IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Baile an Salsa


Cúige Chonnacht


Mise-subho-agus-macco-960x658DRÁMA: ‘Mise, Subhó agus Maccó’, le Biddy Jenkinson a léiriú ag Aisteoirí An Lab, Dé Sathairn 6 Nollaig, 8.00in, Taibhdhearc na Gaillimhe

Caitear súil ghéar sa dráma seo ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine gan dídean.

Scéal tragóideach é faoi thriúr a mhaireann ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath agus a thugann ábhar machnaimh don lucht féachana. Má thugann féin, tá sé fite fuaite le greann agus éadroime in áiteanna.

I réimse na samhlaíochta agus na miotaseolaíochta atá an t-aon éalú atá ag na bochtáin seo ón gcruatan agus ón mbochtanas.

Léiríodh an dráma in Amharclann An Lab sa Daingean i gCorca Dhuibhne ag tús na bliana agus bhí sé le feiceáil i rith an tsamhraidh de bharr an éilimh a bhí air, rud a léiríonn a fheabhas atá mar dhráma. Cead isteach: €12/€10.50

Tuilleadh Eolais: www.antaibhdhearc.com

DRÁMA: ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’, a léiriú ag Aisteoirí an Spidéil, 8.00in, i gColáiste Chonnacht, Tír an Fhia, Conamara, Gaillimh

Leagan Gaeilge le Mícheál Ó Conghaile den dráma ‘The Kings of Kilburn High Road’.

Díríonn an dráma ar sheisear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain i lár na seachtóidí. Castar cúigear acu lena chéile arís cúig bliana fichead ina dhiaidh sin ag sochraid an séú duine agus is léir go bhfuil cosán éagsúil saoil tugtha air féin ag chuile dhuine acu idir an dá linn.

Trí ghreann agus tragóid, tugann an dráma cumhachtach seo léargas ar scéal na deoraíochta agus ar an athrú a tháinig ar shaol daoine a thug aghaidh ar an mbád bán. Tuilleadh eolais: Pauline Nic Con Aonaigh: 0879583354 nó Máire Ní Neachtain: 086 2732279

SCANNÁN: ‘Jimmy Hall’ le Ken Loach, Dé hAoine 5 Nollaig, 7.00in, Harbour Hotel Galway, cathair na Gaillimhe

Beidh Cumann Liam & Tom Ó Flaithearta ag taispeáint scannán faoi shaol Jimmy Gralton, fear ó Liatroim a raibh iomrá an Chumannachais air in aimsir De Valera agus a díbríodh ón tír dá bharr sin sna 1930í.

Sula dtaispeánfar an scannán, cuirfidh Declan Bree, a d’eagraigh Scoil Samhraidh Gralton ar feadh na mblianta, píosa cainte i láthair faoi shaol Jimmy Gralton. Tuilleadh eolais: Seosamh Ó Cuaig: ocuaig@hotmail.com nó 087-2194247

SCANNÁN: ‘We are the best’, Déardaoin 11 Nollaig, 8.15in, Seanscoil Sailearna, Gaillimh

Scéal faoi thriúr cailíní óga atá sa scannán seo atá lonnaithe i Stócólm na 1980í.

Socraíonn siad banna ceoil punc a bhunú cé nach bhfuil beirt acu in ann ceol a chasadh agus in ainneoin go bhfuil ré an phunc-cheoil féin thart.

Is ceiliúradh an scannán seo, atá bunaithe ar úrscéal grafach, ar neamhspleáchas na hóige agus orthu siúd a chuireann cosa i taca d’fhonn a bheith fíor dóibh féin.

Cead isteach €8/€7 in aghaidh na scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr.

https://www.facebook.com/ClubScannanhttps://clubscannan.ie/

Margadh na NollaigMARGADH NA NOLLAG: ‘Aonach na Nollag’, Dé Luain 8 Nollag – Dé Sathairn 12 Nollaig, 9.30rn-3.30in Ollmhargadh Londis, Bóthar Thuama, Baile Átha an Rí, Gaillimh

Beidh leabhair, cluichí agus go leor táirgí Gaeilge eile á ndíol in Áth an Rí an tseachtain seo, aonach a mbeidh aíonna iomráiteacha Joe Connolly, Iarchaptaen na Gaillimhe ann, Dé Máirt 9 Nollaig, agus Ré Ó Laighléis, mórscríbhneoir na Gaeilge ann, Dé hAoine 12 Nollaig.

