Ibrahim Halawa agus Pat Hickey – cad is fiú pas Éireannach thar sáile?

Is údar náire é gur cuma le hAire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo cás Ibrahim Halawa agus cás Pat Hickey

Ibrahim Halawa agus Pat Hickey – cad is fiú pas Éireannach thar sáile?

Is cosúil nach fiú mórán an pas Éireannach nuair a théann tú thar sáile.

Más duine mór le rá i gcúrsaí spóirt thú, a chuir olc ar pholaiteoirí is státseirbhísigh araon, amhail Pat Hickey, ní chuirfidh sé as don Aire Gnóthaí Eachtracha má dhéantar leatrom ort ar feadh roinnt seachtainí.

Agus más déagóir de bhunadh Éigipteach thú, ar nós Ibrahim Halawa, is féidir leat trí bliana a chaitheamh i bpríosún ag fanacht le triail toisc nach féidir leis an Aire ‘cur isteach ar phróiseas cúirte na hÉigipte’.

Tá Pat Hickey go mór sa nuacht faoi láthair, agus tá roinnt mhaith daoine ar buile toisc nach ndéantar an raic chéanna faoi chás Halawa.  Ach i ndáiríre tá an prionsabal céanna i gceist sa dá chás: tá saoránaigh de chuid na tíre seo i dteideal go gcaithfí go cuí leo thar lear, go mbeadh éisteacht chúirte gan mhoill ann, is go ndéanfadh an rialtas s’againne gach dícheall le saoránaigh na tíre seo a chosaint.

I gcás Ibrahim Halawa, is scannal náireach é a laghad a bhfuil déanta ag an Aire Charlie Flanagan i dtaobh a cháis, go háirithe nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an gcaoi gur thug rialtas na hAstráile faoi chás Peter Greste, iriseoir a gabhadh san Éigipt ach a ligeadh saor de bharr dianfheachtas rialtas na hAstráile.

Ní raibh aon leisce ar an rialtas sin cur isteach ar chóras cúirte na hÉigipte nuair a bhain an scéal le saoránach dá gcuid.

I gcás Halawa, bhí sé faoi bhun 18 bliain nuair a gabhadh é ag léirsiú i gCaireo, ach is tábhachtaí don rialtas seasamh le comhghuaillí an Iarthair, Uachtarán Sisi na hÉigipte, ná ceart shaoránach na tíre seo a chosaint.

Maidir le Pat Hickey, níl a fhios agam an raibh aon bhaint aige le ticéid do na cluichí Oilimpeacha a dhíol nó nach raibh. Go deimhin níl a fhios agam an raibh na ticéid sin á ndíol ar chor ar bith, mar is léir nach raibh aon éileamh ar thicéid i bhfianaise nár díoladh ach 67% de na ticéid ar fad.

Agus an oiread sin ticéad ar fáil go héasca, bheadh sé beagáinín amaideach níos mó ná an praghas ceadaithe a íoc.

Ach tá a fhios agam gur labhair Pat Hickey amach go láidir i gcoinne bac iomlán a chur ar lúthchleasaithe na Rúise ag na Cluichí Oilimpeacha, mar a bhí á iarraidh ag eagraíochtaí spóirt na Stát Aontaithe. Agus tá a fhios agam gur chuir an seasamh sin olc ar na heagraíochtaí céanna.

Ní féidir liom a chruthú go bhfuil aon bhaint ag an scéal sin leis an scéal seo, ach ní fhaca muid aon fhianaise go fóill a cheanglaíonn Hickey, ná duine ar bith eile, le rud ar bith mídhleathach.

Níor chuir sé sin, ámh, aon stad leis an duartan cáinte ar Hickey.  Is léir go gcreideann a lán daoine, sna meáin agus ar na meáin shóisialta, gur duine d’uaisle na tíre seo é, ar nós na ndaoine sin a dhein go maith as an bpolaitíocht, as comhlachtaí carthanachta, as saol an ghnó, agus eile.

Is cuma an ann nó as don fhianaise, tá a lán den tuairim go bhfuil boc mór le rá gafa agus is cuma leo.

