Ina thús atá cluiche casta matamaitice thoghchán na Stát Aontaithe

Tá gach seans gur seachtain comhairimh, nó míchomhairimh, thar oíche a bheidh ann i ndiaidh thoghchán na Máirt seo chugainn

Ina thús atá cluiche casta matamaitice thoghchán na Stát Aontaithe

Cén uair a bheidh a fhios againn cé atá tofa mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe? Thóg sé tríocha a sé lá an babhta deiridh an toradh críochnúil a fháil cé go raibh Donald Trump fógartha ina uachtarán oíche an toghcháin féin. Bhí trí mhilliún vóta d’fharasbarr ag Hillary Clinton sa toghchán céanna ach níor éirigh léi an 270 vóta draíochta a bhaint amach.

270 an líon toscairí sa gcoláiste toghchánaíochta a theastaíonn chun go dtoghfaí iarrthóir ina uachtarán. 538 toscaire ar fad atá sa gcoláiste toghchánaíochta. Tá líon na dtoscairí a bhíonn ag chuile Stát (agus ag Washington DC) bunaithe den chuid is mó ar chúrsaí daonra agus ar ionadaíocht an stáit sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe. Dá réir sin is cluiche casta matamaitice feachtas toghcháin sna Stáit Aontaithe. Níl ach méid áirithe de na toscairí a athraíonn a nguth ar bhonn rialta. Mar shampla tá 55 toscaire ag California – stát Daonlathach a fhanfaidh ina stát Daonlathach. Sin 55 vóta ag Joe Biden ón tús. Tá naoi gcinn fhichead ag Nua-Eabhrac agus tiocfaidh siad sin chuig Biden freisin chomh maith le go leor eile de na stáit ar an dá chósta. An áit a mbíonn deacracht ag na Daonlathaigh ná go bhfuil tír mhór leathan idir an dá chósta sna Stáit Aontaithe a thabharfaidh a dtacaíocht do na Poblachtánaigh agus toscairí sa gcoláiste toghchánaíochta do Donald Trump dá réir.

Le bheith fírinneach ní toghchán amháin a bheidh i Meiriceá Dé Máirt ach 51 toghchán sna stáit éagsúla ar fad agus in Washington DC. Mar sin féin, ní bheidh ach roinnt bheag stát a bheidh cinniúnach, rud is léir ó fheachtais na beirte. Níl Trump ná Biden ag tabhairt aon chuairt ar Alabama, Kansas ná Massachusetts. Tá cosán dearg déanta acu go Wisconsin, Michigan, Pennsylvania agus Florida. Iontu sin, tá cúrsaí in Pennsylvania ag athrú ar bhonn laethúil. Tá an bhearna idir an bheirt ag cúngú. Tacófar cuid mhaith le Biden sna cathracha ach tá lear mór daoine atá caomhach geal agus Trumpach ann freisin. Agus sin iad na vótaí atá ag teastáil.

Tá ceist mhór eile faoi chomhaireamh na vótaí. Tá na milliúin vóta caite cheana féin agus glactar leis gur mó Daonlathach ná Poblachtánaigh a chaitheann vóta luath. Dá réir sin, tá muinín ag an bpáirtí Poblachtánach go bhfuil laethanta breise acusan le dul i gcion ar a bpobal vótála.

Tá a rialacha féin ag na stáit ar fad faoi cé na vótaí a chomhairfear agus cén uair. Tá go leor acu a ghlacann leis má bhíonn dáta lá an toghcháin ar an gclúdach ina bhfuil an vóta. An tseachtain seo dúirt cúirt uachtarach Wisconsin go gcaithfidh an clúdach a bheith faighte faoi lá an toghcháin má tá sé le comhaireamh. A mhalairt de bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach i gcás North Carolina agus Pennsylvania. Ghlac said le breithiúnas na gcúirteanna áitiúla gur féidir leanacht ag comhaireamh vótaí poist go ceann trí lá, go dtí Dé hAoine seo chugainn.

Teastaíonn dhá chlúdach ar leith má tá do vóta le comhaireamh in Pennsylvania agus an péire sínithe. Fágann sin iliomad deiseanna le dúshlán na dtorthaí sna stáit chinniúnacha a thabhairt. Agus go deimhin dúirt an Chúirt Uachtarach go bhfeictear dóibh go mbeidh na ceisteanna seo ar fad le plé in athuair tar éis an toghcháin.

Tá gach seans gur seachtain comhairimh, nó míchomhairimh, thar oíche a bheidh ann i ndiaidh Dé Máirt seo chugainn. Tá comhairle curtha ag Hillary Clinton ar Joe Biden gan géilleadh fiú má bhreathnaíonn cúrsaí go dona dó. Is tábhachtaí an toradh a bheith ceart ná a bheith sciobtha, a deir na tráchtairí. Fiche bliain ó shin thóg sé mí sular thug an chúirt Uachtarach a breithiúnas faoi thoradh an toghcháin. Ní raibh i gceist ansin ach amhras faoi stát amháin. Cé mhéad stát a bheidh idir dhá cheann na meá Dé Céadaoin seo chugainn? De réir na bpobalbhreitheanna faoi láthair ba chóir go mbeadh an cúrsa éasca go maith do Joe Biden, ach is cuimhin linn go léir céard a tugadh le fios sna pobalbhreitheanna ceithre bliana ó shin.

Fág freagra ar 'Ina thús atá cluiche casta matamaitice thoghchán na Stát Aontaithe'