SEOLADH LEABHAIR: ‘An Gabhar a raibh an-ocras go deo air’ le Máire Ní Chualáin agus Natasha Rimingtin, foilsithe ag Futa Fata, Dé Sathairn 6 Nollaig, 6.30in, Leabharlann na Ceathrún Rua, Conamara

Léifidh Máire Ní Chualáin cuid den leabhair agus beidh ceoltóirí ó Tigh Kitt ag casadh poirt. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Futa Fata’ ar Facebook.


Cúige Uladh


TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’, Dé hAoine 5 Nollaig, 9.30in, Beár an Iarnróid le Bothán, Sráid Mhuineacháin, An tIúr, Co. an Dúin

Oíche chuideachta, áit a mbailíonn cainteoirí Gaeilge le chéile. Saor in Aisce. Tuilleadh eolais: 028 30313258/077 3873 8965 nó mici.walsh@newryandmourne.gov.uk

Ealaíontóirí Oileán ThoraíTAISPEÁNTAS: ‘Ealaíontóirí Oileán Thoraí’, Na Ballaí Bána, a thaispeáint go dtí an 7 Eanáir, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste

Ó bhí na 1950ídí ann, tá cónaí ar phobal beag rafar ealaíontóirí in Oileán Thoraí.

Tá a ghailearaí féin ag an oileán sa lá atá inniu ann agus tá clú mór ar an stíl sho-aitheanta ealaíne as Toraigh.

Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh thaispeántas grúpa as Oileán Thoraí, a áiríonn an Rí Patsy Dan Mac Ruairí, mar chuid de cheiliúradh Fhleadh Feirste.

Beidh seisiún ceoil thraidisiúnta i ndiaidh oscailt an taispeántais. Fáilte roimh cheoltóir ar bith! Ar taispeáint i nDánlann na mBallaí Bána go dtí Eanáir 2015.

Fíon agus sólaistí ar fáil.

Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/

SIÚLÓID TREORAITHE: ‘Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín’ ag déanamh siúlóide chuig Droichead Mháire i dTulaigh Mhór, Dé Sathairn, an 6 Nollaig, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin

Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain.

Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House.

Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.


Cúige Mumhan


FÉILE: ‘Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin’, Dé hAoine 6 Nollaig – Dé Domhnaigh 7 Nollaig, i gCúil Aodha / Baile Mhúirne, Co. Chorcaí

Féile trí lá, lán de cheol, d’amhránaíocht, de rince agus de spraoi a dhéanann comóradh ar shaol agus ar shaothar Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, amhránaí agus iriseoir, a fuair bás go hanabaí mí na Nollag 1991.

Nell Ní Chróinín
Neil Ní Chróinín

AOINE na hÉIGSE: I measc na mbuaicphointí Dé hAoine tá ‘Oscailt Oifigiúil’ in Áras Éamon leis an bhfeisire Liadh Ní Riada agus buaiteoir ‘Chorn Uí Riada’ Neil Ní Chróinín; ‘Banna Flúit Loch Uí Bhogaigh’ faoi stiúir Chonail Uí Ghráda agus Hammy Hamilton; ‘Ceiliúradh ar Oireachtas 2014’ a mbeidh idir sheanamhráin agus amhráin nuachumtha, lúibíní, agallaimh beirte agus ceol curtha i láthair ag rannpháirtithe Oireachtas na bliana seo. Beidh ‘Seisiún ceoil’ sa Mhuileann, le Conal Ó Gráda óna 10in ar aghaidh.