Níl aithne agam ar Pat Hickey, ach tá sé de chlú air gur duine sotalach go maith é. Níl a fhios agam an pionós ceart ar a leithéid é a chur sa bpríosún gan aon chúis chinnte ina choinne.  Ach is cosúil nach bhfuil an t-ómós céanna do na huaisle ag lucht cáinte Pat Hickey is atá ag Hickey féin.

Is ar éigean go dtabharfaidh Pat Hickey breis is trí bliana i ngéibheann mar atá tugtha ag Halawa bocht, ach is údar náire fós é gur cuma le hAire Ghnóthaí Eachtracha na tíre seo, Charlie Flanagan, a chás ná cás Ibrahim, nó, is dócha, cás ar bith eile nach n-oireann do pholasaí an stáit seasamh leis an Iarthar i gcónaí.

Agus téann an chomparáid seo go croí na ceiste. Níor chóir tabhairt faoi shaoránaigh na hÉireann sa tslí ar tugadh faoi Hickey nó Halawa, má tá féinmheas ar bith againn.

Cinnte, má tá amhras ann faoin gcaoi a gcaitear airgead poiblí is cóir é sin a iniúchadh. Táimid go léir tuirseach den chaoi a bhfuil an chosúlacht ann go bhfuil dlí amháin ann do na huaisle agus dlí eile don chuid eile againn.

Agus má tá Hickey ciontach as aon rud, tá go maith, cuirtear pionós air.

Ach má chuirtear i leith duine as Éirinn thar lear go bhfuil dlí sáraithe aige, is cóir go gcuirfí an fhianaise ar fáil.  Ní leor a rá gur fhreastail Halawa ar an léirsiú ná ní leor a rá go raibh teagmháil ríomhphoist idir Hickey agus comhlacht ticéad atá faoi iniúchadh. 

Ná ní leor glacadh le ráitis phóilíní na Brasaíle nó na hÉigipte mar chruthúnas go bhfuil duine ciontach.

Agus ní leor ach an oiread go mbíonn iriseoirí anois ag clamhsán faoin easpa spéise a léiríodh i gcás Paul Murphy nó lucht agóide uisce eile, nuair nach raibh gíog as na hiriseoirí céanna nuair a tharla na heachtraí sin.

B’fhéidir go mbeadh sé níos ciallmhaire dúinn breathnú ar mhionsonraí an scéil sula gcuireann muid fáilte roimh easpa gníomhaíochta an Aire.

Fág freagra ar 'Ibrahim Halawa agus Pat Hickey – cad is fiú pas Éireannach thar sáile?'

  • Patricia

    Nílim de bharúil gur ceart Ibrahim & Pat a chur I gcomparáid lena chéile. Is fear a chuaigh go léirsiú é Ibrahim agus cuireadh I bpriosúin é I dtír neamhdhaonlathach dá bharr. Caithfear an rialtas dul I ngleic lena chás go práinneach. B’fhéidir go bhfuil lucht na Brasaíle beag mall agus ag ullmhú cás cúirte do Phádraig, ach ní chaithfidh an stát cur isteach sa phróiséas sin. De ghnáth bíonn an próiséas fada I gceist. Tá fianaise ann go raibh sé páirteach I gcoireacht an bhóna bháin I dtír eile. Caithfidh an fear seasamh ar a chosa féin pé phas atá aige.

  • Seán Ó Floinn

    Bhí Ibrahim san Éigipt ag léirsiú chun tacú le is an mBráithreachas Ioslámach, eagraíocht antoisceach atá i gcoinnne an daonlathais agus ar son Sharia agus a bhíonn ag déanamh géarleanúna ar na Coptaigh san Éigipt. Ar ndóigh sílim gur cheart triail cheart a bheith ag Ibrahim ach ba cheart duit cúlra Ibrahim a thabhairt ionas nach gceapfar gur aingeal é ar cheart dúinn a bheith bródúil as. Caithfidh gur thuig sé go raibh baol mór ann dó a bheith ag glacadh páirte i léirsiú ar son an Bhráithreachais nuair is eagraíocht mhí-dhleathach a bhí ann ar feadh i bhfad san Éigipt agus nuair a bhí cúrsaí polaitiúla chomh míshocair sin san am a ndeachaigh sé thall.