IMEACHTAÍ – Gach seachtain

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na himeachtaí seachtainiúla i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta

Cór Loch Laoi
Cór Loch Laoi

Caint agus Craic’ gach maidin Dé Sathairn óna 11r.n-12n, sa chaife ‘Suas’ i gCarraig Donn, agus gach oíche Déardaoin 8-9i.n sa Templegate Hotel, Baile Inse. Bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí agus Gaeil atá ar cuairt i gcontae an Chláir.


‘Comhrá agus Craic’ gach oíche Dé Luain óna 7-8.3i.n sa chaife ‘Bake My Day’, Eurospar, Ard Mhaca. Fóirsteanach do gach leibhéal. Tuilleadh eolais: www.cairdeteo.com


‘Cór Loch Lao’ gach Déardaoin óna 7-9i.n sa Chultúrlann, Béal Feirste. Bíonn an cór ag cleachtadh faoi stiúir Dhoimnic Mhic Giolla Bhríde go seachtainiúil agus fáiltítear i gcónaí roimh bhaill nua. Deis iontach atá sa chór bualadh le daoine nua, amhráin Ghaeilge a thabhairt leat agus muinín a chothú mar amhránaí. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie.


‘Oíche Ghaelach’ le Cumann Gaelach Ollscoil Mhaigh Nuad, oíche Dé Máirt, Tigh Uí Bhrádaigh i lár bhaile Mhaigh Nuad. Reáchtálfar an oíche Ghaelach gach seachtain le linn an téarma ollscoile i gcomhar leis an Chumann Ceol Traidisiúnta. Tuilleadh Eolais: gaeilge@nuimsu.com