SATHARN na hÉIGSE: I measc na mbuaicphointí Dé Sathairn tá ‘Seisiúin na nÓg’, 1-2in Ostán Ghobnatán; Cur i láthair faoi theideal ‘Amhráin Thraidisiúnta Chúige Uladh’ le Len Graham, Róisín White agus Rosie Stewart, 2-3in, (Cead isteach €5.00); ‘Ceol, Spórt agus Cibeal sa Mhusaem’ le Doireann Glackin, a clann agusa cairde, 3.30i.n (Cead isteach €5.00); ‘Ceolchoirm na hÉigse’ le Damien O’Reilly, Michelle, Louise agus Mick Mulcahy, Paul McGrattan, Gay agus Conor McKeon, Mick Mulkerrin, Len Graham le Róisín White agus Rosie Stewart, Jack Talty, John Kelly, Eamon McGivney, Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé le Cór Chúil Aodha, 8.i.n, in Áras Éamon Mac Suibhne, Cúil Aodha, (Cead isteach €20); ‘Club na Féile’, ‘Ceol agus Ragairne’, 11in, sa Mhusaem; ‘Cruinniú na nAmhránaithe’ le hEilís Ní Shuilleabháin mar bhean a’ tí, 11in, sa Mhuileann agus ‘Seisiún Ceoil’, 11in, Ostán Ghobnatan.

CEARDLANNA CEOIL: ‘Ceardlanna an Éigse’, Dé Sathairn 6 Nollaig, 10rn-12n,Ionad Cultúrtha agus Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Ire, Gaeltacht Muscraí

Michelle Mulcahy - Éigse
Michelle Mulcahy

Ceardlanna amhranaíochta agus ceoil le mórcheoltóirí na linne seo: Gay McKeon ar na píobaí uilleann; Kevin Glackin ar an veidhlín; Michelle Mulcahy ar an chruit; Jack Talty ar an chonsairtín; Damien O’Reilly ar an bhosca ceoil; Paul McGrattan ar an fheadóg mhór; Rince ar an Sean-Nós & Rince Seit le Mick Mulkerrin, Bailéidí le Seán Ó Sé (Amhráin Ghaeilge & Bhéarla).

Tá na ranganna seo dírithe ar scileanna breise a mhúineadh do dhaoine atá ag foghlaim cheana féin. Níl siad dírithe ar thosaitheoirí. Costas €20.

Tuilleadh eolais: https://www.eigse.ie/

DOMHNACH na hÉIGSE:

I measc na mbuaicphointí Dé Domhnaigh tá ‘Aonach na Nollag’, 12n, in Áras Éamon Mac Suibhne; ‘Ócáid Chomórtha ‘Bess’ Chróinín’ agus ceolchoirm lena gariníonacha ‘Na Cróinínigh’, a bheidh in éineacht le Gay Mc Keown sa seipeáil i Reilig Ghobnatan; ‘Amhránathon’, amhránaíocht gan stad chun airgid a bhailiú do Scéim Aisling Gheal, fáilte roimh amhránaithe, 1-4in, sa Mhusaem; ‘Barr a’Chuma’, seisiún amhránaíochta fé stiúir Eibhlís Uí Thuama; seisiúin ceoil le ‘Jimmy agus a Chairde’, in Óstán Ghobnatan.

CÉILÍ: ‘Céilí na Nollag’, Dé hAoine 6 Nollaig, 9i.n, Club Chruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh

Uimhir a haon ar liosta de scoth na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor, tá ag éirí leis an chéilí seo na sluaite a tharraingt amach ar an urlár damhsa.

Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon.

Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh.

Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Céilí by the Lee’ ar Facebook.


Cúige Laighean


SEOLADH BEOIR NUA: Seolfar beoir nua ‘The Piper’ leis an ‘Four Provinces Brewing Co’, Dé hAoine 5 Nollaig, 8.in, sa Cobblestone, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath

Beidh an grúdaire agus an píobaire Feargal Chambers agus a chomhghrúdaire Andrew Murphy ag seoladh an bheora, a bheidh ar fáil sa Cobblestone amháin le linn mhí na Nollag sula mbeidh sé á dhíol in áiteanna eile sa bhliain úr.

