Is “impiriúlaithe míleata cultúir” iad an dream atá ag éileamh Acht Gaeilge don Tuaisceart ar mhaith leo go mbeadh Tuaisceart Éireann “níos Gaelaí ná Poblacht na hÉireann”, dar le Leas-Ardmháistir an Oird Oráistigh.
Dúirt Harold Henning leis an slua a bhí bailithe i gContae an Dúin inné le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na nOráisteach gur feachtas de chuid na bpoblachtach ó thuaidh é an t-éileamh ar Acht Gaeilge leis an bhféiniúlacht Bhriotanach a ghlanadh as an Tuaisceart.
“Tá Sinn Féin ag iarraidh go bhféachfaí agus go mbraithfí go bhfuil Tuaisceart Éireann níos Gaelaí ná Poblacht na hÉireann, agus súil acu go n-íocfaidh cáiníocóirí anseo as.
“Caithfidh polaiteoirí tofa, ar thug muid an cúram dóibh ár leas agus leas an Aontais a dhéanamh, cur in éadan an impiriúlachais mhíleata cultúir seo. Caithfear a thuiscint nach féidir linn tacú le rud ar bith a thabharfadh bua tábhachtach do phoblachtaigh sa chogadh cultúir. Cinntíodh muid nach mbuafar anois le Capall na Traí an chomhionannais agus na gceart an rud nár buadh leis an ngunna agus an buama,” a dúirt sé.
Cháin Henning freisin gluaiseacht na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus comharthaíocht bhóthair dhátheangach a bheith crochta in áiteanna áirithe ó thuaidh. Dúirt sé go mbeadh tionchar mór ag Acht Gaeilge ar na húdaráis áitiúla, ar na cúirteanna, ar an státseirbhís agus ar scoileanna ó thuaidh.
“Níor cheart go mbeadh teanga ina bagairt ar dhuine ar bith — mar sin féin, nuair a dhéanann an pholaitíocht phoblachtach arm cultúir de theanga, is léir gur bagairt dár bhféiniúlacht agus dár bpobal atá inti.
“Is mó na daoine a chuir na poblachtaigh in aghaidh na Gaeilge ná mar a mheall siad chuici leis na moltaí radacacha atá á gcur chun cinn acu i láthair na huaire,” a dúirt sé.
Tá ceist an Achta Gaeilge ina bac mór ar na cainteanna atá ar bun le feidhmeannas Stormont a athbhunú, agus bhí an Ghaeilge lárnach i gcinneadh Martin McGuinness éirí as a ról mar LeasChéad-Aire ó thuaidh ag tús na bliana seo, gníomh a spreag toghchán an Mhárta.