Ionad gteic nua oscailte ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara

Suas le 13 deasc agus ceangal leathanbhanda ardluais atá le cur ar fáil san ionad nua i dTír an Fhia

Ionad gteic nua oscailte ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara

D’oscail Údarás na Gaeltachta go hoifigiúil i nGaeltacht Chonamara inné an t-ionad gteic is déanaí acu.

Tá an eagraíocht ag súil go gcruthóidh an spás oifige nua, atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Thír an Fhia, deiseanna do dhaoine ón áit atá ag iarraidh filleadh agus oibriú óna gceantar dúchais agus freisin do ghnóthaí nua atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht.

Cuirfidh gteic@Ceantar na nOileán suas le 13 spás deisce ar fáil i dtrí sheomra éagsúla, deasca sealaíochta/spásanna comhroinnte le ceangal leathanbhanda ardluais agus botháin teileafóin. 

An eagraíocht Muintearas, atá lonnaithe sa bhfoirgneamh céanna, a bheidh i mbun bainistíochta a dhéanamh ar an ionad nua agus deir Údarás na Gaeltachta go mbeidh béim faoi leith ar chúrsaí oiliúna san ionad dá réir.

“Is ionad breá atá sa mhol digiteach seo agus áis iontach a bheidh ann don cheantar mórthimpeall,” a deir Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair.

“Mar aon le Muintearas Teo., a bheidh i mbun a reáchtála, beidh an-tionchar ag an mol digiteach seo ar shaol na ndaoine sa phobal seo. Tabharfaidh sé deis do dhaoine filleadh abhaile agus tacú lena bpobal agus lena dteanga. Cuirfidh an t-ionad deiseanna ar fáil do ghnóthaí agus d’fhiontraithe na háite agus cuirfear ugach faoi dhaoine gnó a bhunú sa cheantar ársa Gaeltachta seo.  

“Is léir le hos cionn bliana anuas an tairbhe atá leis na hionaid seo do chianoibrithe agus don phobal i gcoitinne agus an chabhair agus tacaíocht a cuireadh ar fáil do sheirbhísí riachtanacha, gnóthaí nua agus muintir na háite.”  

Tá gteic@Ceantar na nOileán curtha i gcrích mar chuid de líonra 31 mol nuálaíochta agus digiteach, le ceangal ardluais leathanbhanda, atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta i gceantair ar fud na Gaeltachta. 

Is é an gteic nua seo an cúigiú ceann atá oscailte i nGaeltacht na Gaillimhe le roinnt blianta anuas agus ionaid oscailte cheana féin ar an gCeathrú Rua, an Spidéal, sna Forbacha agus i gCarna.

Fág freagra ar 'Ionad gteic nua oscailte ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Chonamara'