Iarratais ar chomórtas á lorg ó bhlagadóirí Gaeilge

Tá rannóg ar leith ann do bhlaganna Gaeilge ag Gradam Blaganna na hÉireann

cup-mug-desk-office

iarratais ó bhlagadóirí Gaeilge á lorg ag Gradam Blaganna na hÉireann do chomórtas na bliana seo. Tá rannóg ar leith ann do bhlaganna Gaeilge agus tá lucht eagraithe an chomórtais ag súil go gcuirfidh gach duine a bhíonn ag scríobh i nGaeilge ar líne go rialta isteach ar an duais.

mór do 90% den ábhar ar bhlaganna a chuirfí isteach ar an duais don Bhlag Gaeilge is Fearr a bheith i nGaeilge, agus dá bhrí sin ní ghlacfar le blaganna dátheangacha a mbíonn cuid mhaith ábhair i dteanga eile orthu sa rannóg seo.

Anuas ar riail na Gaeilge don rannóg Ghaeilge, ní mór do bhlaganna a bheadh istigh ar an duais cloí le gnáthrialacha iontrála Ghradam Blaganna na hÉireann. Ní féidir suíomh idirlín nach blag é, .i. iris atá ag feidhmiú ar bhonn tráchtála, a chur isteach air, agus caithfidh an blágálaí a bheith lonnaithe in Éirinn agus os cionn 18 bliain d’aois. Beidh cead speisialta ag blagálaithe Gaeilge atá lonnaithe thar lear cur isteach ar an gcomórtas. 

23 rannóg eile ann i mbliana freisin agus tá cead ag gach blag a bheith san iomaíocht i ndá rannóg ar a mhéid. Is féidir leis an mblagálaí féin cur isteach ar an gcomórtas nó is féidir le léitheoir dá chuid an blag a ainmniú do rannóg. Rachaidh blaganna a chuireann an blagálaí féin isteach ar aghaidh caol díreach chuig babhta na moltóirí ach déanfar measúnú ar bhlaganna a ainmneofar sula mbainfidh siad an chéim sin den chomórtas amach.

Glacfar le hiarratais ar na rannóga éagsúla, saor in aisce, go dtí an 4 Iúil (Dé Luain). Tosófar ar an moltóireacht i ndiaidh an dáta sin agus fógrófar an liosta fada ainmnithe ag deireadh na míosa seo. Tá lucht eagraithe an chomórtais sa tóir freisin ar mholtóirí do rannóga éagsúla freisin, rannóg na Gaeilge ina measc agus is féidir cur isteach ar ról móltóireachta ar shuíomh na nGradam freisin.

“Táimid ag bronnadh na duaise seo, An Blag Gaeilge is Fearr, le hocht mbliana anuas agus táimid ag iarraidh tuilleadh blágálaithe Gaeilge a mhealladh chuig an gcomórtas i mbliana. Tá tábhacht ar leith leis blaganna as Gaeilge agus ba mhaith linn an t-aitheantas cuí a thabhairt dóibh siúd atá ag saothrú ar mhaith lenár dteanga luachmhar a choinneáil os comhair an phobail sa ré dhigiteach,” a dúirt urlabhraí de chuid Ghradam Blaganna na hÉireann.

Fág freagra ar 'Iarratais ar chomórtas á lorg ó bhlagadóirí Gaeilge'