Imní léirithe ag Roinn na Gaeltachta faoin ‘baol’ a bhaineann le cur chuige pleanála nua Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gConamara

Tá Roinn na Gaeltachta i measc na ndreamanna a chuir aighneacht faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi athrú conspóideach sa chóras pleanála tithíochta i gConamara a deirtear a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don teanga

Imní léirithe ag Roinn na Gaeltachta faoin ‘baol’ a bhaineann le cur chuige pleanála nua Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gConamara

Tá aighneacht seolta ar aghaidh ag Roinn na Gaeltachta go dtí Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur i gcoinne an athraithe atá beartaithe ag an gComhairle a dhéanamh ar a bpolasaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, athrú a deirtear a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don teanga.

Ba é Dé Luain an spriocdháta d’aighneachtaí faoin athrú conspóideach atá beartaithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne do Tuairisc.ie go raibh aighneacht seolta acu.

Dúirt an t-urlabhraí gur ‘cuireadh ar a súile’ don Chomhairle san aighneacht sin “an baol a d’fhéadfadh a bheith ann, nach mbeadh cúram cuí á dhéanamh den Ghaeilge sa chur chuige atá beartaithe,  mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta lasmuigh de na sráidbhailte atá luaite go sonrach”.

I bPlean Ceantair Áitiúil Gaeltachta na Comhairle, deirtear gur gá coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon fhorbairt sa Ghaeltacht ina mbíonn dhá theach nó níos mó, ach faoin athrú atá beartaithe ar pholasaí pleanála na Gaeltachta, ní léir go mbeadh aon ghá le haon choinníoll teanga dá leithéid taobh amuigh de shráidbhailte na Ceathrún Rua, an Spidéil agus Bhaile Chláir.

Thug urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltacha le fios do Tuairisc.ie nár chuir an eagraíocht sin aon aighneacht faoi bhráid na Comhairle mar gur phléigh feidhmeannaigh an Údaráis an cás leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus gur ghlac siad leis go gcuirfeadh an Roinn aighneacht isteach a dhíreodh ar “chúrsaí Gaeilge agus réimse na pleanála teanga”.

Dúirt urlabhraí an Údaráis chomh maith go bhfuil an eagraíocht “ainmnithe sa reachtaíocht pleanála” agus go bhfuil “de dhualgas” ar údaráis phleanála “a dhul i gcomhairle leis an Údarás” faoi iarratais phleanála i gceantair Ghaeltachta.


Teachtaireacht láidir ón nGaeltacht do Chomhairle Chontae na Gaillimhe – ná téir ar aghaidh le hathrú ar pholasaí pleanála


I measc na ndaoine eile a bhfuil aighneacht curtha faoi bhráid na Comhairle acu i dtaobh an athraithe tá iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív atá ag éileamh go gcuirfí siar aon chinneadh faoin gcur chuige nua i gcúrsaí pleanála toisc go bhféadfadh impleachtaí “tromchúiseacha” a bheith ag an athrú sin d’inmharthanacht na Gaeltachta.

Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Fóram Um Pleanáil Teanga Chois Fharraige aighneachtaí faoi bhráid na Comhairle chomh maith agus iad ag iarraidh nach rachfaí ar aghaidh leis an athrú polasaí.

Deirtear in aighneacht Chumann Forbartha Chois Fharraige nach leor an chosaint a thugtar don Ghaeilge sa pholasaí nua “fiú amháin sa Spidéal, an t-aon áit i gCois Fharraige ina mbeidh Clásal Feidhme Teanga á chur i bhfeidhm”.

Déanann Éamon Ó Cuív cáineadh ina aighneacht siúd chomh maith ar an bpróiseas a bhain leis an bplean nua ‘Athrú Uimh. 2(b-Gaeltacht)  Plean Forbartha Chontae na Gaillimhe, 2015 – 2021’.

Deir sé gur chóir cruinnithe poiblí a eagrú i ngach ceann de na sé cheantar shainiúla atá luaite sa bplean leis an bpobal a chur ar an eolas faoi agus chun aiseolas a fháil uathu. Ba chóir, a deir an Teachta Dála, cuireadh a thabhairt chuig na cruinnithe sin d’Údarás na Gaeltachta agus don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith le hionadaithe tofa Gaeltachta.