Chaill Donald Trump toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe in 2000. Tuigeann sé gur chaill sé an toghchán, in ainneoin a bhfuil á mhaíomh aige ó shin i leith agus in ainneoin go ndeachaigh sé i mbun comhcheilge le toradh an toghcháin a chur ar neamhní.
Sin an bhunteachtaireacht a bhí sa gcúiseamh a d’fhoilsigh an t-abhcóide speisialta Jack Smith an tseachtain seo faoin bhfiosrúchán i leith na círéibe in Washington ar an 6 Eanáir 2021.
Dúradh sa gcáipéis atá 45 leathanach ar fhad gur scaip sé bréaga faoi thoradh an toghcháin, go ndearna sé iarracht próiseas oifigiúil na dtoghchán a chur as a riocht, go ndearna sé iarracht a gcearta vótála a cheilt ar dhaoine agus calaois a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe.
Seo an tríú sraith cúiseanna atá curtha i leith an iar-uachtaráin agus tá súil le fógra go gairid ón ardghiúiré i Georgia faoi líomhaintí go raibh baint aige le hiarrachtaí an toradh ansin a chur ar neamhní. Rinneadh an t-uachtarán céanna a tháinseamh faoi dhó cé gur theip ar thithe na Comhdhála é a chiontú.
Is cuma ina dhiaidh sin ar fad cé chomh tromchúiseach atá na cúiseanna atá curtha i leith Trump. Beag beann ar chomh dáiríre agus a bhíonn snua Jack Smith agus é ag fógairt na gcúiseanna atá á mbeartú aige, ní chuireann sé tada as do leibhéal tacaíochta Donald Trump sna pobalbhreitheanna.
Tá muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh deighilte anois ina gcuid tuairimí polaitiúla go gcreideann lucht tacaíochta Trump, cuma cén fhianaise a chuirtear ina láthair, go bhfuil géarleanúint á déanamh air. Ar chúiseanna polaitiúla atá coireanna á gcur in leith, a deir sé, mar go bhfuil an oiread tóir ag an bpobal air.
Creideann a lucht tacaíochta – go leor acu a thacaigh leis na círéibeacha ar an 6 Eanáir – go bhfuil an fhírinne aige. Tá sciar eile den phobal nach gcreidfidh aon fhocal as a bhéal go deo agus i lár báire tá na daoine sin a vótáil dó in 2016 mar go raibh siad meallta ag an gcumas a bhí aige an bhunaíocht a chur dá buille. Bhí go leor acu a thacaigh leis freisin níos túisce ná a chaithfidís vóta do Hillary Clinton. Céard a dhéanfaidh siad sin in 2024? Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil sciar mór den phobal sin i lár báire nach bhfuil mórán fonn orthu Biden a thoghadh in athuair.
Déanfaidh foireann dlíodóirí Trump – atá á n-íoc anois as an gciste toghchánaíochta – a míle dícheall na trialacha ar fad a bhaineann leis a chur siar go dtí chomh gar do dháta an toghcháin agus is féidir.
Mheabhraigh Jack Smith ina chuid cainte an tseachtain seo gur mithid dúinn cuimhneamh go bhfuil Trump neamhchiontach sna cúiseanna ar fad nó go gcruthaítear a mhalairt. Agus tá a chuid tacaíochta chomh maith lena chumas bailithe airgid ag méadú go leanúnach. An bhfuil aon duine i measc na bpoblachtach a thabharfaidh an scéal áiféise seo chun críche?
Nó an féidir linn a bheith ag súil go mbeidh fear a bhfuil amhras ann gur coirpeach é, fearr a rinne iarracht córas daonlathach a thíre féin a threascairt, ar ais sa Teach Bán i mí Eanáir 2025?
Tá an chuma sin ar chúrsaí faoi láthair.
Fág freagra ar 'Is cosúil gur sa Teach Bán arís a bheidh an t-uachtarán a rinne iarracht an daonlathas a threascairt'