‘Is cinnte gur tharla gníomh stairiúil sa bhliain seo 1969’ – aiste Ghaeilge déagóra faoin tuirlingt ar an ngealach 50 bliain ó shin

Cothrom an ama seo 50 bliain ó shin, agus í ag freastal ar Scoil Chaitríona, Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath, foilsíodh alt le hÍte Ní Chionnaith sa nuachtán ‘Inniu’. Bronnadh an dara duais, ‘an duais thánaisteach’ ar an alt i gcomórtas aistí bliantúil an nuachtáin…

‘Is cinnte gur tharla gníomh stairiúil sa bhliain seo 1969’ – aiste Ghaeilge déagóra faoin tuirlingt ar an ngealach 50 bliain ó shin

DEICH: — NAOI — Ocht — Seacht — Sé — Cúig — Ceathair — Trí — Dó — Aon — Zero. Tá an t-árthach tar éis an pláinéad seo a fhágáil ar a bhealach chun na gealaí. Tá na nóiméid lena raibh gach uile dhuine ag fanacht thart anois. Tá mian an Uachtaráin Uí Chinnéide comhlíonta. Tá beirt fhear tar éis siúl ar dhromchla na gealaí agus táid thar n-ais arís ar an domhan seo agus iad slán sábháilte.

Is cinnte gur tharla gníomh stairiúil sa bhliain seo míle naoi gcéad seasca a naoi—gníomh a bheidh i ngach uile leabhar staire sa todhchaí. Bhí fionnachtana Cholumbus, Da Gama agus a leithéidí fíorthábhachtach—cá mbeimis gan iad? – ach seo é an chéad uair, go bhfios dúinn, ar chuir fear daonna a chos ar phláinéad eile. Tá súil agam go dtuigeann muintir an domhain ní hamháin tábhacht eolaíochta ach tábhacht dhaonna na héachta – tá sí chomh maith sin.

Ach cé gur eachtra iontach í ní dóigh liom go bhféadfadh éinne an eachtra féin ná mian na heachtra a mholadh ina hiomlán. Ón gcéad lá ar fhág Sputnik 1 na Rúise an pláinéad seo-—an ceathrú lá de Dheireadh Fómhair, míle naoi gcéad caoga a seacht—bhí coimhlint láidir sa spástaisteal “rat-race” a tugtar air go minic as Béarla— idir an Rúis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. Feictear dom gur athraigh an choimhlint sin mian na heachtra go mór. Bhí dúil chomh mór ag na Meiriceánaigh i gclú agus cáil a bhaint amach dóibh féin agus na Rúisigh a náiriú is a bhí acu i gcabhrú leis an gcine daonna. Tá na Meiriceánaigh agus na Rúisigh ar an dá dhream is cumhachtaí ar domhan inniu agus táid araon ag iarraidh a gcumhacht féin a leathnú trí choilíneacht a bhunú ar an ngealach.

Ach siad gnáthmhuintir Mheiriceá agus na Rúise a chaithfidh íoc as an obair chostasach seo. Tá cuid de na geiteonna is measa ar domhan sna Stáit Aontaithe. Tá na daoine gorma, go háirithe, ina gcónaí i dtithe nach mbeadh oiriúnach do mhadraí allta. Ach fós caitheadh dhá bhilliún go leith punt, nó mar sin, ar an turas seo chun na gealaí. Fiú chun taighde a dhéanamh ar ghné amháin den spástaisteal — hidrigin leachtach mar shampla — chosain sé seacht gcéad caoga milliún dollar. Nárbh fhearr go gcaithfí cuid den airgead seo ar thithíocht, ar fhorbairt tíre, ar eolaíocht leighis agus ar thaighde domhain ar ár bpláinéad féin?

Tá a lán buntáistí ag an bhfarraige agus ag mianraí éagsúla atá inti nach eol dúinn — rud náireach agus taighde á dhéanamh ar phláinéid eile. Níl mé ag rá ar chor ar bith go mba chóir stop iomlán a chur leis an taighde seo, ach d’fhéadfaí laghdú mór a dhéanamh ar an méid a chaitear.

Ach ní chun spóirt atá an t-airgead seo á chaitheamh. Táthar ag súil le toradh éigin as agus le cúnamh Dé gheofar é. Tá daonra an domhain seo ag ardú agus ag méadú in aghaidh an lae, cé go bhfuil na milliúin á gcailliúint de bharr cogaidh nó gorta, dá bhrí sin beidh gá go luath le hionad eile maireachtála. Seans go ndéanfaidh an ghealach cúis. Tá saineolaithe ann a deir gur féidir maireachtáil ar an ngealach de bhrí gur féidir, dar leo, uisce a dhéanamh as na carraigeacha ann agus ansin ocsaigin a dhéanamh as an uisce. Ach nílid ar fad ar aon aigne. Deirtear freisin go bhfuil mianraí luachmhara ar an ngealach agus ar phláinéid eile. Ach ar ndóigh, deirtear a lán rudaí agus cé mhéad díobh a bhíonn fíor?

Is gá dúinn a thuiscint go soiléir go bhfuil baol mór ag baint leis an taisteal seo—baol do na spásairí atá i gceist, baol dár bpláinéad féin agus baol don ghealach chomh maith. Dá mba rud é nár oibrigh Apollo XI 99.9996 i gceart bheadh na fir sin marbh anois. Ní thugann sin caoi rómhór do dhearmaid!

De réir an Tríú Siompóisiam Idirnáisiúnta ar Mhaireachtáil an Duine sa spás tá seans mór nach féidir maireachtáil i bhfad ar an ngealach. Tá sé soiléir ó thurais spáis eile gur féidir suas le 23% oiread níos mó cailciam a fhearadh ná mar is gnách don duine agus thaispeáin dhá mhadra Rúiseacha a cuireadh suas gur féidir galar croí d’fháil agus gur féidir suas le 29% de mheáchan an choirp a chailliúint i gcoicís. Deirtear fiú amháin de bharr na radaíochta, gur féidir leoicéime d’fháil. Tá dainséar ann dúinne, nach raibh in aice na gealaí chor ar bith, go dtabharfaí ar ais frídíní nó víris a dhéanfadh an domhan a thruailliú agus dúirt Armstrong féin go raibh Apollo XI tar éis méid áirithe truaillithe a dhéanamh ar ithir na gealaí.

Ní fios domsa an mbeidh daoine ina gcónaí nó ag caitheamh saoire ar an ngealach riamh. Ach tá Meiriceánaigh dóchasach ar aon nós mar ó mhíle naoi gcéad seasca a ceathair i leith tá ocht míle dhéag díobh tar éis suíochán chun na gealaí a chur in áirithe. Deir an t-eolaí roicéid, an Dr Wernher Von Braun go mbeidh a leithéid de sheirbhís ann laistigh de thríocha bliain. Ach má bhíonn tá baol ann go rachaidh an domhan seo chun donais ar fad, Cosnóidh sé airgead dul ann agus is iad an uasalaicme amháin a bheidh in ann é a íoc. Tiocfaidh deighilt níos mó ná riamh idir lucht an tsaibhris agus lucht an daibhris.

Seans go bhfuil breall orm. B’fhéidir go mbeadh mise ag seasamh thuas ansin fiche bliain ó inniu ag léamh an leachta a deir:

“Here men from the planet earth, first set foot upon the moon. July 1969 A.D. We came in peace for all mankind.”

Fág freagra ar '‘Is cinnte gur tharla gníomh stairiúil sa bhliain seo 1969’ – aiste Ghaeilge déagóra faoin tuirlingt ar an ngealach 50 bliain ó shin'