhas tagtha ar Bhaile Átha Cliath agus Tiobraid Árann cé nach bhfuil aon chluiche buaite fós acu, ach tá fadhbanna móra ag Uíbh Fhailí agus Port Láirge

Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Baile Átha Cliath faoi stiúir Pat Gilroy

Bainisteoir Átha Cliath, Pat Gilroy. Pictiúr: INPHO/Tommy Greally

Cad é mar ionadh a bhí orainn nuair a fógraíodh Pat Gilroy mar bhainisteoir ar iománaithe Bhleá Cliath. ’Sea Pat Gilroy, iarbhainisteoir buacach na peileadóirí. Ach sin a tharla agus ghlac sé leis an dúshlán. Ba mhó fós an t-údar iontais nuair a chonaiceamar gur iarbhainisteoir iomána na Gaillimhe Anthony Cunningham a bhí ainmnithe aige mar chóitseálaí agus ba mhó fós an t-iontas a bhí orainn nuair a ceapadh Mickey Whelan mar roghnóir aige.  Mickey Whelan, atá ag druidim i dtreo na gceithre scór, a bhí ina bhainisteoir peile le Cumann Naomh Uinseann nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2008 agus ina roghnóir ar pheileadóirí Bhaile Átha Cliath nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2011 agus iad faoi stiúir Gilroy.

Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Gilroy ar thóir na n-imreoirí, idir óg agus aosta, a bhí díbeartha ag Ger Cunningham le linn na ré trí bliana a bhí aige mar bhainisteoir. Tá an-mheas ar Gilroy san ardchathair mar fhear uasal, mar shaineolaí peile agus mar fhear gnó rathúil ach bhí ceisteanna ag daoine faoina cháilíochtaí ó thaobh na hiománaíochta de. Bhí a thuilleadh ceisteanna fós ann nuair thug Uíbh Fhailí greadadh dá fhoireann nua i bPáirc an Chrócaigh sa chéad bhabhta den tsraith. Coicís ina dhiaidh sin thug Luimneach greadadh dóibh. ’Sea, ní raibh cuma mhaith ar an scéal, cé go raibh bua cuimsitheach acu i gcoinne chontae Laoise ag deireadh na sraithe.

Mar sin orainn a bhí an t-iontas arís nuair a bhí siad chun tosaigh i gcoinne sheaimpíní na sraithe, Cill Chainnigh, agus nóiméad d’am breise caite. Ghéilleadar cúl agus chailleadar an cluiche, ach bhíodar níos fearr ná na Cait don chuid is mó den chluiche craoibhe sin. Seachtain ina dhiaidh sin bhíodar chun tosaigh ar Loch Garman agus an cluiche beagnach thart ach chaill siad arís.

Mar sin féin, is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil feabhas ollmhór ar na Dubs faoi stiúir fhear na peile, Pat Gilroy.

Ní fhéadfá an rud céanna a rá faoi Uíbh Fhailí agus faoi stiúir iar-iománaí de chuid an chontae, Kevin Martin. Go dtí Dé Sathairn seo caite bhí comharthaí fánacha ann go rabhadar ag feabhsú. Ach má chailleann siad amárach i gcoinne Bhaile Átha Cliath is i gcomórtas Joe McDonagh a bheidh siad ag imirt an séasúr seo chugainn, sin mura mbuann Ciarraí an comórtas sin i mbliana nó mura n-athraíonn CLG na rialacha ag deireadh na bliana. I ndiaidh dóibh an greadadh a fháil sa bhaile ó Loch Garman, caithfidh nach bhfuil mórán muiníne acu astu féin. An bhfuil speach éigin iontu fós? Ní dóigh liom é agus na Dubs lán le teaspach i ndiaidh seachtain sosa.

Beidh cluiche eile thar a bheith tábhachtach agus cinniúnach anseo sa Mhumhain againn agus Tiobraid Árann, a ghnóthaigh pointe fíorluachmhar an tseachtain seo, ag taisteal go Luimneach chun tabhairt faoi na Déise a chaill an t-aon chluiche amháin a bhí acu go dtí seo.

A leithéid d’aiséirí a rinne Tiobraid Árann sa dara leath i nDurlas Éile seachtain ó shin nuair a d’éirigh leo comhscór a fháil leis an bpoc deireanach sa chluiche. De réir na dtuairiscí ní raibh aon bhaol go mbuafadh Port Láirge a gcluiche siúdi mbaile na hInse an tseachtain seo caite agus más fíor na scéalta faoi ghortuithe is ar éigean gurbh fhiú dóibh an bóthar a thabhairt orthu féin in aon chor amárach. Tá trua agam dóibh agus an oiread sin imreoirí in easnamh orthu ar chúiseanna éagsúla. Tá captaen na foirne féin Kevin Moran ar fionraí. Tá sé ionann is dodhéanta cás a dhéanamh dóibh. Ní fheicim aon ní anseo ach bua do na Tiobraid Árannaigh.

Fág freagra ar 'Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Baile Átha Cliath faoi stiúir Pat Gilroy'