Imní an Ard-Aighne faoi fhoclaíocht Ghaeilge i reifreann ina léiriú ar ‘imeallú’ na teanga sa chóras

San achoimre a chuir sé ar fáil don Rialtas faoina chomhairle dlí faoi na reifrinn, thagair an tArd-Aighne go sonrach don leagan Gaeilge den leasú a bhí molta sa reifreann cúraim

Imní an Ard-Aighne faoi fhoclaíocht Ghaeilge i reifreann ina léiriú ar ‘imeallú’ na teanga sa chóras

Chuir an tArd-Aighne in iúl don Rialtas go raibh amhras air faoin bhfoclaíocht Ghaeilge sa leasú ar diúltaíodh dó sa reifreann cúraim, agus imní air faoin leagan Gaeilge den téarma ‘strive’.

Dúirt an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh le Tuairisc gur léiriú an t-amhras a bhí ar an Ard-Aighne ar an mbaol a bhaineann leis an “imeallú” atá déanta ar an nGaeilge sa phróiseas reachtach.

“Léiríonn an cás seo na deacrachtaí a bhaineann leis an nGaelainn a bheith mar saghas ‘iaróg’ sa phróiseas reachtach,” arsa Dáithí Mac Cárthaigh.

“Dá mbeadh daoine ag obair ón gcéad lá, i nGaeilge agus i mBéarla, istigh in oifig na mbillí, agus an reachtaíocht á ceapadh agus á dréachtú, seachas an rud a fhágaint go deireadh an phróisis agus aistriúchán á lorg ar théacs Béarla, ní thiocfadh fadhbanna mar seo chun tosaigh.”

An aidhm a bhí leis an leasú faoi chúrsaí cúraim, ar diúltaíodh dó sa reifreann an tseachtain seo caite, ná go mbainfí den Bhunreacht na tagairtí do shaol agus do dhualgais na mban ó thaobh cúraim baile agus go dtabharfaí aitheantas ina n-áit don chúram sa teaghlach.

Dúirt an tArd-Aighne gur “éiginnteacht” ó thaobh an dlí an toradh a bheadh ar úsáid an fhocail “strive” sa reifreann cúraim.

D’fhéadfadh “impleachtaí suntasacha airgeadais” a bheith ansin don Stát, a dúirt Rossa Fanning sa chomhairle a chuir sé ar fáil don Aire Leanaí agus Comhionannais  Roderic O’Gorman, an Taoiseach agus an Tánaiste ar an 8 Nollaig seo caite.

Thagair an tArd-Aighne go sonrach chomh maith don leagan Gaeilge den leasú a bhí molta.

“Maidir leis an leagan Gaeilge den fhoráil, tá an téarma ‘strive’ ar fáil áit amháin eile sa Bhunreacht. In Alt 45.1, tá “The State shall strive” tugtha i nGaeilge mar “Déanfaidh an Stát a dhícheall”. Is ceart aird a tharraingt ar an éagsúlacht in 42B, mar a bhfuil “dréim” tugtha i nGaeilge ar an téarma “strive”; má ritear an Reifreann beidh dhá théarma Gaeilge éagsúla in úsáid sa Bhunreacht ar an bhfocal céanna i mBéarla.

“Tá sé tábhachtach béim a chur chomh maith ar an scéala go mbíonn tús áite, de réir Ailt 25.4.6 den Bhunreacht ag téacs Gaeilge an Bhunreachta ar an téacs Béarla sa chás go mbíonn coimhlint i gceist, rud a a d’fhéadfadh a lorg a fhágáil ar an mbrí a bhainfí as an leasú atá molta sa mhéid is go bhféadfaí an bhrí a bhaint as gur gealltanas níos ardaidhmeannaí atá i gceist.”

Deir Dáithí Mac Cárthaigh gur léiriú an scéal ar an imeallú atá déanta ar an nGaeilge sa chóras.

“Léiríonn sé chomh maith chomh himeallach is atá an Ghaelainn sa phróiseas reachtach i gcomparáid leis an bpróiseas san Aontas Eorpach, áit a bhfuil an Ghaeilge agus teangacha eile fite fuaite ón tús. Teastaíonn athrú meoin i dTeach Laighean.

“Dá n-éireodh leis an Reifreann, bheadh an focal “dréim” sa bhunreacht den chéad uair.  Tá an focal “dícheall” luaite sa bhunreacht faoi dhó.

In Airteagal 12.8 den bhunreacht, deirtear go ndéanfaidh an tUachtarán a “lándícheall” ar son “leasa is fónaimh mhuintir na hÉireann”. Luaitear an focal dícheall chomh maith in Airteagal 45, atá mar threoir don Oireachtas agus nach bhfuil aon cheangal dlí i gceist leis.

“Níl sé ‘inbhreithnithe’, sé sin le rá, nach féidir le cúirt breithiúnais a thabhairt faoina bhfuil nó nach bhfuil ag éirí leis an Oireachtas é a bhaint amach.”