Bí ag súil le ceol, craic agus beoir úr den scoth. Tuilleadh eolais: twitter ar @fourprovinces nó cuardaigh ‘Launch of the Piper’ ar Facebook.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Ciorcal Ceardaíochta’, Dé Sathairn 6 Nollaig, 10r.n-12n, Leabharlann Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Idir chniotáil agus chróiseáil, tá fáilte roimh an uile cheardaí. Déantar smaointe agus leideanna a roinnt le chéile agus pléitear gach saghas ruda faoin spéir.

Tuilleadh eolais:

https://www.southdublinlibraries.ie/

SEOLADH LEABHAIR: Seolfar ‘Comharthaí’ le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac, Dé Luain 8 Nollaig, 7.00i.n, Le Cave, Sráid Anna Theas, Baile Átha Cliath

Scéal suite sna blianta 2008-09 in Éirinn, i bPáras agus sa Tuirc dírithe ar théama na géillsineachta agus na saoirse intinne é Na Comharthaí, saothar a phléann lena dtarlaíonn nuair is í an tsaoirse a roghnaíonn duine dó féin agus nuair is é an géilleadh sin a ardaíonn sa saol é.

An Dr. Méibhín Ní Úrdail a sheolfaidh an t-úrscéal nua seo le Darach Ó Scolaí. Cuirfear sólaistí bia agus fíona ar fáil.

TAISPEÁNTAS: ‘Béaloideas Co.an Chabháin’, le healaíontóirí áitiúla Jackie O’Neill agus Michelle Harton, Ionad na Múinteoirí, Main Street, Co. an Chabháin

Scéalta béaloidis a bailíodh ó dhaoine ar fud an Chabháin a bhí mar ábhar inspioráide ag an taispeántas seo.

An nádúr, síscéalta, carachtair neamhghnácha, dathanna agus patrúin na príomhthéamaí sa taispeántas.

Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘ The Hollow Art Exhibition’ ar Facebook.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’, Dé hAoine 5 Nollaig, 9.00in, in Áras Chrónáin Ionad Cultúir, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath

Ar nós mar a dhéanfaí i gciorcal comhrá Gaeilge, tabharfar seans duit anseo scéal a insint, amhrán a rá nó giota filíochta a aithris.

Tuilleadh eolais:

https://www.araschronain.ie/

AONACH NA NOLLAIG: ‘AONACH CEIRDE’, Dé Domhnaigh 7 Nollaig, 12-5.30i.n, Áras Chrónáin, Baile Átha Cliath

Bronntanais lámhdhéanta Gaeilge, bréagáin agus bia den scoth á ndíol ag Aonach na Nollag, in Áras Chrónáin Dé Domhnaigh.

Tuilleadh eolais: www.araschronain.ie


Ar fud na tíre


SCÉAL ÓN MÓL THUAIDH: Tá ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’ ag glacadh le litreacha do Shantaí ó pháistí Gaeltachta. Ba mhaith le ‘Fear na Féasóige’ dá dtabharfadh Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh dó na litreacha uilig ó ghasúir Ghaeltachta a chruinniú le chéile agus a chur chuige, ionas go mbeidh sé in ann iad go léir a fhreagairt i nGaeilge.

Ní gá do na gasúir, mar sin, ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo: Litir chuig Santaí, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé Céadaoin 10 Nollaig.

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin.

An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’.

Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú.

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin.

Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824 le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.

SEOLADH ALBAIM AGUS CEOLCHOIRM: An chéad albam ‘Tribu’ a seoladh ag ‘Baile an Salsa’, Dé hAoine 5 Nollaig, 8.00in, sa Harbour Bar, Bré, Cill Mhantáin agus Dé Sathairn 6 Nollaig, 8.00in, Monroes Live, Gaillimh

Grúpa de dheichniúr ceoltóirí ó chuile cearn den tír atá sa ghrúpa seo, a mheascann ceol traidisiúnta le ceol latino agus a thagann ar fhuaim rithimiúil bhríomhar a chuirfidh an corp agus na cosa ag bogadaí.

Tuilleadh eolais: Cuardaigh Baile an Salsa ar Facebook