Bhí imní ar lucht Oifig na hAimsire sa Bhreatain go mbeadh an t-ainm Gaeilge ‘Fiadh’ róchosúil leis an bhfocal Béarla ‘fear’ le húsáid mar ainm oifigiúil ar stoirm an geimhreadh seo.
Roghnaíonn Met Éireann, The Met Office agus KNMI na hÍsiltíre ainmneacha do stoirmeacha an gheimhridh i gcomhar le chéile agus léirítear i gcáipéisí a fuair The Irish Times ó Met Éireann go raibh siar is aniar ann idir na hoifigí faoi na hainmneacha a bheadh ann i mbliana.
Bhí imní ar réamhaisnéiseoirí na Breataine go raibh an t-ainm ‘Fiadh’ (a mílitríodh mar ‘Fíadh’ sa chomhfhreagras) róchosúil leis an bhfocal Béarla ‘fear’ (eagla).
Sheol Met Éireann comhad fuaime chuig a gcomhghleacaithe sa Bhreatain leis an bhfuaimniú “ceart” a léiriú dóibh. Mar sin féin, mar gheall gur ‘r neamhrótach’ a bhíonn ag daoine áirithe i Sasana – craoltóirí raidió agus teilifíse go leor – is beag idirdhealú a bheadh idir ‘fear’ agus ‘Fiadh’ i mblas go leor de na léitheoirí nuachta agus aimsire a bheadh ag plé le scéal na haimsire.
Dúirt Met Éireann sa chomhfhreagras gur mhaith leo go gcuirfí ‘Fiadh’ san áireamh ar liosta na bliana seo ainneoin na himní sin ach roghnaíodh an t-ainm Gaeilge ‘Fionnuala’ sa deireadh.
Bhí an réamhaisnéiseoir aitheanta Gerry Murphy ar dhuine de na daoine a léirigh amhras faoi ‘Fiadh’ a thabhairt ar stoirm agus dúirt go mb’fhéidir nach mbeadh muintir na Breataine in ann é a rá i gceart.
“Is dóigh liom go bhfuil na hainmneacha a moladh go maith. An t-aon cheann amháin a mbeadh imní orm faoi ná Fíadh. Is ainm álainn é, ach b’fhéidir go mbeadh sé ar cheann de na hainmneacha sin a déarfadh muintir na Breataine mícheart,” a dúirt sé.
Ba í seo an chéad bhliain a raibh cead ag an bpobal ainmneacha a mholadh do stoirmeacha. Is iad oifigigh Met Éireann a roghnaíodh na hainmneacha a chuireann Éire chun cinn go hiondúil ach i mbliana, mar gheall go bhfuil deich mbliana ann ó cuireadh tús le córas na stoirmeacha ainmnithe, iarradh ar an bpobal moltaí a sheoladh isteach.
Fuarthas 10,000 moladh ó 4,137 duine agus astu sin a roghnaíodh na seacht n-ainm a chuir Met Éireann ar an liosta.
Dúirt duine de na daoine a mhol ‘Fiadh’ mar ainm gur ainm Gaeilge do chailín a bhí ann a chiallaigh ‘fiáin’ nó ‘éigeansa’ agus gur mhaith a d’fheilfeadh an t-ainm sin do stoirm mar gheall ar an gceangal atá aige leis an dúlra agus an fiántas.
Is iad ‘Fionnuala’, ‘Oscar’, agus ‘Tadhg’ na trí ainm Gaeilge atá ar liosta na bliana seo. ‘Bram’, ‘Gerard’, ‘Kasia’, ‘Marty’, agus ‘Patrick’ na ceithre ainm eile a chuir Met Éireann chun cinn. Cé gur ainm Gaeilge é ‘Oscar’ ba é Met Office na Breataine a roghnaigh an ceann sin. Is iad na hainmneacha eile atá roghnaithe Amy, Chandra, Dave, Eddie, Hannah, Isla, Janna, Lilith, Nico, Ruby, Stevie, Violet, agus Wubbo.
Beidh na hainmneacha sin in úsáid do na stoirmeacha a thiocfaidh i dtír in Éirinn, sa Bhreatain, agus san Ísiltír i gcaitheamh na bliana amach romhainn go dtí an 31 Lúnasa 2026. Tiocfaidh Amy i dtír an deireadh seachtaine seo agus foláirimh bhuí agus oráiste tugtha ag Met Éireann do chontaetha ar an gcósta thiar.
Fág freagra ar 'Imní ar lucht Met Office na Breataine go mbeadh ‘Storm Fiadh’ róchosúil le ‘Storm Fear’'