Is amadáin iad na Sasanaigh dar le dílseoirí an AE ach seachain nach fúinn féin atáimid ag magadh

Cén cineál Aontais Eorpaigh atá uainn? Seachas ceisteanna mar sin a phlé bítear ag déanamh trua do na Sasanaigh gan chéill…

Is amadáin iad na Sasanaigh dar le dílseoirí an AE ach seachain nach fúinn féin atáimid ag magadh

Léiríonn ráiteas Theresa May nach é deireadh an domhain é má bhíonn Breatimeacht-gan-mhargadh ann go bhfuil deireadh ag teacht go mall leis an díospóireacht faoin mBreatimeacht féin.

Faraor deireadh a bheadh ann a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don tír seo má fhágtar sinn san fhaopach, sinn inár ndílseoirí don Aontas agus, ag an am céanna, ár dtrádáil le Sasana i mbaol agus teorainn chrua arís ar an oileán.

Deirim ‘díospóireacht’, ach i ndáiríre ní díospóireacht í. Den chuid is mó, ‘dubh nó bán’ a bhíonn i gceist leis an bplé. Níl chloistear go hiondúil ach argóintí ar son an Aontais, agus lucht na n-argóintí sin ag súil gur leor a rá gurb é an tAontas atá ceart le go nglacfar leis gurb é an tAontas atá ceart.

De réir an dearcaidh seo atá ag an dream atá i gceannas sa tír seo, ní bheadh ciall ar bith le himeacht ón Aontas, agus ní foláir mar sin go bhfuil a gciall caillte ag na Sasanaigh.

Le deireanas luadh mar sampla d’amaidí agus easpa tuisceana na Sasanach moladh Dominic Raab, rúnaí an Bhreatimeachta i rialtas Shasana, gur chóir, b’fhéidir, do lucht gnó sna sé chontae dul i gcomhairle leis an rialtas i mBaile Átha Cliath le fáil amach cén cur chuige ar cheart a bheith acu i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Ach ní amaidí sin ach ráiteas ciallmhar  a bhí ag Raab.  Feictear domsa go bhfuil sé soiléir nach gcuirfidh na Sasanaigh bac custaim nó eile ar an teorainn in Éirinn. Ní hamhlaidh go gcreidim sin toisc go bhfuil iontaoibh ar bith agam as caint an tSasanaigh, ach toisc go gcreidim go n-oirfeadh sé dóibh gan aon bhac a bheith ar an teorainn.

Cinnte bheadh bealach isteach sa mBreatain trí Éirinn ann, ach i bhfad níos tábhachtaí ná sin bheadh bealach isteach san AE ann ó Shasana freisin. An gcreideann éinne go nglacfadh an tAontas Eorpach leis sin? Ní dóigh liom é.

Mar sin, ní hiad na Sasanaigh a chuirfidh bacanna ar an teorainn ach an tAontas Eorpach, agus an rialtas i mBaile Átha Cliath a bheidh ag feidhmiú thar a gceann. Má tá an tAontas le smacht a choinneáil ar earraí ón mBreatain caithfidh siad a leithéid a dhéanamh, sin nó bacanna a chur ann  agus seiceáil a dhéanamh ar na hearraí ó oileán na hÉireann ar fad a bheadh á seoladh go dtí an chuid eile den Aontas.

Nach deas an rogha é sin don dream is dílse ar fad don Aontas!

’Sea, is é an port a sheinntear ná ‘táimid ar son an Aontais mar bhí an tAontas go maith dúinn’ agus is cuma cén polasaí i dtaobh na hÉireann a chuireann an tAontas i bhfeidhm.

Ach cén cineál Aontais atá i gceist? Tá tuairimí difriúla ann faoi thodhchaí an Aontais, fiú mura mbíonn aon díospóireacht faoi na tuairimí sin in Éirinn.

Mar shampla, i mí Mhárta na bliana seo caite, mhínigh Jean Claude Juncker, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, go bhfuil cúig bhealach ar aghaidh don Aontas:

  1. Rudaí a fhágáil mar atá (níl mórán den tuairim go bhféadfaí é sin a dhéanamh); 
  2. Deireadh a chur leis an gcaint faoi stát feidearálach a bhunú agus srian a chur le cumhachtaí an Aontais ionas nach mbeadh faoina chúram feasta ach an Margadh Aonair, agus é sin amháin
  3. Dlús a chur faoi dhlúthpháirtíocht iomlán san Aontas, ag tosú le hAontas Baincéireachta 
  4. Aontas ‘dhá luas’ a ligfeadh dóibh siúd a dteastaíonn tuilleadh dlúthpháirtíochta uathu dul ar aghaidh leis sin, agus an chuid eile a bheith taobh amuigh
  5. Gearradh siar ar líon na gcomhfhiontar ag an Aontas, ceisteanna conspóideacha ar nós na hinimirce a chur ar leataobh, agus díriú ar bhealach níos éifeachtaí ar na rudaí is tábhachtaí, ar nós an Aontais Bhaincéireachta

Cén tAontas atá uainne? Dúirt Juncker ag an am go mbeadh sé tábhachtach an díospóireacht seo a bheith ann in am do na toghcháin Eorpacha an bhliain seo chugainn ionas go mbeadh a fhios ag vótóirí céard faoi a mbeadh siad ag vótáil.

Mar a tharlaíonn, tá an díospóireacht seo ceangailte le ceist an Bhreatimeachta. Ní chun leas na hÉireann é deacrachtaí a chothú i dtaobh trádáil le Sasana, agus is cinnte nach é ár leas é ó thaobh na teorann de.  Ní chun leas na hÉireann é forbairt eacnamaíochta, cruthú jabanna, roinnt maoine is eile a fhágáil faoi earnáil phríobháideach na sainte – mar atá leagtha síos i gconarthaí mar chonradh Maastricht is eile.

Agus feictear domsa ar a laghad gur fearrde muid rogha a dó thuas ag Juncker ná aon cheann de na roghanna eile.

Is é sin go mbeadh comhoibriú eacnamaíochta is trádála ann ach gan aon bhaint aige le cúrsaí arm nó míleata, le rialacha nach bhfuil faoi smacht an stáit, agus go mbeadh muid in ann seilbh a ghlacadh arís ar thionscal na hiascaireachta agus ar riaradh ár gcórais airgeadais.

Cén tuairim atá ag dílseoirí an Aontais faoi na roghanna seo, nó an amhlaidh gur leor acu a bheith ag fógairt go raibh an tAontas go maith dúinn agus go gcaithfidh muid seasamh leis dá bharr, fiú má tá níos mó airgid á chur isteach san Aontas anois againn ná mar a fhaigheann muid as.

Dhera, ná bac sin go léir! Tá sé i bhfad níos éasca leanúint orainn ag rá gur amadáin iad na Sasanaigh – bíodh gur muid féin atá ag dul le haill.

Fág freagra ar 'Is amadáin iad na Sasanaigh dar le dílseoirí an AE ach seachain nach fúinn féin atáimid ag magadh'

  • Màire Ùna Ní Bheaglaoich

    Molaim go mór alt Eoin Uì Mhurchù agus ” rogha a 2″…tà sè in am go maith againn na ceisteanna so a phlè go neamhspleàch,agus dubhshlàn na hImpireachta a thabhairt.Nàr bhótàlamar cheana i gcoinnibh chonradh Nice agus Lisbon agus deineadh amàdàin dùinn.Polasaì eachtrach neamhspleàch.