Is aisteach an ní an cheannaireacht, fiafraigh d’Arlene Foster é

Agus ceist na reachtaíochta Gaeilge ina cnámh spairne arís idir an DUP agus Sinn Féin, tá ceist na ceannaireachta á plé ag muintir an Tuaiscirt

Is aisteach an ní an cheannaireacht, fiafraigh d’Arlene Foster é

Nach aisteach an ní í an cheannaireacht?

Sea, níorbh fhéidir na comhráite faoi cad is ceannaireacht ann a sheachaint i dTuaisceart Éireann an tseachtain seo. Óráid deiridh Arlene Foster mar Chéad-Aire maille leis an ngéarchéim úr in Stormont i ndiaidh a himeachta a mhúscail an chaint. Tá seachtain ag na páirtithe sula gcaithfear Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a cheapadh ach tugadh foláireamh don dá rialtas Dé Luain faoin tsáinn nua.

Tá ceist na reachtaíochta Gaeilge ina cnámh spairne arís idir an DUP agus Sinn Féin.

Moladh Arlene Foster go hard as a seirbhís phoiblí agus as an dínit a léirigh sí i bhfianaise na ceannairce brúidiúla ina haghaidh. Tharraing an oscailteacht don chomhoibriú agus don uileghabhálacht, an chomhbhá, an acmhainn grinn agus an dúil san athmhuintearas a léirigh Arlene Foster is í ag fágáil slán leis an gCéad-Aireacht go leor tráchtaireachta a thosaigh le ‘sé an trua é …’.

Ba é an trua é nár léirigh sí na cáilíochtaí sin ar fad le linn a tréimhse mar Chéad-Aire, a dúirt roinnt. Ba é an feall é, dar le daoine eile nach raibh deis aici an cumas ceannaireachta sin a nochtadh mar go raibh laincis uirthi ag patrarc coimeádach an DUP.

Agus í saortha le sé seachtaine anuas ó na srianta a bhí uirthi mar cheannaire an pháirtí chonaic daoine bean ghnaíúil, spraíúil le pearsantacht tharraingteach a bheadh in ann comhoibriú le daoine eile. Níor facthas rian ar bith den cheannaire a bhí dalba, dímheasúil. Is iomaí duine a chaoin ar an Luan an Chéad-Aire a d’fhéadfadh a bheith ann – ach nach raibh.

Ar phointe an haon a chlog Dé Luain nuair a tháinig deireadh le ré Arlene Foster mar Chéad-Aire cuireadh clabhsúr freisin ar leaschéad-aireacht Michelle O’Neill. Faoi rialacha Stormont, tá seachtain ag an DUP agus Sinn Féin chun a theacht ar aontú go ndearbhóidh siad Paul Givan DUP ina Chéad-Aire agus Michelle O’Neill mar Leas-Chéad Aire.

Dé hAoine seo caite bhí portaireacht an dá pháirtí faoin bplean sin dearfach go leor. Am éigin idir sin agus an Luan d’éirigh eatarthu agus Sinn Féin ag cur cleasaíochta i leith an DUP. Dúirt Conor Murphy Shinn Féin gur mór idir ráitis phoiblí an DUP go gcuirfidís gach gné de Ré Nua, Cur Chuige Nua i bhfeidhm agus a leagan amach príobháideach nach bhféadfaí reachtaíocht na Gaeilge a rith i saolré an Tionóil seo.

Airíonn ceannairí nua an DUP nach mbeadh aon ghlacadh ag an bpobal aontachtach agus dílseach le hacht Gaeilge. Ar ndóigh ní acht Gaeilge, ach reachtaíocht chultúir ina bhfuil forálacha faoin nGaeilge atá i gceist.

Agus iad ag iarraidh cur leis an bhfreasúra in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta, tá drogall ar an DUP beart conspóideach a chur i gcrích. Is cosúil nach bhfuil sé de mhisneach ag ceannairí an DUP an ‘pacáiste cultúir’ a rith agus a chur ar a súile dá lucht leanúna go bhfuil níos mó i gceist ná an Ghaeilge.

Leag Arlene Foster amach ina hóráid an bealach a bhféadfadh Edwin Poots, Paul Givan agus a gcomhghleacaithe an beart a dhíol. Cneá gan leigheas ab ea an t-aighneas faoi cheisteanna cultúir dar léi agus ba é an plean i Ré Nua, Cur Chuige Nua an leigheas ab fhearr. Mhol sí don DUP é a chur i bhfeidhm – seasamh lena bhfocal agus an méid a gheall siad nuair a d’fhill siad ar Stormont i mí Eanáir anuraidh a chur i gcrích. Ina ionad sin tá scéal chailleach an uafáis déanta acu as agus tá cos curtha i dtaca ag Sinn Féin.

Níl ann ach cur i gcéill a bheith ag maíomh go mbeadh córas sláinte thíos leis dá rithfí an reachtaíocht chultúir. Níl cúis ar bith – ach doicheall roimh an mbeart teanga – nach ndéanfaí an dá rud, agus go leor beartas eile chomh maith. Ní dea-theist ar cheannaireacht úr an DUP é a bheith ag iarraidh éalú ó ghealltanais.

Más cleasaíocht atá ar siúl féachaint lena thaispeáint dá lucht leanúna go dtabharfaidh siad dúshlán Shinn Féin, an bhfuil siad sásta a dhul sa seans ar thoghchán? Chuir Jim Allister, ceannaire an TUV, ina leith gur ruaig siad Arlene Foster gan aon phlean straitéiseach a bheith acu don obair a bheadh le déanamh ina dhiaidh sin.

Dúirt Edwin Poots gur ar Shinn Féin a bheadh an locht dá dtitfeadh Stormont, é ag dul i muinín chluiche an mhilleáin ag tús na seachtaine atá in ainm is a bheith tugtha don mhargáil. Céard ata beartaithe aige don chéad chéim eile?

Maidir le Sinn Féin seans gur beag dochar a dhéanfadh titim Stormont dóibh i measc a lucht tacaíochta féin. Ba é an cur chuige atá acu sin an fhreagracht a aistriú chuig an dá rialtas, mar urraithe, go deimhin mar ailtirí, Ré Nua, Cur Chuige Nua. Deir Sinn Féin gurb é an t-aon fhuascailt ar an bhfadhb go rithfeadh rialtas na Breataine reachtaíocht Ghaeilge, rud a thairg siad tamall ó shin, a dúirt Mary Lou McDonald.

Sin é a tharla leis na gealltanais eile nach raibh aon ghlacadh ag an DUP leo, an pósadh comhghnéis agus an ginmhilleadh.

Deir an DUP gur buille mór do Stormont a bheadh ann dá rithfí an reachtaíocht in Westminster.

Tá seantaithí againn ar an ghuagacht in Stormont agus go hiondúil cuirtear ceirín ar an gcneá. Is fánach an chaoi a dtarlódh briseadh iomlán, áfach, go háirithe nuair atá doiléire agus éidreoir fhollasach ann agus ceisteanna móra faoi chumas ceannairí nua.

Fág freagra ar 'Is aisteach an ní an cheannaireacht, fiafraigh d’Arlene Foster é'

  • An Teanga Bheo

    Is iondúil go bíonn gearchéim ag an mBreatain i gach áit go rímhinic is nós san impireacht é.