“Ní raibh sé chomh holc is a d’fhéadfadh sé a bheith.” B’shin é an breithiúnas ar an gcíréib i dtuaisceart Bhéal Feirste inar gortaíodh naonúr póilíní ar an Domhnach. Bhris trioblóid amach uair an chloig tar éis don PSNI bac a chur ar mháirseáil na n-easaontóirí poblachtánacha toisc go raibh rialú Choimisiún na bParáidí á sharú acu.
Rialaigh an Coimisiún go gcaithfeadh lucht na paráide in aghaidh imtheorannú a bheith bailithe leo as lár na cathrach faoi leathuair tar éis a haon. Shocraigh an lucht eagair, an Anti Internment League, go sárófaí an t-ordú agus nach bhfágfaidis Ard Eoghain ar an mbealach chun na cathrach go dtí a dó a chlog.
Tá feidhm reachtúil ag rialú an Choimisiúin agus is é gnó an PSNI a chinntiú go gcomhlíonfar é. Chuir an PSNI stop leis an bparáid, dá réir, ag íochtar Bhóthar na Sean-Pháirce. Tar éis cupla óráid, d’iarr an lucht eagair ar an slua imeacht go ciúin agus d’imigh bunáite an 500 duine a bhí i láthair. Ach d’fhan slua sa cheantar agus tamall ina dhiaidh sin, ionsaíodh na póilíní.
Dúirt an Príomh-Chonstábla Cúnta a bhí i gceannas ar an lá gurbh iad lucht eagraithe na mairseála faoi ndeara an trioblóid agus go gcaithfidís freagracht a ghlacadh as. Ba dheacair easaontú leis; b’iad a sholáthair an deis agus b’iad a chinntigh go gcaithfí bac a chur orthu. Bhí Martin McGuinness Shinn Féin, an Leas-Chéad Aire, den bharúil chéanna.
Céard a theastaigh ón lucht eagair, an AIL? Go ligfí dóibh máirseáil go lár na cathrach mar a ligtear don Ord Oráisteach – comhionannas. Fuair siad an cead sin.
Bhíodar ag iarraidh aird a tharraingt ar dhaoine a bheith ar a gcoinneáil rófhada, gan triail (sórt imtheorannú, dar leo). Bhí an deis acu é sin a dhéanamh ach cloí leis an rialú ón gCoimisiun. Níorbh iad an Coimisiún ná an PSNI a cheil an ceart sin orthu. Ar theastaigh uathu dúshlan an PSNI a thabhairt agus naimhdeas do na póilíní a chothú? Is cosúil gur theastaigh. Arbh fhiú é? Ní mé cén uair a thabharfaidh na heasaontóirí poblachtánacha freagra ar an gceist sin.
Bhí an tinreamh ar an máirseáil íseal – na céadta a bhí i láthair murab ionann agus na mílte a bhí luaite ag an lucht eagraithe – agus mhaígh a lán i dtuaisceart na cathrach gur ghluaiseacht imeallach a bhí ann.
Má bhí súil acu neart a bhailiú de bharr na himeachta, ní folair nó gur teip a bhí ann.
Ní raibh an dara rogha ag an PSNI ach stop a chur leis an máirseáil ó bhí sé soiléir nach raibh an rialú á chomhlíonadh.
Bheadh na póilíní náirithe mura ndeanfaidís an dualgas sin a chomhlíonadh. Sin é a éilítear orthu go seasta i dtaca le máirseálacha dílseacha.
Bhí feidhmeannaigh an PSNI ag iarraidh ar lucht eagair na máirseála labhairt leo i rith na seachtaine roimh ré ach bhí sé fánach acu. Ba léir nach comhrá ná comhghéilleadh a theastaigh ón AIL.
Bhí dílseoirí ag agóidíocht in aice leis an áit a stop na póilíní an mháirseáil agus imní ar na húdarais go dtarlódh foréigean den tsórt a raibh dílseoirí freagrach as ag an ócáid chéanna dhá bhliain ó shin.
Thángthas slán ó mhórchíréib ach níor mhaise ar Bhéal Feirste mar láthair siopadóireachta ná láthair turasóireachta é an dianslándail a b’éigean a chur i bhfeidhm – ar fhaitíos na bhfaitíos.
Mairg don té a bheadh ag iarraidh an ceantar ‘a dhíol’ mar áit thaitneamhach, normálta. Is baolach gur fada uainn fós ‘an normáltacht’.
seán
Tá sé ar fad ráite ag Patrick McCabe sa leabhar ‘The Dead School’. Cuireann forchiníocha agus foréigneoirí (sic) den chineál sin a bhfuil fuath ó chroí acu dá chéile le sinsearacht casadh aigne orainn anois agus daoine ar gach taobh ag iarraidh cniotáil le chéile.