Deir an t-abhcóide sinsearach Cormac Ó Dúlacháin nach dóigh leis go mbeadh aon mhórdheacracht leis an bhfoclaíocht sa chás go mbeadh an reifreann rite.

“Cé go bhfuil difear i ngnás úsáide idir ‘dícheall a dhéanamh’ agus a bheith ‘ag dréim le…’ is cosúil ó mhórthaighde Mhichíl Uí Chearúil, Bunreacht na hÉireann – A Study of the Irish Text, gurb ionann brí an dá théarma. Cé nach maith an rud i mBunreacht dul ar strae le téarma nua nuair nach gá…”

“Is deacair aon deacracht faoi leith a aithint dá mba rud é go raibh an Bunreacht leasaithe agus go raibh ar an Chúirt Uachtarach brí na bhfocal a scagadh.”

Rinne grúpaí a dhéanann ionadaíocht ar chúramóirí agus grúpaí eile diancháineadh ar fhriotal an reifrinn toisc gur mheas siad nach ndéanfadh sé a dhóthain ó thaobh aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do chúramóirí.

Dúirt an tArd-Aighne sa cháipéis, ar sceitheadh í leis an suíomh idirlín The Ditch, go raibh comhairle faighte ag an Rialtas roimhe sin go bhféadfaí foclaíocht eile seachas “strive” a úsáid sa leasú. Luaigh Fanning “shall endeavour” agus “shall take reasonable measures”.

Dúirt sé go raibh easpa treorach ó na cúirteanna faoi cén bhrí ba cheart a bhaint as “strive”. Dúirt sé go raibh sé ráite go sonrach faoin t-aon tagairt eile do “strive” sa Bhunreacht nach bhféadfaí é a úsáid i gcúirt dlí.

Dúirt an tArd-Aighne chomh maith go raibh sé deacair a rá go cinnte cén bhrí a bhainfí as an téarma “durable relationships” sa leasú a bhí molta ar an reifreann teaghlaigh, ar diúltaíodh chomh maith dó Dé hAoine seo caite.

 

Fág freagra ar 'Imní an Ard-Aighne faoi fhoclaíocht Ghaeilge i reifreann ina léiriú ar ‘imeallú’ na teanga sa chóras'

  • Indrek

    Alt spéisiúil! Nóta beag – cé gurb ionann iad na leaganacha teanga éagsúla reachtaíochta de chuid an AE ó thaobh na feidhme de, tá bunleagan amháin ann agus is aistriúcháin iad an chuid eile acu ó cheart. Sin ráite, déanann na dlí-theangeolaithe na leaganacha uilig a sheiceáil lena chinntiú go mbeadh siad ar aon fhocal ó thaobh na céille de. Más reachtaíocht a dhréachtú go dátheangach ó bhonn a theastaíonn, ba cheart díriú ar shampla Cheanada, cuir i gcás, áit a bhfuil an Béarla agus an Fhraincis ar comhchéim sa gcóras dlí.

  • Lillis Ó Laoire

    Cé go bhfuil an bhrí “iarracht a dhéanamh” le “ag dréim” i bhfoclóir Uí Dhónaill, is é gnáthchiall an nátháin ” ag súil,” rud nach bhfuil ar comhchiall leis an Bhéarla. Tá an chuma air go raibh an Stát ag iarraidh éalú óna “dhícheall.”

  • Antóin

    Maidir leis an bhfocal ‘strive’ agus an leagan Gaeilge a cuireadh air ‘ag dréim le’, an raibh na daoine a rinne an t-aistriúchán ar an eolas faoi Alt 45.1.? Má bhí, cén fáth nár úsáid siad an focal ‘dícheall’ agus mura raibh siad ar an eolas faoi Alt 45.1. cén fáth nach raibh. Ní bheidh a fhios againn choíche.

    Dála an scéil ‘dícheall’ atá ag Google Translate.

    Bhí an t-eolas ón Ard-Aighne faighte ag ceannairí na bpáirtithe sa rialtas agus ag an Aire Leanaí agus Comhionnanais agus ag an gCoiste Comh-Aireachta um Ghnóthaí Sóisialacha agus Seirbhisí Poiblí roimh ré. Bhí a fhios acu faoin éiginnteacht a bhain leis an bhfoclaíocht i mBéarla sa dá mholadh a cuireadh os ár gcomhair agus go mbeadh síorualach ar na cúirteanna á breithniú. Ach fós, lean siad ar aghaidh leis na reifrinn. Agus leanann an saol ar aghaidh. Níl duine ar bith acu ag tarraingt an dóil ar maidin

  • Kevin Hickey

    Dhéanfadh an struchtúr ‘féach le’ an bheart anseo – tá samplaí dhe sa reachtaíocht agus ‘sé is mó a bhíonn in úsáid ag craoltóirí breátha RnaG agus Nuacht TG4:

    ‘…féachfaidh sé [an Stát] le tacú le cúram dá leithéid’ (i.e. agus tagairt déanta cheana don ‘soláthar cúraim’ i dtús an Airteagail).