Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’

I ndiaidh eachtraí an lae inniu i gCeanada tá an phríomhchathair ina cíor thuathail go fóill. Tuairisc ó Ottawa.

1023 Shooting 287.JPG

Tá tuairisceoirí de chuid Bhardas Chraolachán Cheanada (CBC, Canadian Broadcasting Corporation) ag maíomh anocht go “n-athraíonn sé seo beagnach achan rud”.

Ag 9:52 r.n. inniu léim fear óg amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte.

Fuair an garda bás san ospidéal go luath ina dhiaidh.  Rith an fear gunna ansin go gluaisteán eile, agus thiomáin sé leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte.  Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála  a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh garda agus duine eile sular mharaigh an Sáirsint Eagair, Kevin Bickers, é.  Scaoileadh tuairim is 30 urchar.

Tháinig tuarascálacha isteach go raibh eachtraí eile sa cheantar céanna – san Ionad Rideau (ionad siopadóireachta), Chateaux Laurier (óstán) agus ar chúl Tithe na Parlaiminte, ach is cosúil nár tharla ach an eachtra ag an Séadchomhartha, agus an ceann taobh istigh de Thithe na Parlaiminte.

Tá staid éigeandála i bhfeidhm i lár na cathrach go fóill  (3:30 i.n. anseo), agus achan rud “faoi ghlas” (‘locked-down’, mar a deir na fórsaí slándála).

Ní ceadmhach do dhaoine sa cheantar foirgnimh an cheantair  a fhágáil.  Tá tródam (cordon) i bhfeidhm, agus níl cead ag tuismitheoirí a gcuid páistí a bhí ar thuras scoile sa pharlaimint inniu a thbhairt abhaile leo.

Tá dianslándáil i bhfeidhm i mbreis is 10 scoil in Ottawa.

Níl sé deimhnithe ná séanta ag na póilíní go fóill go raibh níos mó ná gunnadóir amháin ann, cé go ndúirt na tuairiscí is túisce a tháinig ón láthair gurb amhlaidh a bhí.

Deir finnéithe súl go raibh scaif, bán agus dearg, le scríbhneoireacht Arabach air, á chaitheamh ag an ngunnadóir ag an Séadchomhartha.  Bhí gruaig fhada agus féasóg air, agus craiceann bán nó donn.

Tá tuairisceoirí in Ottawa ag déanamh cur síos air mar eachtra dea-phleanáilte, fearacht Mumbai sa bhliain 2008.

Agus sin an cur chuige atá á ghlacadh ag na fórsaí slándála, cé nach bhfuil an focal “sceimhlitheoireacht” á úsáid go hoifigiúil.  Is áit thar a bheith poiblí, an Séadchomhartha Cogaidh, agus tá saighdiúirí ar dualgas mar gharda onórach ann go leanúnach.

Bhí níos mó polaiteoirí ag Tithe na Parlaiminte seachas mar a bheadh de ghnáth, inniu.  Bhí cruinniú de chuid na comh-aireachta ar siúl – bhí an Príomh-Aire ag freastal air – agus bhí cruinnithe na Cacas ar siúl ag na páirtithe eile.

Bhris an gunnadóir isteach sa halla, díreach le linn sosa idir na cruinnithe.  Bhí rún le bheith os comhar na dála inniu maidir le rialacha frith-sceimhlitheoireachta a láidriú. Vótáil Parlaimint Cheanada níos luaithe an mhí seo (7 Deireadh Fómhair) i bhfabhar dul chun cogaidh in aghaidh ISIS – 157-134 an toradh a bhí ann. Tá Parlaimint Cheanada faoi smacht an Pháirtí  Choimeádaigh faoi láthair.

Tá sé beartaithe go labhróidh an Príomh-Aire, Stephen Harper agus Barack Obama le chéile go luath agus tá an FBI ag cuidiú leis an iniúchadh.

Tá sé tábhachtach a chur san áireamh gurbh é seo an dara heachtra sceimhlitheoireachta an tseachtain seo.  Dé Luain, thiomáin fear óg (Martin “Ahmad” Rouleau) gluaisteán a bhuail beirt shaighdiúirí a bhí ag siúl ar an gcosán i gcathair St Jean-sur-Richelieu. Maraíodh duine acu (Patrice Vincent).  Lean na gardaí Rouleau agus mharaigh siad é.  Bhí amhras ar na fórsaí slándála cheana gur Ioslamach radacach a bhí ann.

Deir seirbhísí slándála Cheanada (CSIS, Canadian Security Intelligence Service) go bhfuil 90 duine ar liosta acu a mheastar baint a bheith acu le hIoslamachas radacach, agus tá daoine ag cur ceisteanna cheana an ndéanfar iarracht níos mó súil a choinneáil orthu as seo amach.

Is féidir a bheith ag súil go mbeidh cuinsí slándála níos déine i bhfeidhm  as seo amach.  B’amhlaidh an scéal sna Stáit i ndiaidh 9/11, ar ndóigh.

De ghnáth, bíonn drogall ar Ceanadaigh maolú ar a gcuid saoirse a ghéilleadh ar chúinsí slándála.

Fág freagra ar 'Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’'

  • Ciarán Ó B

    Is aoibhinn liom tuairisc ó chomhfhreagraí ar an láthair a fheiceáil agus é faighte ar an bpointe boise chomh maith! Ach le bhur dtoil, níl aon ghá le haistriúcháin Bhéarla bheith ann idir lúibíní. Tá a dhóthain foclóirí ar fáil ar líne na laethanta seo!