Is é a gcloch nirt acu é má éiríonn le comhlachtaí feilméarachta bradán sa tír seo coinneáil leis an lear táirgeachta atá acu anois. Tá comhlachtaí atá ag iarraidh tuilleadh spáis forbartha sáraithe ag an moill atá ar fhreagra cinnte – bíodh sé diúltach nó fabhrach – ar iarratais ar shuíomhanna nua i gcuanta amach ó chósta an Atlantaigh.
“Sa gcás is measa atá feicthe agam, tá iarratas istigh ar shuíomh forbartha le beagnach scór blianta,” a deir feidhmeannach sinsearach i dtionscal na mbradán. Tá an rannóg den Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh a dhéanann láimhsiú ar iarratais ar spás forbartha do chomhlachtaí bradán lonnaithe i gCloich na Coillte i gCorcaigh.
Ach, níl anseo ach cuid den éiginnteacht atá ina húdar imní agus gearáin sa tionscal. Tá feachtais ar bun le fada an lá in aghaidh na bhfeilmeacha bradán agus níl aon amhras orthu siúd sa tionscal ach go leanfar leis na feachtais sin.
“Tá scéala curtha thart ar fud na tíre ag duine amháin atá bainteach le heagraíocht atá in aghaidh na feilméarachta bradán ag moladh agus ag meabhrú dá leathbhádóirí gníomhú in aghaidh chuile iarratas a bhaineann le cliabháin bhradán,” a deir Catherine McManus an Príomhfheidhmeannach ar chomhlacht MOWI, an eagraíocht is láidre sa tír i dtionscal na mbradán.
Tá athnuachan ar cheadúnais atá ag comhlachtaí i réimsí éagsúla ar chósta an Atlantaigh ar an ngad is gaire don scornach i dtionscal na mbradán feilme faoi láthair. Caithfear tosú ag cur iarratas isteach ar an athnuachan sin go luath. Ceapann daoine sa tionscal go bhféadfadh sé go mbeadh an cinneadh níos sciobtha sna cásanna sin mar go bhfuil tuilleadh foirne sa Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh i gCloich na Caoilte anois. Ach fiú agus go bhfaigheadh comhlacht an ceadúnas – tá córas achomhairc ann freisin – ceaptar go bhféadfadh cosán fada a bheith rompu.
Tá sé geall le bheith cinnte, a deir foinsí sa tionscal, go rachaidh daoine atá in aghaidh na mbradán feilme ar chosán na gcásanna cúirte in Éirinn agus, b’fhéidir, san Eoraip freisin.
Chuirfeadh sin moill mhór ar chinneadh a bhaineann le hiarratas agus gan fhios an diúltach nó fabhrach a bheadh an scéal sa deireadh – agus go leor airgid caite freisin le cúrsaí dlí.
Fágann an éiginnteacht seo go mbeadh amhras mór ann faoi phlean forbartha ar bith a mbeadh an fheilméaracht bradán ina cuid di.
Ní mar sin a bhí sé ceaptha a bheith. Sa mbliain 2010, d’eisigh an Rialtas polasaí ar ar tugadh Food Harvest 2020 air. Leagadh síos sprioc do 36,000 tonna táirgeachta sa mbliain do thionscal na mbradán feilme faoin mbliain 2020 sa gcáipéis sin. Ach sé an chaoi ar laghdaigh an táirgeacht sna blianta ina dhiaidh sin agus faoin mbliain 2018 bhí laghdú de 7,000 tonna sa mbliain ar an líon bradán feilme i gcomparáid leis an táirgeacht a bhí ann in 2010 (an bhliain ar foilsíodh an cháipéis Food Harvest 2020).
Fuair chuile thionscal buillí ón Covid sna blianta ina dhiaidh sin agus níor éalaigh an fheilméaracht bradán ón lag trá.
Cé go bhfuil an tionscal tagtha ar ais go dtí an tonnáiste a bhíodh ann – nó geall leis – níl aon léargas anois ar an dóchas a bhí léirithe i dtuarascálacha Rialtais trí bliana déag ó shin.
“Tá srian orainn murar féidir ord agus eagar a chur ar na ceadúnais ar an gcéad iarraidh,” a deir Catherine McManus, Príomhfheidhmeannach MOWI. Luann sí Cuan na Beirtrí Buí i gConamara, áit a bhfuil láthair feilméarachta bradán ag an gcomhlacht sin, mar shampla den trioblóid a bhaineann le ceadúnais agus suíomhanna oibre. Meastar go mbeifí in ann a dhá oiread tonnaí bradán a tháirgeadh ansin dá mbeadh eagar éifeachtach ar na suíomhanna, fiú gan an spás a mhéadú. Ach chaithfeadh na húdaráis sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an t-atheagar sin a cheadú. De bharr a bhfuil feicthe in imeacht na mblianta, níl mórán dóchais ann go n-athrófar port sa gcás sin.
Tá eireaball stairiúil leis an gceist uilig.
Nuair a thosaigh an fheilméaracht bradán in Éirinn cúpla scór bliain ó shin, bhí an tír seo agus an Iorua bord ar bhord ag tuairim is 20,000 tonna sa mbliain. Anois, cuireann an Iorua amach 1.2 milliún tonna sa mbliain agus tá Éire taobh le 16,000 tonna. Caithfear a rá go bhfuil roinnt buntáistí nádúrtha ag an Iorua. Tá na fiordanna foscúil agus domhain agus is féidir níos mo cliabhán a chur amach i spás níos lú ná a dhéanfá sa tír seo mar go dtugann an doimhneacht sa gcaolsáile san Iorua níos mó uisce duit. Tá rialacha ann faoin lear cliabhán atá ceadaithe in aghaidh lear áirithe sáile. Ach beag beann air sin, tá an bhearna idir Éirinn agus an Iorua suntasach.
Is léir nár thug aon rialtas anseo tacaíocht dháiríre do thionscal na mbradán feilme in imeacht na mblianta. Níl amhras ach go bhfuil baint ag na feachtais in aghaidh an tionscail leis sin.
Creideann siadsan go bhfuil cás láidir acu – luaitear an timpeallacht, truailliú farraige, bradáin feilme agus bradáin nádúrtha a bhí ag pórú trína chéile agus scaití, ceisteanna sláinte freisin. Tá freagraí cuimsitheacha agus láidre tugtha ag lucht thionscal na mbradán ar na hargóintí sin.
Ach fágann an stair agus an scéal uilig go mbeidh sé deacair ag tionscal na mbradán a dhul mórán níos faide sa tír seo ná atá sé anois, mura dtarlóidh athrú ollmhór. Tá na comhlachtaí atá ann éifeachtach agus d’fhéadfadh siadsan a ngreim a choinneáil.
Ach is sop in áit na scuaibe é sin i gcomórtas leis an dóchas a léiríodh in 2010.
Fág freagra ar 'Imní agus éiginnteacht i dtionscal na feirmeoireachta bradán'