‘Imní’ faoi uaireanta teagaisc na Gaeilge ‘á plé’ ag Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Oideachais

Tá sé i gceist laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar an líon ama a chaitear ar theagasc na Gaeilge i mbunscoileanna an stáit

‘Imní’ faoi uaireanta teagaisc na Gaeilge ‘á plé’ ag Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Oideachais

Tá “teagmháil” déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta leis an Aire Oideachais faoina plean laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge sa bhunscoil.

Ag labhairt dó sa Seanad inné, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh an plean atá beartaithe ag an Roinn Oideachais uaireanta teagasc na Gaeilge a laghdú “ag cur isteach go mór” ar dhaoine.

Tá creatchuraclam nua bunscoile le fógairt ag an Aire Oideachais go luath agus moladh le bheith ann go múinfí teanga eile, chomh maith leis an Ghaeilge agus an Béarla, do dhaltaí Rang 3-6 agus go gcaithfí níos mó ama ag múineadh eolaíochta, teicneolaíochta agus innealtóireachta.

Má leantar leis an phlean, laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar theagasc na Gaeilge a bheadh i gceist i bhformhór mór na mbunscoileanna sa tír agus go raibh an cheist á plé aige leis an Aire Oideachais Norma Foley.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh teagmháil á ndéanamh ag daoine lena roinn chun a n-imní a faoin ábhar a chur in iúl.

“D’iarr mé ar oifigigh ó mo roinn féin dul i dteagmháil leis an Roinn Oideachais chun an t-ábhar sin a phlé mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil an rud [plean] sin ag cur isteach go mór ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí freisin agus tá cuid de na ceisteanna sin atá ag tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí ag teacht isteach i mo roinn féin,” a dúirt an tAire Stáit.


An Seanadóir de chuid Fhine Gael Seán Kyne a d’ardaigh an scéal sa Seanad inné agus rinne sé cáineadh géar ar an phlean nua atá ag an Roinn Oideachais don churaclam bunscoile.

“Is é fírinne an scéil nach bhfuil an curaclam bunscoile nua atá beartaithe ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní féidir le Rialtas polasaí nua a thabhairt isteach a thagann salach ar pholasaí eile atá ann cheana féin.”

“Ní aontaím gurb é seo an cinneadh ceart agus ní thacaíonn sé leis an nGaeilge ar chor ar bith i mo thuairim agus tá sé ag dul in aghaidh an Straitéis 20 bliain don teanga,” a dúirt sé.

Dúirt an Seanadóir Kyne, Teachta Dála de chuid Fhine Gael agus iar-aire stáit Gaeltachta, nach ndearna sé “aon chiall” go mbeadh “cinneadh mór” á dhéanamh ag an Roinn Oideachais faoin churaclam bunscoile a fhad atá polasaí nua á fhorbairt acu don oideachas Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

“Cén fáth a bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh cinneadh mór laghdú a dhéanamh ar an nGaeilge sna bunscoileanna nuair atá an polasaí seo á fhorbairt agus an próiseas comhairliúcháin ag dul ar aghaidh faoi láthair?” a dúirt sé.

Sa fhreagra ón Aire Oideachais Norma Foley a léigh an tAire Stáit Patrick O’Donovan amach sa Seanad, dúradh go raibh na hathruithe atá beartaithe bunaithe ar “rathúlacht agus láidreachtaí” an churaclaim reatha a threisiú.

I ndiaidh dó freagra an Aire Oideachais a léamh amach, dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh “údar soiléir imní” sa mhéid a dúirt an Seanadóir Kyne.

Dúirt an tAire Stáit  go raibh gach duine “ag déanamh ár ndíchill chun an Ghaeilge a chur chun cinn” ach go gcaithfí breathnú “go fuarchúiseach agus go hionraic” ar an tslí a bhíonn an Ghaeilge á teagasc ar scoil, seachas an méid ama a chaitear leis an ábhar.

“Cén fáth i ndiaidh ceithre bliana déag d’fhoghlaim na Gaeilge go mbíonn deacrachtaí ag an chuid is mó againn, agus tá na deacrachtaí sin agamsa, [agus mise] i m’Aire Stáit na Gaeltachta?

“Is minic go gcailleann daoine a thagann fríd an chóras oideachais a gcuid ‘muiníne’ i dtaobh na Gaeilge,” a dúirt sé, ach thiocfadh leis na daoine céanna, i ndiaidh cúig bliana ag foghlaim na Fraincise, “dul chun na Fraince agus comhrá a bheith acu sa Fhraincis”.

“Tá deacracht againn. Ní féidir linn dul i ngleic leis agus na huaireanta teagaisc a chaithfear ag foghlaim na Gaeilge a laghdú go díreach. Caithfidh muid breathnú ar an tslí a dhéantar an Ghaeilge a theagasc, i mbunscoileanna go háirithe,” a dúirt sé.

Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an gcuraclam, tá sampla tugtha de chlár ama do dhaltaí Ranganna 3-6 i scoil lán-Bhéarla.

D’fhéadfaí, a deirtear, trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh an Bhéarla (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Tá uair an chloig agus 45 nóiméad curtha ar leataobh do “am solúbtha”.

I measc na n-athruithe eile atá molta ar an gcuraclam, tuigtear go bhfuil leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh reiligiúin agus go gcuirfear béim níos mó ar chúrsaí folláine.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo le déanaí, deirtear i dtaighde nua a rinne an NCCA gur fearr a thaitníonn an Ghaeilge le daltaí bunscoile a mbíonn níos mó teagmhála acu leis an nGaeilge.

Léiríodh sa suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde faoin churaclam nua bunscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar is lú a thaitníonn le páistí i mbunscoileanna Béarla an stáit ach nach ndúirt oiread agus páiste amháin i scoil lán-Ghaeilge nár thaitin an teanga leo.

Fág freagra ar '‘Imní’ faoi uaireanta teagaisc na Gaeilge ‘á plé’ ag Roinn na Gaeltachta leis an Roinn Oideachais'

  • Gabriel Rosenstock

    Tréas.

  • jpmorley0@gmail.com

    Má tá lé ag an oide leis an teanga tuigfidh na daltaí é sin láithreach agus cothófar grá don teanga sa rang. Ach más fuath atá ag an oide don teanga (ná habair nach bhfuil siad ann) agus í á mhúineadh le seanabhlas agus le drochmheas tógfaidh na daltaí an galar céanna. Agus is mór an feall é sin ar leanaí óga na tíre seo.