‘Is bocht an scéal go gcaitheann ábhar oidí €1,000 a chaitheamh ar thréimhse sa Ghaeltacht’

Bhí Cathaoirleach ainmnithe COGG os comhair Comhchoiste Oireachtais tráthnóna, áit a ndúirt sé gur cheart deis a bheith ag gach duine oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a fháil más é sin a rogha

 

Screen Shot 2015-10-07 at 16.57.12

Is bocht an scéal go gcaitheann ábhar oidí €1,000 a chaitheamh as tréimhsí a thabhairt sa Ghaeltacht.

B’in cuid den méid a bhí le rá ag Cathaoirleach ainmnithe na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), Dónal Ó hAiniféin inniu agus é ag caint os comhair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais.

Mhol sé gur cheart scoláireachtaí 1916 a thabhairt thar n-ais agus dúirt go raibh forbairt agus oiliúint ag teastáil ó “ghlúin nua múinteoirí” le gur féidir leo an teanga a mhúineadh i gceart do pháistí agus acmhainní ar nós Séideán Sí a úsáid “ar an mbealach is éifeachtaí”.

Chuir sé scéim Gaeltachta na n-ábhar oidí i gcomparáid lena mhacasamhail de scéimeanna ar an Mór-Roinn agus dúirt gur féidir le múinteoirí faoi oiliúint páirt a ghlacadh i gcláir den chineál sin sa Fhrainc agus sa Ghearmáin “gan a bheith ag íoc airgid as a bpóca féin”.

Dá dtabharfaí faoin scéim Gaeltachta mar is ceart, a dúirt sé, bheadh dea-thionchar aige ar mheon na n-ábhar oidí anseo agus bheadh deis acu “an dearcadh is dearfaí i leith na teanga a ghlacadh chucu féin agus a thabhairt dos na daltaí a bheidh á múineadh acu amach anseo. Is infheistíocht iontach a bheadh ann, i múinteoirí óga ar bheagán airgid”.

D’áitigh sé gur cheart deis a bheith ag gach duine oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a fháil más é sin a rogha.

“Nílimidne a d’iarraidh an Ghaelainn a bhrú ar aon duine, ach táimid ag iarraidh a dheimhniú nuair a roghnaíonn tuismitheoirí óga an Ghaeilge sa Ghalltacht mar mheán teagaisc nó mar mheán oideachais dá bpáistí – nó lucht na Gaeltachta, an ghlúin agus an slabhra neamhbhriste teangeolaíochta sin nach féidir a cheannach…agus nach féidir a chur thar n-ais má ligtear dó dul níos faide – go mbeadh gach tacaíocht is féidir a thabhairt… don oideachas Gaeltachta [agus Gaeilge] ag gach leibhéal,” a dúirt Cathaoirleach ainmnithe COGG.

Ag freagairt ceiste a chuir an Teachta Dála Ciarán Cannon faoin teagmháil a bhíonn ag daltaí agus scoláirí leis an teanga, dúirt Ó hAiniféin go mbíonn 1,500 uair a’ chloig de theagmháil léi ag gnáthdhaltaí scoile in imeacht 14 bliana.

Bíonn an méid céanna uaireanta i gceist le haghaidh páiste óg a dhéanann bliain amháin i nGaelscoil, má bhíonn naíonra san áireamh.

Dúirt Ó hAiniféin chomh maith gur cheart aonaid lán-Ghaeilge na tíre “a fhorbairt isteach ina scoileanna lán-Ghaeilge” agus cé go gcuireann sé fáilte roimh cheapachán beirt oifigeach nua COGG, dúirt sé nach leor an méid sin agus go gcaithfí cur le buiséad na heagraíochta amach anseo dá mbeidís chun na haidhmeanna atá acu a chur i gcrích.

Fág freagra ar '‘Is bocht an scéal go gcaitheann ábhar oidí €1,000 a chaitheamh ar thréimhse sa Ghaeltacht’'

  • Seo Mise

    Bhí mise le hábhair oidí eile i gceann de na Gaeltachtaí an samhradh atá díreach caite agus is mar seo a chaith mé é: Labhair mé Gaeilge amháin agus fuair mé freagraí i nGaeilge ó fhormhór na n-ábhar oidí eile ach is comhráití dhá theangacha ba mhó a bhí agam leo (mise i nGaeilge) cé gur scoláirí muid uilig agus go rabhamar uilig in aon teach. Béarla a labhair siad lena chéile agus le pobal na háite, ach bhí roinnt daoibh an-mhíshásta nuair a labhair lucht an tí tábhairne Béarla leo mar cé go rabhadar feicthe ag gach duine ag labhairt i mBéarla bhí siad den tuairim gur chóir do phobal na háite Gaeilge a labhairt leo ..! Agus cé gur thuigeadar gur i mBéarla a chaith siad an tseachtain lasmuigh de na ranganna gramadaí, chuadar abhaile a rá nach bhfuil Gaeilge ar bith sa Ghaeltacht nó sa choláiste lenar bhain siad don tréimhse Gaeltachta! Sin an taithí a bhí agamsa ar an scéal an samhradh seo caite.

    Dá bhrí sin, seo hiad na ceisteanna a chuirfinn ar an té lena mbaineann sé:

    1. An mbeadh meas níos mó ag ábhair oidí ar an tréimhse Gaeltachta dá mba rud é go raibh siad féin ag íoc as?
    2. An bhfeicfimis níos lú ábhair oide sa Ghaeltacht dá mba rud é go raibh siad féin ag íoc as?
    3. An mbeadh caighdeán níos fearr agus béas iompar níos measúla ag ábhair oidí ag dul chun na Gaeltachta dá mba rud é go raibh siad féin ag íoc as?
    4. An mbeadh an t-airgead sin a chaitheamh ar scoláireachtaí Gaeltachta d’ábhair oidí ar bheagán maoine agus ar spéis leo forbairt phearsanta le dul chun na Gaeltachta, dá mba rud é go raibh siad féin ag íoc as?
    Agus ar deireadh, an deacracht, má bhaintear an t-airgead a fhaightear faoi láthair dínn, an bhfaighfear arís é don Ghaeilge?

  • seán

    Ná seol aon áit iad mar ábhar oidí (!)ach in ainm phoillíní an diabhail bhuí mar tá a bhfurmhór lagmheastúil ar an teanga, ar an gcultúr, ar mhuintir na háite, ar a chéile go minic agus orthu féin chomh maith céanna. Más fonn leo Gaeilge nó aon rud eile a fhoghlaim íocfaidís fein as agus ná bímís á bpotbheathú faoi mar a bhíonn. Cuireann sé rabharta feirge orm gurb é an cineál seo duine a bheidh ag cur ‘oideachais’ ar dhaltaí na tíre seo. Is ins na bunscoileanna atá bunsraith na soiniciúlachta agus an lagmheasa i leith an náisiúnachais, na teanga, na sochaí, na tíre á leagadh ag an seoiníní millte sin. An aon ionadh nach féidir le hÉireannaigh a n-amhrán náisiúnta féin a chanadh? An t-aon ‘náisiún’ ar domhan atá sa chan sin? Múinfidh siad na Fields of Athenry cgl; amhrán a cumadh i gcuimhne ar an nGorta Mór? Iar-mhúinteoir bunscoile mise agus níl sa mhúinteoireacht anois ach post acu; caith uait gach rud eile.