Iarracht oifigiúil déanta chun a chinntiú nach n-atoghfaí Gerry Adams

D’admhaigh státseirbhíseach sinsearach in Oifig Thuaisceart Éireann (NIO) go ndéanfadh a Oifig oiread agus ab fhéidir chun a chinntiú go dtoghfaí an Dr. Joe Hendron ón SDLP in áit Gerry Adams in 1987

Iarracht oifigiúil déanta chun a chinntiú nach n-atoghfaí Gerry Adams

Is léir ó cháipéisí stáit na bliana 1987 go raibh iarrachtaí oifigiúla ar bun ag státseirbhís an Tuaiscirt chun a chinntiú nach n-atoghfaí ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams.

D’admhaigh státseirbhíseach sinsearach in Oifig Thuaisceart Éireann (NIO) go neamh-leithscéalach d’ionadaí de chuid na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach go ndéanfadh a Oifig oiread agus ab fhéidir chun a chinntiú go dtoghfaí an Dr. Joe Hendron ón SDLP in áit Gerry Adams i dtoghchán na bliana 1987.

Toghadh Adams mar Fheisire Parlaiminte d’Iarthar Bhéal Feirste don chéad uair i 1983 ach bhí John McConnell ó Rannóg na Polaitíochta in Oifig Thuaisceart Éireann go láidir den tuairim go bhféadfadh a shuíochán a bheith i mbaol i 1987.

Dúirt sé go ndéanfadh an NIO gach rud a d’fhéadfaidís lena chinntiú go dtoghfaí Hendron ina áit:

“They have had several meetings with him and will try to put as many ‘goodies’ his way as they can.”

Bhí amhras ar an NIO faoi chumas polaitíochta Hendron agus b’fhearr leo i bhfad dá mbeadh duine éigin ar nós Brian Feeney ag seasamh don SDLP ina áit:

“They specifically hoped that Hendron and the local SDLP would keep in contact with the police so as to sort out difficulties on the ground as they arise,” arsa McConnell. “Far better to have the benefit go to Hendron than to the local clergy.”

Mar a tharlaíonn sé bhuaigh Adams an suíochán agus b’éigean don Dr Hendron fanacht go 1992 le hé a bhaint de.

Ar ócáid eile i 1987 thug Fo-Rúnaí na Rúnaíochta Angla-Éireannaí, Ronnie Spence, le fios ag cruinniú rúnda faisnéise leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh sé buartha dá leanfaí ag dúnmharú póilíní agus oifigeach príosúin go bhféadfadh sé “tip the scales in terms of sectarian passion and might even precipitate a civil war”. Ba státseirhbíseach sinsearach é Spence san NIO agus mheas sé go raibh Páirtí Aontachtach Uladh “in more disarray than ever” agus go bhféadfadh go dtitfeadh sé as a chéile. Dúirt sé go raibh cuma fhíor-thuirseach ar a gceannaire, James Molyneaux, agus go raibh smacht caillte aige ar bhaill shinsearacha dá pháirtí, ar nós John Taylor agus Robert McCartney. Mheas sé go raibh ceannaireacht Molyneaux i mbaol agus gur dócha gurb é an tUrramach Martin Smyth a thiocfadh i gcomharbacht air ach gur lú smacht a bheadh aigesean ar lucht an easaontaithe. Go luath tar éis an chruinnithe seo le Spence caitheadh McCartney amach as an OUP. Mhair Molyneaux mar cheannaire go dtí 1995.

Fág freagra ar 'Iarracht oifigiúil déanta chun a chinntiú nach n-atoghfaí Gerry Adams'