‘Is ar an Aire Stáit Seán Kyne atá an fhreagracht ar fad as cúrsaí Gaeltachta’ – Aire na Gaeltachta Heather Humphreys

Tá cáineadh déanta ar an Aire Heather Humphreys as gan bualadh le heagraíochtaí, ach deir sí nach í an té "is oiriúnaí" chun plé le hachainí Gaeltachta

‘Is ar an Aire Stáit Seán Kyne atá an fhreagracht ar fad as cúrsaí Gaeltachta’ – Aire na Gaeltachta Heather Humphreys

Dar leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Tuaithe, Réigiúnacha agus Gaeltachta Heather Humphreys, nach í an té is oiriúnaí chun “plé le hachainí Gaeltachta” toisc go bhfuil an tAire Stáit Seán Kyne “freagrach as na cúrsaí laethúla iomlán a bhaineann leis an nGaeltacht”.

Tugadh an méid sin le fios i ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta inniu faoi líomhaintí nár ghlac an tAire Humphreys le haon chuireadh  bualadh le haon eagraíocht Ghaeilge ó leagadh cúram na Gaeltachta uirthi mar Aire Sinsearach den chéad uair i mí Iúil na bliana 2014.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, thug an tAire Humphreys a céad chuairt oifigiúil ar an nGaeltacht mar Aire i mí Iúil na bliana seo, dhá bhliain i ndiaidh a ceapacháin. Le linn na cuairte sin bhí cruinniú ag an Aire Humphreys le hÚdarás na Gaeltachta agus chas sí le foireann a Roinne sna Forbacha den chéad uair.

Sa ráiteas a d’eisigh an Roinn inniu mar fhreagra ar cheist faoi líon na gcruinnithe a bhí ag an Aire le grúpaí Gaeilge ó 2014, dúirt sí go mbuaileann sí lena leithéid de ghrúpaí “ó am go chéile” in éineacht leis an Aire Kyne. Ní raibh tagairt sa ráiteas d’aon chruinniú dá leithéid le heagraíocht Ghaeilge seachas an cruinniú sin le hÚdarás na Gaeltachta i mí Iúil na bliana seo.

Dúradh sa ráiteas go bhfuil an tAire Humphreys ina “ball gníomhach” den Choiste Comh-Aireachta Gaeilge agus go bhfreastalaíonn sí ar an gcoiste seo in éineacht leis an Aire Stáit Seán Kyne. Is ar an 30 Márta 2015, bliain go leith ó shin, a bhí an cruinniú deireanach ag an gcoiste sin.

Thug cuid de cheannairí na gceanneagraíochtaí Gaeilge le fios don chlár Cormac ag a 5 an tseachtain seo nach raibh aon chruinniú acu leis an Aire Humphreys ó ceapadh ina hAire í den chéad uair in 2014.

“De réir na reachtaíochta, tá an fhreagracht don Ghaeltacht tarmligthe don Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne. Is mar seo atá cúrsaí Rialtais le blianta anuas. Ciallaíonn sé seo go dtagann freagracht iomlán na bhforálacha reachtaíochta maidir leis an nGaeltacht faoi chúram an Aire Stáit Seán Kyne. Toisc go bhfuil an tAire Kyne freagrach as na cúrsaí laethúla iomlána a bhaineann leis an nGaeltacht, is í tuairim an Aire Humphreys gurb é an tAire Kyne an duine is oiriúnaí le plé le hachainí Gaeltachta de,” a dúradh sa ráiteas.

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta d’iarratas a rinne Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar eolas faoi iarratais ar chruinnithe leis an Aire Humphreys ó eagraíochtaí Gaeilge.

Dúradh go raibh an t-eolas sin “ar fáil san fhearann poiblí” cheana féin. Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar an eolas sin go fóill.

Ag labhairt dó ar Cormac ag a 5 inniu, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go bhfuil freagra an Aire “thar a bheith díomách”.

“Tá sé thar a bheith díomách go dtógfadh an tAire a leithéid de sheasamh. Bheadh sé níos fearr dá ndéarfadh sí go mbuailfeadh sí le grúpaí Gaeilge. Is é an duine is tábhachtaí an duine a bheidh ag Bord an Rialtais. Táimid fós ag iarraidh bualadh leis an Aire Sinsearach mar gheall go bhfuil sí ag suí ag Bord an Rialtais. Má tá sí chun na rudaí atá ag teastáil uainne a chur chun cinn caithfidh sí bualadh linn agus éisteacht linn,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Is ar an Aire Stáit Seán Kyne atá an fhreagracht ar fad as cúrsaí Gaeltachta’ – Aire na Gaeltachta Heather Humphreys'

  • Pól Mac Cumhaill

    Bhuail an tAire Himphreys le coiste Amharclann Ghaoth Dobhair i mí Lúnasa i mbliana agus labhair sí i nGaeilge linn. Léirigh sí suim agus speis sa togra atá idir lámha againn agus chuir sí béim ar thábhacht an chultúir agus mheas sí go mbeadh níos mo a dhéanamh don Ghaeilge agus an ceol Gaelach amach anseo.

  • Sharon

    A chara,
    Bhí Heather Humphries ar mo chúrsa Gaeilge le Oideas Gael an Samhradh seo. Bhí an cúrsa i Gleann Finne agus bhí sí an-deas ar fad. Labhair sí Gaeilge an am ar fad agus bhí muid go léir neirbhíeach an chéad lá nó dhó. Bhí daoine mar mé féin as Meiriceá agus ní raibh fhios againn gur polaiteoirí ar chor ar bith.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Goidé go díreach a bhíonn ar bun ag an ‘Choiste Comh-Aireachta Gaeilge’ nuair nár chas siad ar a chéile ó bhí Márta 2015 – bliaian go leith ó shoin….???